firstLine"; ?>

1095. Idir gach obair sgriobhas $
Length: short 14qq (?unfinished)
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Historical
Manuscripts:
  1. Bruss.Bib.roy. 6131-33 Bk O’D’s dau.17c
  2. RIA 4 (24/P/27) late 17th cent.
  3. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
  4. RIA 727 (23/C/33)M.OgOLongain 1810-
  5. RIA 564 (23/N/26)E.O’Reilly 1815-18
Prints:
  1. transl. O Raghallaigh, ERMB, 130
Motifs:
  1. description of armour and weapons
  2. umhla, submission
  3. citation of earlier text
  4. Heraldry
Poet Christian Names:
  1. Eoghan Ruadh (Bk O’Donnell’s dau.)
  2. Flann [?mac Lonain] (RIA4 &M13)
Poet Surnames:
  1. cname only (F. Mainisdrech insert RIA 4)
  2. Mac an Bhaird
Apologue Subclasses:
  1. Patrick gives shield & crozier to Conall
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Idir gach obair sgríobhas


[Ó Raghallaigh, Tomás: Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird, Galway, 1930, poem 10]


ARMUS UI DHOMHNAILL


1 Idir gach obair sgríobhas

an manach O Salíonus

d’fheartaibh Pádruig cionn a gcionn

a leacht-mhuigh fhádbhuig Eirionn.


2 San ochtmhadh Caibidil ceart

ar thríochad ’s céad go coimbeachd,

dá bhféachthar ní as fhaide an t-eol

do ghéabhthar aige a n-aibeor.


3 Pádruig ag beannach Banbha

tarla a n-ionadh agallmha

’san chrobhang-shlat go réim raith,

Conallmhac Néill, an naomh-fhlaith.


4 Dár fhiosruidh an t-érlamh dhe

ar dtuigsin chruais a chreidmhe

beirt mhanchumhail nar luinn leis,

’s druim ré a armchuluidh n-áitheis.


5 Ar son an Dé reacae rum

om uile chroidhe ar Conull;

ar láimh bhar dtoile mo thoil

Leis gach n-oire as ail d’iomchor.


6 Flaith mar Chonull mór mac Néill

d’fhagháil go n-umhlacht bhfíréin,

an fáidh ba fíorshuilbhir de,

príomhfuilngidh cáidh an chreidmhe.


7 Dá bhfuair ar aba a umhla

don chur-sa mar chomhurdha,

ua ra Chuinn nár thréith a dtroid,

sgéith is buachuill o Bhádroig.


8 An sgíath ar aba a oirbheirt

re hucht n-aosa uabhoirneirt

is sa fachann dár thuill toil

’san bhachall ar chuing gcrábhoidh.


9 “Biaidh bhar n-earradh flatha féin

gníomh curadh, croidhe fíréin”

ar an fáth libhsi” imale

ad bhláth Irsi agus uaisle.


10 Geinfidhear uait iomad naomh

bhus oirdheirc in ghach éantaobh

a los bhfaghanta ar chlaoi a gcorp,

ar aoi a ndaghshompla, ar dhiadhocht.


11 Comhartha na croiche iarso

do bhean le bachuill n-Iosa

ar sgéith rodhamhna bhfear bhFáil

ceadh acht comhardha conáigh?


12 “Gach aon iomchoras dod’ chloinn

an sighin gcéadna, a Chonuill,

fágmuid gan a chládh a gcath,”

ar Pádruig, an fádh feartach.


13 Ag síol gConuill lámh do láimh

atá an comhurdha conáigh

’na armus ón uairsi ale

labhras d’uaisle na haicme.


14 Ar gheall an fáidh feasach linn,

do réir sgéal gacha sgríbhinn,

crobhuing ar ar chóir sgríobhadh,

do ibh Conuill co coimhlíonadh.