firstLine"; ?>

1096. Imir do chluiche a Chormaic $
Length: middling 16qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA1076(24/P/33) L.Cl.Aodha B. 1680
Prints:
  1. text LCAB no. xv
Motifs:
  1. envoi to wife: Maire ingh. Chuinn oig
  2. imagery for patron
  3. War with English
  4. English conquest of Ireland
  5. Board games, gambling
Poet Christian Names:
  1. Diarmaid (RIA 1076)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Cormac
Patron Surnames:
  1. [O Neill] d. 1707
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Imir do chluiche, a Chormaic


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 15]


Diarmuid Mac an Bhaird .cc.


1 Imir do chluiche, a Chormaic,

imir é go ro-ordhruic,

do dhá dhísle caith go ceart;

is maith dísle na ndeighbheart.


2 Ághmhur h’imirt i mbliadhna

cóir dhaoibh do réir roiriaghla

an fhailimbeirt do dhíol duit

ód dhaighimbeirt fhíor ordhruic.


3 Dlighidh a dhíol do dhruim cheirt

gibé bhérus an imbeirt;

bheith da díol is daoibh dleaghair,

a ghríobh gaoil do Ghaoidhealaibh.


4 D’fhoirinn chalaidh chláir Bhanbha

gonuid fhoirinn allmhurdha,

fada i ndán, acht go dtí asteagh,

clár Dha Thí do thileadh.


5 T’fhoireann Gaoidhil glanchláir Breagh

is Fionnghoill ghlana Gaoidheal,

fir le caoir chagaidh do chosg,

agaibh red thaoibh gud theagosg.


6 An cluiche le cert bprionnsa

as eadh imreas t’fhoirionnsa,

gan ghrádh aimhlis gan fholta,

gan ghrádh saidhbhris saoghalta.


7 Gidh maith imrid gasraidh gall,

bhur gcluiche araon ní hionann;

ní chluiche gan deacra dhuibh,

bhur gcluiche is berta baoghuil.


8 Imeora da nguin i ngleic

luas is moille go meinic;

imridh cách gan cheilt linne

beirt ar fáth is fírinne.


9 Cluiche teaca a lom ma le

sdailc i ndiaidh dhá bheann beire

ar ghuin fhir ar tí tachair

do ní sibh da sárachadh.


10 Gidh mór imrid an úaisle

ribh ní fhuilid ionchuainsi;

duit bhus fíorghoire clú i gcath,

budh tú as líonmhuire lámhach.


11 Buaidh lámhaigh gach lá oraibh,

a chearrbhaigh shaoir shénamhail

na sruithe leibh dhá labhairt;

beir an cluiche i gcontabhairt.


12 Ar cearrbhach : i dtráth troide

ná hob i n-ágh aonmhoide;

sé do gheabh eighreacht orthuibh

fear deighbhert is deaghorchuir.


13 Dúblaigh an cluiche ar do chlár;

deuna brígh bheg do mhórán;

bíodh do chroidhe súas mur soin

le cluiche lúais is lámhaigh.


14 Ná caillsi do chluiche a mheic,

ná himbeir é go haimhghlic;

bhur gcluiche ní cluiche ar moill

acht cluiche dhuine dhioghuinn.


15 Ná bíthisi tim nó teann;

ná bísi ard nó íseall;

och bhur dtírsi as tír ghallda,

bísi go mín macánta.


16 Cearrbhach cúl coimheuda an fhir

inghion Chuinn óig daríribh,

sí Máire thaoibhgheal mur thuinn,

aoinbhean dob áilne aguinn.