Poem in printable PDF format
A Mhuireadhaigh,
meil do sgín
[Thomas F.
O’Rahilly: Measgra Dánta II, poem 69]
Cathal
Croibhdhearg agus Muireadhach Albanach mar aon, iar ndul san
bráithribh dóibh, cc.
1 “A
Mhuireadhaigh, meil do sgín
go mbearram inn
don airdRígh;
tabhram go milis
ar móid
’s ar dhá dtrilis
don Tríonnóid.
2 Bearrfa mise do
Mhuire
(an breath-sa is
breath orchraidhe);
do Mhuire bearr
an barr-sa,
a dhuine seang
súlmhall-sa.
3 Annamh leat, a
leaca ghlan,
sgian tar do
bharr dod bhearradh;
fá mionca ríoghan
bhinn bhog
ag cíoradh a cinn
chugad.
4 Gach re n-uair
do fhoilcthí dhúinn
is d’Ó Bhriain an
bhairr chladhúir,
is do fhoilcinn
uair oile
re stuaigh
bhfoiltfhinn Bhóraimhe.
5 Do-nínn
comhshnámh is ua Chais
ar linntibh fuara
Forghais;
ar dteacht i dtír
lais ón linn
do-nínn is ua
Chais coimhling.
6 An dá sgín-se
leath ar leath
do rad dúinn
Donnchadh Cairbreach,
níor bh’fhearr dá
sgín do sgeanaibh;
bearr go mín, a
Mhuireadhaigh.”
7 “Meil do
chloidheamh, a Chathail
chosnas Banbha
mbraonsgathaigh;
ní chuala gan
fhachain t’fheirg,
a Chathail
chuanna Chroibhdheirg.
8 Díon ar fhuacht
’s ar ainteas inn,
a inghean uasal
Iaichim;
déana ar
gcoimhéad san tír the,
a roighéag mhín,
a Mhuire.”