firstLine"; ?>

1103. Innis rod a Raith Oiligh (al. Innis sin a Raith...) $
Length: long 42qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Francis. A25 B. MagNiallghuis 1610-28
  2. RIA 13 (24/L/36) P. MacOghannain 1685
  3. NLI G18 Conch.Og OCruadhlaoich 1721
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 28
Motifs:
  1. dialogue poem
  2. comparison of patron with own kin
  3. patron’s wealth
  4. fertility in reign of true king ?
  5. spend & defend, Caitheamh & cosnamh
  6. Dindshenchas
  7. historical allusion
  8. house
  9. landscape
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (RIA 131)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Seaan mac Feilime (d. 1556)
Patron Surnames:
  1. O Dochartaigh d. 1582
Apologue Subclasses:
  1. Successive invasions of Ireland
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Innis ród, a Ráith Oiligh


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 28]


1 Innis ród, a Ráith Oiligh,

m­ór ní is éigin d’fhiarfoighidh

díot, a threabh fhódarsaidh fhionn,

fa óggasraidh fhear nÉirionn.


2 Fionnam uait, innis dúinne,

a ráith arsaidh fhódnúidhe,

lucht gabhála Bhanbha Breagh,

faghla is gabhála Gaoidheal.


3 Do-ghéabhthair uaim, éistior rum,

gach ní is a fhios fhoil agam,

dá nochtadh ca ham is fhearr?

anall ó dhortadh díleann.


4 Atáid leamsa, ceann i gceann,

sé gabhála i ndiaidh díleann,

fan gclár bhfuairfhliuch dtonnbhán dtais,

do ghobhlán uaingiuch eólais.


5 Tocht Phárthalóin ó ghurt Ghréag -

agam is fhearr a gcoimhéad -

is Meic Neimhi­dh go Fiadh bhFáil

is trian deiridh an domhnáin.


6 Cionnus do bhí tú ar tosaigh,

a ráith aoibhinn anbhfosaidh,

ar dteacht Phárthaláin Phuirt Bhreagh,

do ghnáthghabháil Ghuirt Ghaoidheal?


7 Do bhí mé ag iomchur m’anshóidh

san tírse ar dteacht Phárthalóin,

gan lios mbán, gan chloidhe gclach,

acht lán do dhoire dharach.


8 Créad é an riocht i raibhe sibh

i gcomhfhlaitheas Clann Neimhidh­?

sloinn dúinn, ar gclaochládh dot chruth,

a mhúir na n-aolchlár n-amlach.


9 Do bhádhus im’ mhín mhuighe,

gan fhoithre, gan fhiodhbhuidhe,

slios mo bhánfhuinn ghreaghaigh gloin

’na thealaigh áluinn aonuigh.


10 Níor fágbhadh fréamh i dtalmhain

dom fhiodhbhaidh chlaoin chorrabhlaigh -

beag teacht mo shaorchoille ó shin -

le neart naomhChloinne Neimhidh.


11 Ca fad do bhí sibh mar soin,

i ndíoth tighe nó teaghlaigh,

id leirg bhláith ghnéanuaidhe ghil,

a Ráith fhéaruaine Oiligh?


12­ Go Crích bhFódla na bhfeadh gcorr

go ­táinig Tuath Dé Danonn,

do bhádhus, mar nár bhean rom,

gan teagh, gan árus ionnam.


13 Cia an chéiddream, an cumhain libh,

do Thuaith Dé na ndealbh bhfaoilidh,

a thuir na mbláthtamhan mbog,

do chuir átaghadh ionnad­?


14 Clann Chearmada m­óir Mhirbhéal,

onchoin na n-arm bhfrithirghéar,

gasraidh éadrocht ó Bhóinn Bhreagh,

céadlucht do-chóidh im’ chaidreabh.


1­5 Dom tholchaibh bláithe boga

do thréigsead clann Chearmoda -

athardha cathair don chloinn -

Cathair chathardha Chrooinn.


16 I gcionn treimhse ar dtocht im’ dháil,

beanaid Meic Míleadh Easbáin,

gan roinn do tharbha troda,

B­anbha do chloinn Chearmoda.


17 Ón ló­soin gusan ló aniogh

atáid ríoghraidh Mhac Míliodh,

sluagh bosghlan na mbéimeann dtrom,

ag cosnamh Éireann ionnam.


18 Ní raibh sinn ó sin i le

gan airdrígh d’éis a chéile,

nó cóigeadhach do ghabh geall

tar magh n-óigealach nÉireann.


19 Do ghabh asum Teagh Dá Thí

cúigear ar fhichid airdrí,

do Chloinn ghuaisbheithrigh réidh Róigh,

céim le n-uaislighthir m’onóir.


20 Rioghthar uaim dá aithle sin

sé rígh fhichead d’éis creidimh,

d’fhuil chaomhChonaill, do chrú Néill,

cnú as gach aonchrobhaing iaidsé­in.


21 Eidir shaorchlannaibh shíol Néill

do bhínn ar uairibh ainnséin,

im’ mhagh ... shlaitleabhair shliom,

im’ aith­Teamhair fhear nÉirionn.


22 Ós uait fríoth gach iúl eile,

ó­ thús go hearr aimsire,

a ráith na mbeann dtaobhdhonn dtais,

ca haondrong is fhearr fhuarais?


23 Macraidh shídhe an fhuinn Ultaigh,

sí­ol bhFiamhain, fuil Dochartaigh,

is í an dream naoidhe anallain,

daoine is fhearr dá n-uaramair.


24 Ríoghradh shleachta Fiamhain féin,

a thuir chuirr na gclár mínréidh,

cia haca le mbearthar barr,

na slata ó ... Fréamhann?


25­ Dá meas go bráth dá mbiadh sinn,

is sé Seaán mhac Féilim,

ruisg thirmréidhe ón tana muir,

ragha finnfhréimhe Fiamhain.


­26 Ó Dochartaigh Dhúin Oiligh -

créad dob áil dá fhiarfoighidh -

gnúis taoibhneambán go ngné ghil,

m’aoinleannán é ina aimsir.


­27 Fuil Fiamhain giodh iad is fhearr

d’fholaibh uaisle na hÉireann,

mar bhíd réaltana um ré lán,

a n-éantogha is sé Seaán.


28 Aige is mó atá do thoicibh,

é is mó tug do thiodhlaicibh;

’na thoirbheartaibh ní théid tráigh

ó ghéig oirbheartaigh Iomgháin.


29 Ní dóigh buain re breith a ghill -

teisd oinigh oighre Fhéilim;

mar bhíos magh thíos fa thulaigh

bhíos gach bladh ’na bharamhail.


30 Ar mhéid turchortha a thíre,

ar fheabhas a airdríghe,

ní beitte d’fhior iongnadh ann,

ciodh nách diongnadh a ndéanann.


31 Parthas Éireann is ainm dhi,

an eang thíre atá aige;

níor shill súil oirear budh fhearr -

úir a moigheadh ’sa maoileann.


32 Ó Fhánaid fa n-iadhann muir

go Loch bhfionnshrothach bhFeabhail,

ó Mhálainn go mín Bearta,

t­ír álainn is oirdhearca.


33 Tír ina teirce tonna,

tír is airde iothlanna,

tír ainglidhe na sreabh seang,

tír thairngire fhear nÉireann.


34 M­aith atá sí ina suidhe,

idir fhairrge is fhiodhbhuidhe;

tr­áicht mhíne ós mhoighibh leabhra,

oirir shídhe shoineamhla.


35 Sléibhte míne a measg a feadh,

cnuic corra ar cúl na sléibhteadh;

fiodh collbhuidhe fan gclár bhfionn,

fál tonnmhuire ’na thimchioll.


36 Maith atá an tírsi na ...,

fearr an té ’ga dtá a horláimh,

mairg do-chí ar éineing d’Ultaibh

rí ar Éirinn nárbh iomarcaidh.


37 Dá madh leis ceannas Chláir Bhreagh,

do choiseónadh ’sdo chaithfeadh;

rath do bhrígh caithmhe más cáir,

do rígh Faithne ní foláir.


38 Dá mbreathnoighthe a mbí ’na thoigh,

dá measda méad a theaghlaigh,

ní barr budh ionmhaoidhimh air,

barr d’iolmhaoinibh ní haghair.


39 A fhir mhaoidheas méad a bhfuil

ag airdrígh fhola Fiamhuin,

ná maoidh é ar flaithbhile Fáil,

caithmhighe é ’ná a fhaghbháil.


40 Teach Oiligh, m­ás fhíor dá lán,

muna theagmhadh sé ag Seaán,

níor theach d’aoinneach i nUltaibh

teach daoineach Í Dhochartaigh.


41 Lu­cht cuartaighthe chlár mBanbha

fa seach is é a n-urlabhra,

i gcraoibhlios na gceathra mbeann

do-geabhtha aoibhnios Éireann.


42 Múr Teamhrach re fearaibh Fáil

ón ló­ do ghabh geis Ruadháin -

atáid ríoghradh Chríche Cuinn

san mhíonbhrugh shíthe shéaghuinn.