firstLine"; ?>

1106. Ioc sa mBoraimhe ag cloinn Chuinn $
Length: long c.37qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. marriage wp
Manuscripts:
  1. TCD 1318(H.2.16) pseudo-YBL 15th c.
  2. RIA 1076 (24/P/33) L.Cl.Aodha B. 1680
Prints:
  1. transl. McKenna AiD no. 18
Motifs:
  1. imagery for patrons
  2. qualities of patrons’ characters
  3. nobility of ancestry
  4. comparison of patrons with all others
  5. comparison of patron with own kin
  6. liberality to poets?
  7. legal terminology (earuic)
Poet Christian Names:
  1. Tuathal (‘YBL’)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Aodh Buidhe II &
  2. Fionnghuala d.1493
Patron Surnames:
  1. Ni Chonchobhair
  2. O Neill d. 1444 &
Apologue Subclasses:
  1. The Boramha: death of dau.s of Tuathal T.
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Íoc sa mBóraimhe ag cloinn Chuinn


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 18]


Tuathal Ó hUiginn cct


1 Íoc sa mbóraimhe ag cloinn Chuinn

a-tá mar tugadh romhuinn;

do ghabh síol gCuinn mar chomha

síodh do bhuing sa mbóromha.


2 Dá n-innisear ní hiul cam

dá gach fhios dá ríoth romham

láimh re cion na ríogh roimhe

ciodh fa mbíodh an bhóroimhe.


3 Dá inghin - is aithnidh dhamh -

rugadh do Thuathal Teachtmhar;

fa séan imreasna más fhíor

sgéal na n-ingheansa an airdríogh.


4 D’fheis le hinghin aca sin

téid an rí fa rí ar Laighnibh;

táinig bás na deise dhi

an fheisse nír chás coimse.


5 Tugadh a rogha dhíbh dhó;

dar leis féin - fa fáth iarghnó -

an díogha thánaig ’n-a theagh

an cháraid mhíolla maighdean.


6 Siur na mná - fa mana uilc -

a-rís a rogha tochmhuirc;

béad nach hí thug ar tosaigh

an tí rug an roghosain.


7 Nar bheo an bhean do bhí gun fhior

is é do ráidh rí Laighean;

ceilis an siair fa sine,

beiris ’n-a diaidh Dairfhine.


8 Éag do náire do-ní sin

an inghean dar ainm Fidhir;

do-chuaidh a siur ar a son

mar fuair iul ar a hadhbhor.


9 D’oighidh na mban leath ar leath

tángas re treise Laighneach;

créidhim im bhás an dá bhan

d’fhás ar Éirinn nírbh iongnadh.


10 Rí Éireann - anba an comha -

díbh gur bhean an bhóromha

do leath ar Laighnibh a líon;

do ba breath aingidh airdríogh.


11 Le hAodh Ó Néill do badh náir

gan é nó a éaruic d’fhagháil

ar bhean díobh an chlainnsin Chuinn

i n-aimsir na ríogh romhuinn.


12 Muna fhaghbhadh Aodh Buidhe

uatha íoc na bóruimhe

ní thibhreadh grás is an ngníomh

bás dá inghean an airdríogh.


13 Fuair gan uille gan easbhaidh

éaraic an dá ingheansain;

do-righneadh síodh ar a son,

’s ní hinghean díobh do díoladh.


14 Éinbhean is íoc ionnta sin

do gabhadh leis ó Laighnibh;

an síoth nochar aomh uadha

le hAodh go bhfríoth Fionnghuala.


15 Do thuig féin a feabhas soin

d’íoc i n-inghionaibh Tuathoil;

nír shir sé acht an bheansa a-bháin

gér phearsa é dá fhagháil.


16 Ní hé nach fuighbheadh an fear

a chomhtha ó chúigeadh Laighean

mun budh mó an riar fa raibhe

dó do bhiadh an bhóraimhe.


17 Síoth Laighean is Leithe Cuinn

’n-ar fhás d’aimhréidhibh eadruinn

do-ní an lacha ó linn Muaidhe

is rinn chatha Craobhruaidhe.


18 Maith a séan d’fheis le ar-oile

Fionnghuala is flaith Bóroimhe;

Éire as a n-oineach is fearr

dá shoidheach fhéile Éireann.


19 Is meadh chomhthrom dá chéile

mac Briain is a bhainchéile

tríd nach claon meadh don dá mheidh

fear mar Aodh i n-a haigheidh.


20 Mar théid - ní teisd nach ceannchair -

nós Aodha tar Éireannchaibh,

cur mná tairse nach tualaing

a-tá d’aidhbhse ar Fhionnghualainn.


21 Ós a gcionn dá gcuirthe an bhean

ní mímheas ar mhnáibh Laighean;

dá ndeachadh se tarsa troigh

ní masla é le hUltaibh.


22 Na mic ríoghsa cloinne Cuinn

lerbh áil a gcur ’n-a chonchloinn

téid sé ar méid tar a modhaibh

a dtéid ré tar réaltonaibh.


23 Ó aois leinibh - lór do bhladh -

tig tríthe méin a máthar;

suil do loigh sí i n-iomdhaidh fhir

do bhí re n-iodhnaibh einigh.


24 Lucht a chaithmhe nír chubhaidh

ar cíos chúigidh Chonchobhair;

freagra a fhéile ar-aon madh áil

Éire ag Aodh ní budh fhoráil.


25 Ní fhreagair ríghe dá méad

eineach inghine Mairgréag;

an innisse na dtrí dtonn

sí dá cridheise is cumhong.


26 A thonn meanman sa mhéid mhóir

fuair Aodh [a oiread] d’onóir;

an cridhe ’s a mhéid mheadhóin

téid tar fhine Éireamhóin.


27 Gur gabhadh ionad aige

i gcroidhe na cáraide

ní fhuil soidheach as dhíol dó

ag oineach na ríogh rompo.


28 Tig tre ealaidh Inse an Laoigh

tonn einigh ó fhuil Chathaoir,

cuisle um nach toirinn an tonn

’n-a fuilse ó Oilill Ólam.


29 Niall Glúndubh - glan an mianach -

Niall Caille is Niall Naoighiallach,

fuair an rí d’fhéile is d’eangnamh

tréidhe na dtrí dtighearnadh.


30 Fréamh uimpe ní haithnidh dhamh

acht fuil airdríogh ná iarladh;

ní hiongnadh is truime a tuair

go dtiobhradh uirre an anbhuain.


31 Dá leana Aodh is é an ceart

an chuid eile don oidhreacht

fuair féile na ríogh roimhe

síol an réime ríoghroidhe.


32 Ní léir dóibh an díoghbháil chruidh

Aodh is inghean an Chalbhuigh;

eire a n-oinigh leath ar leath

le croidhibh eile is aidhbhseach.


33 Tobar féile ag foghail shéad

tig innte ó eineach Mairgréag;

sa mnaoi nír thráigh an tobar,

do-cháidh faoi dá fothrogadh.


Note that the next three qts are identical to pm1565a qts 3-5


34 Iomdha ceard ina cosmhail

Aodh is an Brian Ballachsain;

cuing nar iomchair a athair

iomchraidh ó Chuinn chéadchathaigh.


35 Géag do choillidh Chathaoir Mhóir

doirtis an cnuas an chéadóir,

bean gan taom mion meanma,

craobh a fiodh na fíneamhna.


36 Rí don fhuil uasail fhíre

a-tá ag tuar na hairdríghe;

fíon gan deasga is eadh a fhuil,

díol as cneasda ar teagh Tuathuil.


37 Gan gheall na deise do dhul

d’Úna is d’Fhéilimidh Reachtmhar

an bhean fhuil ag Aodh Buidhe

’s an chraobh ar Muigh Mucruimhe. Íoc.