firstLine"; ?>

1107. Iocadh Criosd cumaoin a Mhathar $
Length: long 35qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 1235 (C/ii/2) 15th -16th cent.
  2. TCD 1340 (H.3.19) 16th-17th cent.
Prints:
  1. text DiD no. 30;
  2. transl. Ir. Monthly 58, 467
Motifs:
  1. Envoi to another saint(Archangel Michael)
  2. imagery for soul (endangered ship)
  3. Role of BVM in man’s salvation
  4. Christ’s Crucifixion
  5. Sin and penitence
  6. Seven Deadly Sins
  7. legal terminology
  8. Biblical allusions
Patron Christian Names:
  1. BVM
Patron Surnames:
  1. saint
Poem:

Poem in printable PDF format

Íocadh Críost cumaoin a mháthar


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 30]


1 Íocadh Críost cumaoin a mháthar

mór re a dhíol a ndearna sí;

an chíoch asa teann ar dtagra

gearr ó fríoth re hagra hí.


2 Measfaidh cumaoin cích a mháthar,

measadh sain a n-uair dá ulc;

naoi míosa do bhí ’n-a bruinne

Íosa ní as uille ’n-a hucht.


3 A beith n-a hóigh d’éis a toircis

fa tualaing saor na sé gclann;

teacht i gclí d’oidhre na hóighe

do bhí coimhdhe a hóighe ann.


4 Tar éis ar fhear d’fhuil an chridhe

cneadh an taoibh fa tobar díosg;

go rug an bás céim ’n-a choinne

a ghrás féin fa choille ar Críosd.


5 Ní dhiongna Dia an dícheall céadna

do chloinn Éabha - is adhbhar sgís;

tús an dubhaidh a-tá ag teachta

gan lá turaidh reampa a-rís.


6 Cia nach daor ó na deich n-aithnibh

uan Muire dá maithe an pháis;

a dtéid liom go lá na deaghla

a-tá im chionn ar bearna an bháis.


7 An mac do mhéaduigh a huaisle

óighe a mháthar nír mhill sé;

a glún dá heidhir do b’iomdhadh

gur dhún gheimhil diomdhadh Dé.


8 Do cheannaigh - fa cunnradh sochair -

síoth a dalta ar a deoir ndeirg

go bhfuair féin croidhe dar gcoimhéad

Moire ag béin fhoighéag dá fheirg.


9 Mar fuair an lot do Long-ínus

grása Dé re ndul fan lia

ní as tinne ná mo lucht leasa

do-rinne an t-ucht deas-sa ar Dia.


10 A-tá ag an óigh iúl na sligheadh

dá seachna an Coimdhe cur linn;

grása ar seathar seol an arthraigh

eathar i mbeol anfaidh inn.


11 Guin an chló do-chuaidh ’n-a throighidh,

trom re híoc i n-aice ar ngníomh;

ní hurra an chlí ris na ceanaibh

is cuma dhí a ndleaghair díom.


12 A adhbhar d’iomchar na croiche

i gcoinne an bháis do bhí ag drud;

do bhí teas na ngrás ’ga gharadh

bás don treas tamhan go dtug.


13 Dá mbeinn saor ó na seacht bpeacthaibh

páis an mheic do mhaithfeadh sé;

luach an deilge dhó dá ndearnainn

do b’fheirrde cló i ndearnainn Dé.


14 Go dtiocfa mar tháinig roimhe

rádh gach eolaigh - ní hiúl cam;

biaidh dhod sgáth ar na sé sluaghaibh

nach é an tráth as uamhain ann.


15 Mithidh liom leanmhain a éarca

áladh an chroinn do-chuaidh tríbh;

do chionn a mhaithmhe, a Dhé, dham-sa

ní mhaitfe mé an crann-sa id chígh.


16 Gé thugais linn do lá bágha

beag an éaraic iarrfa id ghuin;

ní móide díol th’fhala a huaisle

dá bhfagha síodh uaim-se it fhuil.


17 Do chneadha doimhne, a Dhé Athar,

eidhreacht cáigh do cheannaigh siad;

ceannchaidh crú th’álaidh an uile

’s nír shlánuigh tú uile iad.


18 A-tá ’n-a thosd ar tí ar meallta

móide an baoghal bheith ’n-a fhail;

nochar an tu-sa ar an talamh

an usa dhamh anadh air?


19 Do mháthair nír mhaol a cumha

an cíoch gonta gur ghabh táth

gur bh’uisge ionnlaidh dhí a deora;

do bhí ar th’iomdhaidh teora thráth.


20 Do chaoin an ógh d’fhuil a croidhe

cneadh an bhuinn do bhí fan chló;

ní i n-aisgidh do bhí ga bosaibh

t’fhaigsin, a rí, id chosair chró.


21 Eigean dúinn déanamh ’n-a éagmhais

gidh é an cruinne carthar linn;

a-tám a-moigh feadh na fáilte

goir go teagh na sláinte sinn.


22 Do ghabh Muire Magh-da-léana

leat, a Dhé - gár dheacra ar gclódh?

dar leat do budh usa mh’fheacadh

do fheac tu-sa ón pheacadh Phól.


23 Gér mhó martra meic na hóighe

is ionráidh re hearla nocht;

“bás do bhráthar duid gér dhoiligh

cuid máthar dá oighidh ort.”


24 Ceilt an mheic i measg a námhad

do-ní an ógh fa híseal sdair;

do b’eagail lé teachta thairsibh

fearta Dé nar fhaillsigh air.


25 Long an anma d’éis a seolta

- seol an arthraigh budh í an pháis -

is baoghlach mo leabaidh luinge;

eagail saobhshruth buinne an bháis.


26 Ní mó ná beo do bhí an ríoghan;

rí an talmhan gér thruime a phian

a ghoin fa martra le Muire;

nír oil dalta roimhe riamh.


27 Do bhí an diomdha ag fadódh fúithe

fearg an mheic gur maoladh lé;

soghuidhe an rí tres an ríoghain

sí ag forfhaire ar dhíoghail nDé.


28 Gin go mbeath liom lá na breithe

buime mhúinte mheic an ríogh

a-tá a grás ’ga char ’n-a chrithribh

nach cás damh a ndlighthir díom.


29 Tig ’n-a luighe ar leic a dalta

i ndiaidh Íosa d’éirghe ón uaigh;

do chreid Moire a theacht ó thalamh;

croidhe ón fheart fhalamh ní uair.


30 Nír fhulaing ar eagla a ghonta

grása Dé do dhul i ndíosg;

mac na hóighe i gclí gur cuireadh

do bhí a hóighe ag cuireadh Críosd.


31 Do chloinn Ádhaimh gidh é as coimhéad

créachta an bhuinn - ní beag an tóir -

is í a pháis do chách bhus conair

áth an bháis madh domhain dóibh.


32 A fhir nach adaimh a cheana,

ceilt an uilc ní headh budh dú

- féach an corp a-tá ’n-a thaisibh -

th’olc an lá do thaisigh tú.


33 A hosnaidh re hucht na croiche

cneadh a mheic fa móide a nimh;

fuair do mhartra is í ’n-a fhochair

dí nar dhalta sochair sin.


34 Do íoc ar gcuid do chion Eabha

oidhre Dé do dhiúl a cíoch;

nús a bhuime a-tá ’ga thairmeasg

ruinn-ne an lá as aimhleasg a fhíoch. Íoc.


35 A Mhíchíl, a mhaoir an Dúilimh,

díol mo cheana ná cuir díot;

ó taoi ar mo sgáth id sgiath dhaingean

is tráth m’fhiach, a aingeal, d’íoc. Íoc.