firstLine"; ?>

1108. Iomchuir th’athtuirrse a Aodh Ruaidh $
Length: long 45qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult (1587-92)
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. RIA 2 (23/F/16) O Gara MS (first line only
  3. RIA 5 (23/D/4) 17th cent. Munster
  4. RIA 4 (24/P/27) late 17th cent.
  5. RIA 1387 (23/O/78) Uill.R. McCoitir 1723
Prints:
  1. text Breatnach, Ir.Hist.Stud., 25, 205 & Eng.Sum
Motifs:
  1. English conquest of Ireland
  2. possibility of cooperation with the English
  3. inauguration (rioghaidh)
  4. imprisonment
  5. king’s officers? (aos gradha = friends)
  6. cios, cain, tribute
  7. education/fosterage
  8. horses
  9. Sea-voyage
  10. dogs
Poet Christian Names:
  1. Maolmhuire mac Con Uladh (BOCD, RIA4
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh Ruadh mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Apologue Subclasses:
  1. German Emperor’s son chained by subjec
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Iomchair h’athtuirrse, a Aodh Ruaidh


[P. A. Breatnach, ‘An address to Aodh Ruadh Ó Domhnaill in captivity, 1590’, Irish historical studies 25 (1986-7) 198-213]


Maolmhuire mac Con Uladh Meic an Bhaird


1 Iomchair th’atuirse, a Aodh Ruaidh,

ceannsaigh t’inntinn fat anbhuain,

tug, a mheic, foighide it ulc;

dheit ní goiride guasacht.


2 Cuir ar an aoinDia th’fheithimh,

ataigh Críost do chéidneithibh;

déana dimbríogh dá dtéid tort,

léig bhar n-imshníomh ar ábhacht.


3 Do fhéadfadh Dia do dhealbh neamh -

sguir dod bhrón, ardaigh h’aigneadh -

do theacht saor, a ghlacshaoir ghil;

a Aodh, ná hacaoin t’éigin.


4 Tig saoirse i ndiaidh na docra;

féach féin, fulaing th’anshocra;

beith fa mhaothchroidhe an miadh dhuit,

a ghrian chaomhthoighe Cormaic?


5 Fulaing bhós bheith mar ’táthair

go dtille an tonn iombáthaidh,

a dhídin imill Éireann,

id chimidh i gcruaidhghéibheann.


6 Ní tú aoinneach riamh reamhaibh

d’uaislibh inse Muireadhaigh

do bhí ar láimh ghlanshluaighidh Ghall

re dáil n-anbhuainigh d’fhulang.


7 Timcheall cheannais críche Fáil

beid Goill go deireadh ndomhnáin,

ráith bheinnleabhar na mbrat sean,

ag geimhleaghadh mhac Míleadh.


8 Ríoghradh Ghall, Gaoidhil Bhanbha

riamh go fóill ag feasabhra -

clár soiléir na síodhghort bhfionn -

fa ríoghdhacht oiléin Éireann.


9 Níor chaith aoinneach riamh romhaibh

d’aicme Chonaill chomhramhaigh

fiú an orchair in aghaidh Ghoill

tar daghfhuil gconchair Chriomhthainn.


10 Do-chíd cách nár chuiris féin

riamh ar Ghallaibh ghuirt ríghNéill -

fir mhoighe fódghloin na bhFionn -

tar ógbhaidh oile Éireann.


11 Do fhéadais dol, ní deachas -

ná bíodh ort ’na aithreachas -

riamh tar smacht gasraidhe Gall,

a fhalt casbhuidhe cúlcham.


12 Sguir dod thuirse, tréigdo cheas,

meinic riamh nach é a aimhleas

an gníomh budh doirbh le duine;

ná bíodh oirbh ’na eólchaire.


13 Dob éidir gurbh aimhleas daoibh

th’aigneadh ard, t’inntinn mhacaoimh,

a bhrath fir Teamhra Da Thí,

do mheanma libh dá léigthí.


14 An cú nach cuirthear ar éill,

a mheic Aodha, in aois chuiléin,

cúis fhrithir caidreabh na con’

fichidh d’aigneadh is d’uabhar.


15 Gibé long léigthear fa réim

lá anfaidh ar fhud n-aigéin,

feirrde an long leagadh a seóil

suil teagar fa fhonn aineóil.


16 An t-each bhós bheantar don ghroigh

bídh go hanumhal éasgaidh,

a ghruaidh leacghlan ar lí subh,

go mbeantar í as a huabhar.


17 Amhlaidh dhuitse, a dhreach mhíolla;

leas gach ógáin éigcríonna

(cúis do-gheibhthe, a ghruaidh leabhar)

eithre dá uaill d’ísleaghadh.


18 Tarla cúis ren cosmhail sin

roimhe so aimsir éigin,

a choimdhe finntighe Fáil,

d’oighre an impire ón Almáin.


19 Umhlaighthear leó (lór do bhrígh)

ó mhac aithigh go hairdrígh

dá dhreich chabhsaidh óig fháilidh,

gasraidh an fhóid Almáinigh.


20 Níorbh fhada dhó ’na dhiaidh sin

gur leath a ainm ’s a áirimh,

bas mhear go n-uille n-anma,

feadh na cruinne ceathardha.


21 Gabhais meanma ó a n-uair d’áirimh

mac an impir Almáinigh

nár roimhithigh dá ghruaidh gheal;

coimhfhichidh d’uaill is d’aigneadh.


22 A bharr meanma, a mhéad cridhe,

do-conncas d’aos fháisdine

’s do lucht eagna an talmhan toir

gurbh adhbhar eagla is uamhain.


23 Dlúthaighid dáil a gcaingne;

dob í críoch a gcomhairle -

cneas seingleabhar go móid mhir -

geimhleaghadh an óig uaibhrigh.


24 Gluaistear leó líon a fheithmhe;

do-niad cimidh cuibhrighthe,

gér chéadfadhach a ghlac gheal,

don mhac éachtghonach áilghean.


25 Dob iongnadh le a fholt bhfáinneach,

níor thuig an t-óg Almáineach,

dreach thromdha niamhghairthe náir,

domhna an iarnaighthe anbháil.


26 Fiafraighis díobh ’na dhiaidh sin

an macaomh, mac an impir,

fáth a meabhla ar a ghnúis ngil,

nó an ndearna cúis a chuibhrigh.


27 Éistid uile re a ghruaidh ngloin,

níor chuirsead brígh ’na bhriathraibh;

fear ’gá saoilfidhe cosg cáigh -

do bhrosd maoithchridhe an mhacáimh.


28 Ar dteagmháil athaigh d’aimsir

fa mhéin ndubhaigh ndoghailsigh

don ghlainbhile (fa gaoth dáil)

do thraoth ainmhire an ógáin.


29 Teagar dá fhoghlaim ann soin

eagnaidhe foirfe is feallsaimh,

gruaidh thígheal do thiorchan fáidh,

tiomchal an mhíleadh macáimh.


30 Gearr ’na dhiaidh, damhna solaidh

nach faghdaois na feallsamhain

lucht freagra don bhonnbhán bhras;

fa lomnán d’eagna is d’eólas.


31 Gabhais an mac méin dtromdha

ar mbeith feasach foghlamdha,

cneas géigthiogh, gné mar dhoighir,

léigthear é as a iarnaighibh.


32 Ríoghthar ós ríghe a aithreach

an seang niata neamhmaithmheach

do sgar re a dhimbríogh bu-dhéin

an tan fa hinríogh eiséin.


33 Duit innistear do dheóin Dé,

a Aodh Ruaidh, rádh go bhfínné,

do dhamhna níor d’oighre an impir.


34 Budh hionann d’éis do thuirse

do dheóin Chríost rod-chruthaighse,

a bheithir chabhra chnuic Néill

mar tharla dhuit is dóiséin.


35 Ar mhaith riotsa agus riú féin

rugsad Goill do ghnúis soilléir

(sgáth ar gach aoinneach ime)

go hÁth ndaoineach nDuibhlinne,


36 dod mhúnadh i modhaibh ríogh,

d’aithne eidir mhaith is mhíghníomh,

do cheilt fhorlainn is fhaladh,

d’fhoghlaim cheirt, dod cheannsaghadh.


37 Léigfid Goill do ghnúis míolla

go beith d’airrdhibh inríodha,

a lot síth crómhuighe Cuinn,

ós chrích gcnóbhuidhe Conaill.


38 Córaide dhóibh a dhéinimh;

mór gcuire um chlár fhinnÉibhir

lán do thoirse, a bheithir Bhreagh,

ag feithimh oirbhse i n-éigean.


39 Atáid th’éigis is t’ollaimh,

do thaoisigh, do thearmannaigh

i dtalmhaibh nár dhúthchais dáibh

ó dhamhraidh chúlchais Chruacháin.


40 Do lucht altraim, t’aos ghrádha,

do bhrughaidh, do bhannála,

críoch bhraointe shoineamhail sheang,

sgaoilte um oirearaibh Éireann.


41 Atáid fa Bhanbha an bhruaich ghlais

mar ealtain gan éan eólais,

do dhamhaidh, do dhíon catha,

t’adhbhair ríogh is ro-fhlatha.


42 Tír Chonaill na gcolg leónta -

tug tú mar gach taiseónta

an gcrích niamhtha ngéagthruim ngloin

’na héantuinn chliachdha is chogaidh.


43 Ní ghabhaid rádha a rolla

gan léim a gcladh gcomhronna,

na comharsain fá dáigh dáibh,

ar roghasraidh chláir Chruacháin.


44 Ní fhuil rí dá dtá is-tírse,

ní fhuil fhear dá uirísle

d’fhéin shédDaoile, gá dám dhó,

acht lán d’éagaoine is d’iargnó.


45 Tusa fhóirfeas, a Aodh Ruaidh,

méad a n-anshocra, a n-anbhuain,

a n-aimhréidhe ós fhódmhoigh Floinn,

ógbhaidh chlainnfhréimhe Conaill.


46 Tú, a mheic, mhórfas a n-ana,

tú bháidhfeas a mbiodhbhadha,

tú chuirfeas le crú nDálaigh,

tú thuillfeas a dtromchánaidh.


47 Don chrích-se Chonaill Ghulban

tú is tualaing dá dtiomargadh,

oirear uaine na mbeach mbinn,

ar leath uaidhe fá Éirinn.


48 A Aodh mac Aodha, a fholt tais,

dá dtigtheá dod thír dhúthchais

buain ria ní róigh le hUltaibh

’s ní ria a gcóir le Connachtaibh.


50 A ua Mhaghnais mhaicne Cuinn,

a ua Shéamais shíl nDomhnaill,

beanfa an bhroidse dár ndóigh dhíonn,

glóir is fhoigse dom imshníomh.