firstLine"; ?>

1109. Iomdha agra ar Ibh Eathoch $
Length: long 36qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA 626 (3/C/13) O’Curry trscr. BOCD
  2. Francis. A25 Brian MagNiallghuis 1610-
  3. Book of O’Conor Don c. 1631
Motifs:
  1. caithreim
  2. harrying
  3. plundering
  4. War with English
  5. legal terminology
Patron Christian Names:
  1. Aodh (al. Feardorcha)
Patron Surnames:
  1. MagAonghusa fl. 1585
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Iomdha agra ar Íbh Eathach

[Franciscan Library A25, 114]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Iomda agra ar Ibh Eathoch

mór ’na ceann cúis ainbhrethach

nach tarbha tagra di-si

tarrla d’agra uirthi-si.

2 Ibh Eathoch na n-abhall cclaon

mór n-agra da gach éntaobh

ar an bfond síth ttaighúir ttais

ag crich ainiuil is eolais.

3 Crioch Oirghiall ag cuntais chruid

ar Ibh Eathach i nUltoibh

mó a díoth lér hadhnadh innte

crioch na n-adhbadh n-indilte.

4 Ibh Eathach na n-inbhear tte

creach Bheoil Feirsde creach Chuailgne

a ttagra ni tráth dhi-si

cach dá n-agra uirthi-se.

5 Creach Cháirlinne is chuain Doire

creach throm o thír Bhághoine

creach an Fhail ’s da hagra sin

nir dhóigh a ttagra o thosaigh.

6 Creach Lathoirne na learg nglan

airgne troma o aird Uladh

a ccrodh dh’Aodh ag breth bhisigh

nir sháor chreich an Chrúisisigh.

7 Tucc fa dhó ’na dhoire dhíagh

Muineachan ardphort Oirghíall

on dá thoiscc do-chim gan chrodh

’s do loiscc in tír ’na thimcheal.

8 Mag Áonghusa nar ob chath

tucc airgne o Fhearoibh Manach

son choill Ultaigh uair eile

Ultaigh uaidh fa oirbheire.

9 Creach mhor Mhachoire Ghréine [115]

tug leis damhna doinndheire

tucc chreich ón Irid ar-ís

sirid in mbreith do bheirmís.

10 Seachd ccreaca cuntas a ccruidh

sliocht mheic Í Néill a-nalloin

gin gur cuimhneach iad orra

siad gan fhuighleach eattorra.

11 Do marbhthaoi mana tóirrsi

do creachthaoi cuis doghoilsi

faghartoidh gach uair darbh áil

lé sduaigh n-anfholtaigh nIomdhain.

12 Baile hAblae Aird Ghlaisi

do chreach fa cuairt dioghroisi

do ling sliabh Bredh don taobh tiar

is gach raon ar fheadh Oirghíall.

13 Mag Aonghusa nar chlaon chuing

ar ngabáil mhic meic Eachduinn

sliocht an áigh ar arm gach fhir

do bháidh ’s do mharbh a mhuinntir.

14 Mac Seaáin Bhuidhe bert cais

do mharbh fós fatha doláis

ursa ghliadh chaomhshluaigh Chodhail

tiar um craobhrúaidh Chonchabhair.

15 Oirchior on chionn go chéile

go meinic tuar troimdhéire

do creachadh sáoirfher bheann mBreadh

geall na nGaoidheal do-gheibhedh.

16 Mag Aonghusa an t-ésga lán

a nGleann Seisge fuair iomrádh

ann do mhuigh rímhaidhm roimhe

fíorfhailm o mhuigh Maonmaighe.

17 Earr Cháoin ’s an Duibhthrían fa dhó

do chreach Aodh ger fáth íarghnó

earla coirnfhíar nar chreach sgoil

do chreach goirmshliabh in Garbhlaigh (?).

18 Cethre creacha ag cráoibh finne

do-chúala o choill Bhairlinne

7 creach oile o Mhoin Mhoir

do-choidh fam chroide a ccédóir.

19 Do bhean Aodh nar eitigh sgoil

sé creacha do chloinn Bhreasail

’s (do) chuid da ndutaigh uair eile

do dhlutaigh uaidh m’eolcuire.

20 Do cuartaigh Aodh thoir is tiar

Mullach na nArd iath Oirghíall

flaith Líag dom cailg fa a cceantaibh

do (iad) airg iad re hénsechtmain.

21 Leth a chreach ni cumhoin linn

leis do loisgeadh Loch Guilinn

is tug clann Chana gan chrodh

in fhala ann ar n-aghnadh.

22 Carroig in Bhogain bert cais [116]

7 brugh Bhaile Tomáis

an gheg sháor o fhuil Eachaidh

do chuir Aodh fa aoinndeathaigh.

23 Fa dho do chuir asa chrodh

in Baile Núa i n-aird Uladh

do chuir sin mh’aire d’fhínndigh

7 baile in Bháirínigh.

24 Roibeard Dúdál dearbhthar linn

leis do gabadh a ngheibhionn

ar losgadh bhrúaigh a bhaile

brosdadh uaidh ar mh’eolchuire.

25 Ar ri chloinn Raghnoill Bhuidhe

codhnach chloinne Rughraidhe

do-rad maidhm a Muigh an tSuain

dar chuir a ainm an athuair.

26 Creach Chille Cliath don thaobh thoir

creach baoghlach Baile in Tóchair

creach Chnuic Ninne don taobh thiar

do-rinde Aodh ar éinrian.

27 Rath Mhaoilin Baile in Bhaillsigh

do chreach iad a n-énaimsir

luach ar airg ag tochd as-teagh

a n-Aird da Phort na Peireadh.

28 Baile Nua in Tearmuinn tug soin

fa cheó díagh ger dháil bhaoghail

ni bhiodh ris aon ag iomoidh

do bhris Aodh a n-oirionnaigh.

29 Creach o Ghlionn in Bhrach Fhinne

is maidhm chobhlaigh Cháirlinne

mór slógh do chomhronn a ccéin

is Domhnall cron ’na caithreim.

30 Tug a cCuailgne na ccraobh n-úr

maidhm mór ar mhac in bharún

is maidhm an Chláir ar ghasraidh Ghall

ni dóigh d’amhsoibh a fhulang.

31 Mac Seifín fáoid ni feidhm náir

do créchdoigh a cCill Ludháin

do chéile sccol chlair Chobhthoigh

ar ccor áir ar allmharchoibh.

32 Brisiodh an Bhealaigh Chorcra

tug Aodh dob fath umhlachda

ar dhroing d’foir Ghaoidhiol is Ghall

aoinfhear ni coir ’na conchlann.

33 Fa Dhroichiod Átha an fheóir bhuig

tucc Aodh cuairt ’na cuairt fhormoid

blath na (ccraobh) ccleath o Mhuigh Maine

’s do creach soin in sradbhaile.

34 Riomh a n-écht cuntas a ccreach

losccadh a ccruach a ccaithreach

o Thráigh Bhaile go Bóin mBreadh

do-choidh mh’aire da n-áiriomh.x

35 Fear doirche do dhoirteadh fuil [117]

do chuir ar an ccoill Ultoigh

dalta as comhtha as a cceanoibh

oltra mh’orchra d’oileamhoin.

36 A ndearna ’na duthoidh fein

ni bhiú da chur ’na chaithreim

cleath Chró fa bfeacadh gach fiodh

acht gér deacar dhó a dhénamh [leg. dhéiniomh?].