Poem in printable PDF format
Iomdha buaidh ar
chrích Chairbreach
[RIA 3 (23/L/17),
10b]
Diarmaid ma(i)c Taidhg mheic Diarmada Óig Í Dhála[igh]
cecinit
[Deibhidhe, Dán
Díreach]
1 Iomdha buaidh
ar chrích
Chairbreach
úir
na laochru(i)dh lonnairgnech
fód
goirmrennach
da ngiall goil
tar fhiadh
ccoirmbhennach cCobhthoigh.
2 Mór dhíobh nách
éidir
dh’áiremh
iolbhuadha an fhuinn fhorbhfáiligh
clár sliombog
raoinghrenta réidh
d’iomad aoibhnechta
air-séin.
3 Do bhuaidh
righe na rechtchath
[11a]
aibhle a horradh ttoir[...]tach
áille
a rian faoilighe a fledh
daoinighe a fiadh ’s a f(h)oirgnemh.
4 Teirce a sriobh
saidhbhre a hiothlann
loise
a lubhghort nduilleathrom
ualcha a hech fíonmhaire a fonn
líonmhaire a bech
’s a buabhall.
5 Dillighe a
dionn ’s a
fairchedh
sgiamhcha a tracht
’s a torchairthedh
deinmne a hadh
athlaimhe a trebh
rathmhaire a cradh
’s a coilltedh.
6 Ciodh
acht
glóir tes a
troimnéal
earlaimhe a
harm
bhfaobhoirghéar
lí a
hethar seolchaomh
fá sech
srethan a seolchraoch [leg. -bh?] ccoirchech.
7 Foraois oinigh
fhuinn Bhanbha
róimh
an oinigh chathardha
críoch bharcruadh
na mbenn seada
eang
na marcshluagh
mileda.
8 Bladh eile
d’uaisli(bh) an achuidh
fa
hiad cinn a
cothachuidh
d’úir
shídhinnsidh Mhogha
mhir
fírshinnsir fhola hÉimhir.
9 Saorchrú
Eoghuin is Eachuidh
fr[e]ímhsliocht
Fhiachuidh Mhuilleathuin
croinn
ghegthegair choille
cuir
éachtdhregain
chloinne
Cárthuigh.
10 A-tá aoinfher
don fhedhuin
ar leirg a ghlún ngeinealuigh
do
ghabh coing n-oirbhertoigh air
mur
chloinn
ccoinbhleachtoigh
cCárthaigh.
11 Tadhg an Dúna
dreach fhaoiligh
coingidh do chrú sheanGhaoidheal
gég
fá síothghabhluigh sluagh Dor
sduagh ró-s fíortharnguir feallsamh.
12 Fuilngidh
ainbhreithe ollaimh
clódh
díbhfeirge
daorurraidh
sódh
coibhghen coimhlíonadh breth
foirmlíomhadh choirrshledh Chairbreach.
13 Aithbheóghadh
éigsedh molta
díothladh Dhanar
cconghalta
caor
uaithmhéalta aoibhil ghleoidh
luaithréalta fhaoiligh aidheoir.
14
Iomthusa an
oirbhirt aga
oirdhercus ua
Diarmada
ádh
dhréchtmholaidh
fhíréin air
d’fír[fhr]éimh ccédfadhaigh cCárthaigh.
15 Dersgnuighes
an recht roimhe
rob
ionchuir é a
ttarrngoire
congmhus dál
nuaidhrechta
a-niogh
mar chlár ngruaidhshenta
nGaoidheal.
16 An
tír a ttá toisg
anmhór
coimeduigh í ar
echtrannshlógh
ní
théid geall daonnachta d[e] [11b]
a
ccenn chaomhanta a
chríche.
17 Ag mac Taidhg
san tír chorcra
a-tá
deighréim dreganta
san
sgaithghil ghoirmshenta ghloin
aithghin loinnghrema an leogain.
18
Beithir
lonn re luadh
sunna
leoghan aingidh iodhlanda
tárla um chladhfhaighthibh chuan
tte
go
sluagh n-anaithrigh uime.
19 Cuibhrighid an
draig ndoilfe
do-niadh teghdhuis thegoirthe
do
ládh dinnsighthe
edh air
ar fhedh íslighthe
a uabhair.
20 Tig
riogan go rún
bhfáiligh
don
tigh-se ar tí a
friotháilimh
go
mbárr
bhfionnchrom bhfeca
ttroigh
a
ttiomcholl leabtha an leogain.
21 Ód-chí an
leógan echt
eile
egsamhlacht na
hinghine
meisde í a ionmhuine dhi
do-ní
a hionghuire aige.
22 Ód-chlos a
beith san bhruid-si
teguid drong ’na deghuig-si
fá
ben éidigh í ré a n-ucht
’s í
nocharbh éidir
d’furtucht.
23 Measuid sin
ar seilbh a
ngaoisi
ar bfhéachuin na
foraoise
a
tabhairt a gleodh a
gomh
re
leodh radhairc an
ríochon.
24 A ccrích
chodalta an leogain
tógbhuid an úir n-eidtreóroigh
san
grianbhroighin budh
glóir dhi
go
n-iarnoighibh óir
uimpi.
25
Bedhgus an bheithir
arnoigh
ód-chí an inghen egarghloin
re
haghuidh imthechta
uaidh
gabhuidh ilrechta
is anbhuain.
26 Lingeas an
leogan faltach
cuires an crobh díoghaltach
tríthe ag buain na dermhná dhíobh
ní
therna uaidh gan fhairbhriogh.
27
Roinn leatha dia do
dhioghuil
tug
sonn ar an soirbhrioghuin
dal
truagh ar
tinghealladh dhi
imgherradh a gruadh ngairthi.
28 An
leogan an drong
dherbhtha
Tadhg
’s a bhiodhbhadh bheithiordha
ga
sedh dhí an tingheall-so a techt
an
inghen-so is í a oighrecht.
29 Mar do bhuing an bhéisd
chonfuidh
an
mnaoi n-edtrocht
d’allmhurchuibh
sgarus úir
ttonnroighibh
tte
re
foghluighibh mhúir Mheidhbhe.
30 Tadhg Mhag
Carthuigh colg
drithlioch [12a]
coimhdhes an fial foirmshlighthech
ar fheidhm ngleoidh
ngéirennuigh
mhir
’s a
cceimennuibh eóil
einigh.
31 Síodha re
flathaibh fromhtha
fraochdha re droing ndanardha
sging
fhorbhfaoiligh rob áil air
re
comhdhaoinibh chlair Chobhthaigh.
32 Ní shir gleo
ní ghabh éara
ní
adhuin ní éimdhegha
d’iomdha cliar is
edóigh air
ní
iarr
eagcóir ní
iomchair.
33 Giolla meallta
ar armluadh
draig
is daingne ar
Dhanarshluagh
na
cédairghe do
char sin
tal
is éadaingne ar
éigsibh.
34 Mír chruaidhe
cherdcha goile
dregan Dúna Maonmhoighe
doirsi an oirbhirt
do osguil
toimhsi an toirbhirt tharrosduir.
35 Caor
dhergruathar na diomdhadh
díbhfergach fhonn
n-oirerghlan
súdh
beódhachta an
cridhe ór chin
righe
gleodhachta an
ghaisgidh.
36 Fuarán ionnailte érlamh
grian
siorchora soighnéalghal
craobh nuainealta chnobhláith chuir
órshnáith fuaighealta an engnuimh.
37 Cuisle
fhírbhetha fhili[o]dh
colg
ciorrbhuighthe ainbhfini[o]dh
cerd
oirghrenta ilcheall sin(n)
timcheall ghlóirshleachta Gaoidhil.
38 Onchú
cuarduighthe
catha
cóimhleabthach chlann ríoghfhlatha
fremh
fhoirmfhesa
aithrech sen
taithmhech coirmleasa caibhghen.
Iomdha...