Poem in printable PDF format
Iomdha éagnach ag
Éirinn
[McKenna, L.:
Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem
53]
Ar Éirinn
1 Iomdha éagnach
ag Éirinn
[ní] as nach
[airigh] éin-chréidhim
gan neart mná
balbh nó bodhar
a tá marbh gan
mhothoghadh.
2 Iomdha cúis
maoithe ag mnaoi Chuinn
ní mhairfe ag
méad a leath-truim
críoch
sgath-bharr-ghlan na dtreabh dte
bean dá
hath-mharbhadh Éire.
3 Codhladh le
fuaim a fola
do ní bean
Bhriain Bhóromha
ar ndul dí i
gcrothaibh cumhadh
ní mhothuigh sí a
sárughadh.
4 Is truagh
Bhanbha an bhean iodhan
gach éin-fhear dá
héignioghadh
[gár] bheag a
béad-daoire dhí
gan chead
éag-caoine aice.
5 Gan truagh ag
duine ar domhan
don mhnaoi-se dá
masloghadh
gan ghean ag
daonnaidhe dhí
bean gach
aon-duine Éire.
6 Meas méirdrighe
ar mhnaoi Chobhthaigh
a-tá ag gach aon
d’allmhurchaibh
bean bhogamh dá
déinimh dhí
gan obadh
éin-fhir aice.
7 Comh-luath
chuice le rúin-neimh
Sagsnaigh
Breathnaigh [Burgúinnigh]
’s na
[Barbaraigh] gidh beart chuil
Albanaigh feacht
is Franncaigh.
8 Truagh mar do
thréig a náire
an bhean nar
chleacht [corp-tháidhe]
Éire gan chleith
re [corbadh]
dá céile ag
breith basdar[dadh].
9 Gidh bé clann
admhas Éire
ní beag do bharr
toibhéime
a léidmhighe a
ngairm ’s a [ngoil]
’s ainm
méirdrighe ar a máthair.
10 Danair ag
[éad] re ’r oile
ag milleadh mná
Laoghaire
bean Laoghaire dá
lot de
ní loc aon-duine
uaithe.
11 Éagnaighthe re
Dia a dochar
mar tá sí ar n-a
sárochadh
mórdhacht a
huaill[-fhear] narbh fhionn
gur truaill[eadh]
[óghdhacht] Éireann.
12 Fuair sí a
cáineadh ’s a caithimh
ar iasacht ag
an-fhlaithibh
[tug] an bhean
bhanamhail bhocht
seal
d[’anfhalaibh] ar iasacht.
13 Dob iongna dhí
dul go holc
lógh na naomh
bean na mbeannacht
fríoth don mhnaoi
[riamh a rogha]
[fa gnaoi] do
Bhrian Bóromha.
14 Críoch Bhanbha
an bhean ba ghloine
bean phósda
Bhriain Bhóroimhe
diombágh druim re
n-a rathaibh
[ag leannán
Chuinn] Chéad-chathaigh.
15 [Iomdha
éagcaoine] oile
ag mnaoi
[ionmhuin] Úghoine
ní mharann mo
nuar a neart
’s is truagh nach
[aghann] [éisdeacht].
16 Barr [cumgha]
reacht gan riaghail
nós nuaidhe gach
éin-bhliadhain
ag so an bhoil do
bhaoi uirthe
go bhfoil na
mnaoi [meathl]uighthe.
17 A fir mhórdha
ag mnáibh gallda
a mná saidhbhre
saor-chlannda
ag díogha gléire
na nGall
Éire dá [díobha]
anbhfann.
18 A seabhaic a
heich ’s a hór
a hard-choin
ionnsa a claochlódh
bean Néill gidh
bé darab bean
ní lé féin acht a
bhfuidheal.
19 [Feadhbh ón
fada] furtocht í
baintreabhach
bhocht ar neimhní
do dhall re
hathaidh ise
clann gan athair
aici-se.
20 Mo thruaighe a
Thríonóid neartmhar
breith [feadhbha]
ó [dhíon] díleachtadh
tré ainchridhe a
ngníomh go ngoimh
i ndíol aithrighe
[a n-u]abhair.
21 [Mná ó do
chuirsead] cúl rom-sa
[a] siúr [anadh]
agamsa
a Mhuire dá mhéad
[ar] locht
féag ar do dhuine
ó dhuthracht. IOMDHA ÉAGNACH