firstLine"; ?>

1114. Iomdha fath ag feirg an Choimdheadh $
Length: middling 29qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Elsewhere (Louvain ?)
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Bk of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. text DiD no. 31
Motifs:
  1. envoi to BVM & St Peter
  2. imagery for Christ
  3. God as Creator
  4. role of BVM
  5. kinship with Christ
  6. crucifixion
  7. Biblical allusions
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Apologue Subclasses:
  1. Adam and Eve
  2. Cain & Abel
  3. Noah’s drunkenness
  4. Fall of Lucifer
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Iomdha fáth ag feirg an Choimdheadh


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 31]


Fearghal Óg Mac an Bhaird


1 Iomdha fáth ag feirg an Choimdheadh

cúis a hadhanta fhuair sí;

ní thig lá nach iomdha a hadhbhar

más diomdha tá ar adhnadh í.


2 Lúisifear nar loc a aimhleas,

an t-aingeal do b’áilne gné,

do thuill mo-nuar fheirg ón Athair;

níor theilg uadh gan fhachain é.


3 Le Lúisifear lá na deaghla

an deachmhadh ord ar aoi a gcealg

do cuireadh mon-uar i nIfreann,

bruidhean fhuar na ndrithleann ndearg.


4 Do chur anma i n-áit gach aingil

dar imdhigh ó oidhre Dé

do smuaintigh sonn deilbh an duine

feidhm ler chom an chruinne ché.


5 Ní hionann is aingle an uabhair

Éabha is Ádhamh - anba an bhuaidh;

do chruthuigh sin iad rer-oile

ní thiad dá thigh oile uaidh.


6 Go haithghearr tar éis a ndéanta

an dias-sain dar dháil a thail

gér chlann fhíre iad don airdrígh

do-ríne siad fairbrígh air.


7 I bParrthas na mbileadh dtoirtheach

tiomna Críost níor chomhuill siad;

do-niad cailg abhla na haithne

mairg tamhna dar bh’aithre iad.


8 Ag sin an dara fáth feirge

fuair tighearna na dtrí sluagh

foghail cnuais na craoibhe corcra

daoine i nguais obtha uadh.


9 Céadfháth feirge fuair ó thosaigh

tnúth na n-aingeal - anba an call;

an dara fáth coill na cánadh

ar chách do choill Ádhamh ann.


10 An treas fáth ag feirg an Dúilimh

do dhoirt Cái-in - creidim súd -

fuil a bhráthar le cnáimh cámhaill

báthadh gráidh an ámhaill úd.


11 Do thuill Naoi fós feirg an Athar

ón áirc an tan tháinig sé

tug a úidh don fhíon do b’uaisle;

níor dhíol rúin an uair-se é.


12 D’Forann iar ndol i ndeoidh Maoise

san Muir Ruaidh na róideadh nglas,

níor thuill sé fholaidh gan adhbhar:

roghaimh Dé do hadhnadh as.


13 Gan luagh ar a leabaidh chéasta,

gan chuimhne ar a chur i n-uaigh,

gan labhra ar dhiomdha na deilge,

iomdha damhna feirge fuair.


14 Ó shíol Ádhaimh d’adhbhar fheirge

ní háiréamhthair a n-uair sé

áireamh go ndeach ar an duille;

breath na bhfáidheadh uile é.


15 Fearg an Coimdheadh créad fár thuillseam?

tig uadha le hintinn soirbh

sul do-chuaidh i gclí dá chneasghoin

gach ní dá bhfuair d’easbhaidh oirn.


16 Muir is talamh tug dá chomhghaol

’s an chúirt naomhdha ’s gach ní ad-chiad;

achd gidh fuar bheirid a bhuidhe

do-gheibhid uadh uile iad.


17 Fuil a chroidhe agus crú a dhearnann

’s dealbh a aighthe - anba an bhuaidh -

’s a theas ghráidh [’s a shíodh] fa shéala

do dháil do shíol Éabha uaidh.


18 Ní dar dtoirbheart do thriath oile

do fhuluing Críost - cruaidh an sdair -

a ghuin iar dtabhairt a thoile;

raghuirt do luigh m’oire air.


19 Ní dar gcur i gcarcair námhad

do nocht an Coimdhe a chneas búidh;

ní raibhe a thoil ar tí ar ndeaghla

ní fhoil ní nach dearna dhúinn.


20 Do sgaoil an tréad nar thréad ceiníl

ó chodhnach na cúirte thall

a dhá láimh gur leath dá ngabháil;

breath báidh ní ba fhaláir ann.


21 Dá chraoibh eolais d’fhios an ríchidh

róibh, a dheibhléana Dé bhí,

do sgaoil a dhá ríoghbhais romhuibh

daoibh nír dhíoghrais fholuigh í.


22 Lucht an fheadhma i n-am na heagla

ar na hardaibh éirgheas siad;

rí nar choill ar a chloinn ionmhuin

i mbarr croinn do ionghuir iad.


23 Do chlaon an Coimdhe a cheann dúinn-ne

[ba] dian a pháis - pudhar thinn;

do fhaomh an umhla do dhlighfeadh

craobh chumhra le sirthear sinn.


24 Na flaithe eile achd Uan Muire

milse corna chleachtaid so;

ní tug fuath go dearbh dá dháileamh

gidh cuach searbh do dáileadh dhó.


25 Do íoc na holca do-rónsam

rí na glóire - goirt an sdair;

fuair a ghuin tre uille an uabhair

do luigh truime ar n-ualaigh air.


26 Guidhim thuas baincheann na mbanógh

fam breith is-teach do thoil Dé

achd gidh iomdha cealg im chroidhe;

biodhbha do leanb Moire mé.


27 Guais go gcuirfe an choir nach seachnaim

sruth an chígh ós chionn a bhrúigh

dá dtí tuile i n-áth an ochta

ar sgáth Mhuire is dolta dhúinn.


28 Sí ’n-a máthair is ’n-a maighdin

Muire bhúidh na mbachall bhfionn

faghadh síoth dhamh tar mo dhoimhéin

go rabh fan gcíoch roiréidh riom. Iomdha


29 Ag dúsacht diomdhadh an Dúilimh

gach díomas dá ndearna sionn

eagal fa-ríor go mba raghairt;

bíodh Peadar ag labhairt liom. Iomdha.