firstLine"; ?>

1115. Iomdha fear suirghe ag San Mairghreag $
Length: long 40qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.3.19) 16th-17th cent
Prints:
  1. text DiD no. 32
  2. transl. Ir. Monthly 57, 593
Motifs:
  1. eulogy of personal appearance
  2. imagery for saint
  3. the Devil
  4. poetry offered to saint
  5. sead suirghe (wooing gift)
Patron Christian Names:
  1. Mairgreag
Patron Surnames:
  1. saint
Poem:

Poem in printable PDF format

Iomdha fear suirghe ag San Mairghréag


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 32]


1 Iomdha fear suirghe ag San Mairghréag

a muinntir do mhéaduigh sí;

diallaidh re gach fear dá bhfhaghann;

bean fhiadhaigh na n-anam hí.


2 D’éis a héaga is fearr do bhaoghal

an bhean dar cheisd cosg an uilc;

’n-a beathaidh níor bhean re suirghe

bean i ndeachaidh cuimhne a cuirp.


3 Is é as chiontach ris an gcumann

- comhthrom uainn ní fhaghann sí -

an fear le ndiultar a dhéineamh;

bean nach diúltadh éinfhear hí.


4 An lá as chumhain liom mo lochta

ar leas m’anma is ann do bhiath;

is í ar suirghe re San Mairghréag

cuimhne dhamh ar ainmhéad m’fhiach.


5 Grádh tairise do thaobh cumainn

créad an fáth nach fuighe sí?

bean nach tug náire dá naomhthacht

rug báire ar gach aonlocht hí.


6 Ní hiongnadh gomadh í an bhanógh

do bhéaradh d’fhear annsacht lán

bean do ba chuibhdhe mar chéile

[don] fhear suirghe as ghéire grádh.


7 Sealbh na humhlochta ó aois leinibh

go lá an bháis níor beanadh dhí;

do cheangail síoth re méad meanman

díoth go héag nach dearnadh dhí.


8 Bean dá ráinig rogha anma

adhbhar don ainm do rádh ria

a mhéad do mhaith do-ní an néamhann

maith gach ní dhá ndéanann Dia.


9 Dá héis is iomdha ’n-a beathaidh

- gá beag uirthe d’adhbhar gráidh -

cloch líoghmhar an anma uasail

míorbhal tharla i gcluasaibh cáigh.


10 A Dhé, ní dheachaidh it aghaidh

gion gur eol dí dul id ghar;

sul do chreid an ógh it ainm-se

mór do leig thairse [dá] tal.


11 Iúl nochan fhuair ar an gcreideamh

an chéadchuid gur chaith dá ré;

d’éis a baisde do bhaoi a námha

i ngaisde ag mnaoi dhála Dé.


12 Cosg [mo] námhad naisgim uirre

ós í roimhe rug a bhuaidh;

ní théid ar feadh iadhaidh m’fhabhra

fear fiadhaigh an anma uaim.


13 Is móide chuirim i gcomhrádh

an comhrag rer [chaithis] dlús;

buain rem fhurtocht gomadh usa

a dhocracht fuair tu-sa a thús.


14 Ná leig eadrom is m’fhear cogaidh;

do chlaoidhis cheana - trom an clú,

iomchuir a-rís oire m’anma -

dís roimhe re dtarla tú.


15 Don tromdháimh tháinig a hIfearn

dá aingeal do b’í do chuid

do choisg tú ar-aon an dá aingeal

taobh rú gomadh daingean duid.


16 Feirrde bean gé do bheadh láidir

lámh carad ag congnamh lé;

níor fhéad námha teacht red threise

tar neart lámha deise Dé.


17 Breith na cloinne is cean [do] mhartra

- móide as deacair déanamh thort -

nach bí do bhean pháirte i bpianaibh

acht feadh sláinte d’iarraidh ort.


18 Ón mhaith do thionnsgain ar dtosach

ní troigh ar gcúl do-chuaidh sí

sealbh na ngrás nó gur ghlac Mairghréag;

slat as nar fhás ainghéag í.


19 Tráigh ar a dtiomsaightear cnuasach,

crann toraidh nach téid i ndíosg,

bean do luaidheadh fa fhear uile,

bean ler fuaigheadh croidhe Críosd.


20 Do bhí ag fear dá fearaibh suirghe

searc don óigh - gá huaisle modh?

iomdha líon do hinnleadh uirre

inghean ríogh dar thruime a thol.


21 An grádh ar dtús thug dom banóigh

brath ar a háille an uair rug

do bhí gá choimhéad ’n-a chroidhe

dí ar roimhéad [a] thoile thug.


22 D’fhior nochar iongnadh a carthain

caol a mala, mín a traigh;

dearna a láimhe acht a lámh oile

clár do b’áilne snoidhe sain.


23 Ar an mbéal dtana tug féachadh,

an folt cas do-chonnairc uadh;

níor luibhe chabhra dá chridhe

duibhe a habhra is gile a gruadh.


24 Annsacht nar urusa a caitheamh

dá cruth ar dtosach tug sé;

tug grádh dochaithmhe dá deighmhéin

lámh chothaighthe deibhléin Dé.


25 Is moladh ar áilne a haighthe

an inghean nar fhéad do chlódh

a chridhe ar n-a chor ar meisge

ar son dighe eisde d’ól.


26 Breath gion go mbeirthe le a faicsin

ní foláir go bhfuighe sí

grádh gach éinfhir ar a huaisle;

lán do thréidhibh uaisle hí.


27 Níor labhair ón lá do mhothaigh

leis an maighdin dar mhó a thoil

acht fuighle do bhíodh [dá] mbogadh;

suirghe an ríogh ar hobadh air.


28 [......................................]

[....................] ní raibhe a cion

bean nochar bhean as a riaghail

bean ler shearbh a hiarraidh d’fhior.


29 [...] Dia dá dtug masla

a mhian ar gcúl do chuir sé

go roibhe lán [d’fhuath] don inghin;

grádh is [luath] do imdhigh hé.


30 An uair do [agaill] a briathra

do bhí an baoghal ag drud ria

an té [ar ar] tréigeadh a námha

gurbh é a céidfhear dála Dia.


31 An sgiúirse [as teo] dá dtug fulang

ní fríoth lé ó lucht a pian

acht gur ghéire a galar eile

garadh péine reimhe riamh.


32 Fuighleach [dar] fágbhadh ’n-a créachtuibh

an cíogh trom an tráth do sguir

nar thuil a béal chréacht a colla

muir théacht a déar orra d’fhuil.


33 Tugadh pian trom do thaobh fhuachta

an inghean óg nar óg nós

le huisge fhuar dhí fa dheireadh

is í i ngual teineadh ar dtós.


34 [An goradh] gur bhean dá brághaid

an bheatha thall níor thréig sí;

do mhian an bháis do bhaoi ar Mairghréag

nar chlaoi páis dá ainmhéad í.


35 [...]mháil fhoghanta an chinn-se

caraid na hóighe is eadh bhíd;

a maith gur moladh le a námhaid

do thoradh mhaith thánuig tríd


36 Cúig mhíle fear fa chuing creidimh

do chuir an ógh - níor fheidhm díosg;

fuair ’n-a haonar d’ulc an phobail

gur saoradh lucht cogaidh Críosd.


37 [...................] ní dhleisinn

mo dhán molta is mé ’n-a gioll;

sí re n-éag do chuimhne an chumainn

réad suirghe chumaim dá cionn.


38 Mo ghuidhe go ngéabha si-se

is í tuigsin i dtú faoi;

budh anáir fa dheireadh dhamh-sa

deighfhear d’fhagháil masla ón mhnaoi.


39 Do gheall tú a thabhairt dá cairdibh

cur linn fa leigheas ar n-olc;

ní dulta, a rí, tar an riaghail,

gach ní as mholta d’iarraidh ort.


40 Sgaoiltear [... dá sgéalaibh] milse

le méad an ghráidh do-gheibh sí

mian le a fear a n-ól ’n-a n-éindigh;

an ógh ní bean éinfhir í. Iomdha.