firstLine"; ?>

1118. Iomdha sgeal maith ar Mhuire $
Length: middling 30qq
Certainty: 5
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/37 Bk Dean Lism.15-16c
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
  3. RIA 8 (24/L/6) E. O Caoimh ?1679
  4. NLI G 117 E. & A. O Caoimh 1693-1703
  5. Mayn. C 88 Eoghan O Caoimh 1704
Prints:
  1. transl. McKenna, AOD, pp. 56-9
Motifs:
  1. imagery for BVM
  2. imagery for incarnation
  3. mystery of the Incarnation
  4. God as Creator
  5. the Devil
Poet Christian Names:
  1. Domhnall mac Daire (RIA 308)
  2. Tadhg Og (Bk of the Dean of Lismore)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha (‘A.Fionn O’D’ RIA 492)
  2. O hUiginn (‘nescitur author’ NLI G 117)
Patron Christian Names:
  1. BVM
Patron Surnames:
  1. saint
Apologue Subclasses:
  1. BVM rescues hermit from satanic female
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Iomdha sgéal maith ar Mhuire


[McKenna, L.: Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 48]


Muire agus an t-óglách sa bhfásach


1 Iomdha sgéal maith ar Mhuire

fá moltar a míorbhuile

do ghéabh ar an óigh n-iodhain

sgéal as chóir do chreideamhain.


2 Óglách do bhí ag Muire mhóir

nach tug eiteach na honóir

leis níorbh áil don uile bhean

a-mháin acht Muire mhaighdean.


3 Ar fhásach i bhfad ó chách

[baoi] aitreabh ag an óglách

mar ba gnáth duine diadha

ó chách uile i n-imchiana.


4 I riocht mná dá mhealladh sin

tig oidhche d’fhios an [díthreibh]

an té [as] ainm nach ionráidh

snaidhm is é a eisiomláir.


5 Osgladh ar cúl na comhla

iarrais d’fhuighlibh banamhla

atú ar an bhean do bhaoi a-muigh

gan mhnaoi gan fhear im fhochuir.


6 Mná i n-éintigh ní hoircheas damh

riom ar an t-óglách iodhan

a bhean acht gidh bé tusa

mo theagh ní hé t’eolus-sa.


7 Ná habair sin ar sise

mo dhiúltadh ní dhlighei-se

ní misde an teagh i dtair mé

nocha bean mar [sain] sinne.


8 An chuing do chuireas oram

ní bhia mé dá míochomhall

bean riamh im theagh ní [tugadh]

a bhean [ná hiarr oslagadh].


9 Osgladh i n-onóir Mhuire

cuinghis ar an gcríosduidhe

do bhí an [adhaigh] go fuar fliuch

’s do labhair go truagh tuirseach.


10 An inghean d’éis a ndubhairt

ó do chuala an chontabhairt

osgladh uaidh níorbh fhaláir dí

fuair i n-anáir na hóighe.


11 Re deilbh a haighthe d’fhaicsin

tug an t-óglách ionnraic-sin

a mac samhla [is dál do] dhligh

grádh a anma don inghin.


12 Dá dhiadhacht [níor] fhéach eisean

suirghe ria do rinnei-sean

do dhruim a dhaonnachta soin

cuing shaoghalta do shanntuigh.


13 Críoch do chur ar an suirghe

an uair do bhí i gcomhairle

do chluinid guth Mhoire a-muigh

i gcruth oile san ursuin.


14 Muire mar gach mnaoi eile

i n-ursain na haitreibhe

siris [d’fhosgadh] mhall a-muigh

osgladh ’s dob am dá iarraidh.


15 Is é freagra fuair Muire

[ó a compánach chríosduidhe]

insa teach [a-tá ar m’fheitheamh]

neach go lá ní [leigfeithear].


16 An aithne dhuit mar bhíos bean

na haonar ar an inghean

fóir a-nocht ar Muire mé

an gcluine olc na hoidhche.


17 Cros an [Dúilimh] mar dleaghar

cuir eadrad is aimseaghadh

fóirfe sé an snaidhm i bhfuile

i n-ainm Dé ar an diadhaire.


18 Muire [ógh do fhiafraigh] dhe

mar nach biadh a fhios aice

cionnus do ghéanadh sí sin

[nó] an ní déaradh dá dh[éinimh].


19 A láimh ndeis dá chur i gcéill

tógbhais timcheall an fhíréin

[’s do] [sheol] mar [a-déaradh] di

a dhéanamh [gurbh] [eol] uaithe.


20 An inghean [rér fhóbair] feis

don chéid-fhéachain thug thairis

ní fhuair acht a hionad [sin]

an spiorad uaidh do imthigh.


21 Mar sin rug ríoghan nimhe

a peacach a páirtidhe

cuaird na hóighe san ursain

suairg do róine an ríoghan-sain.


22 Tabhram uile dar n-aire

an taom-soin dá trócaire

dar ndíon ar dhóirsibh na bpian

bíom ’s an óigh-sin ar éin-rian.


23 Cuaird na [heilte] d’fhios an laoigh

do bheir d’fhurtocht a hóglaoigh

mo ghéanar as duine dhi

Muire dom dhéanamh dhise.


24 Go gcreidear mar as chóir damh

comhachta Muire máthar

sgéala ar an óigh is iomdha

na séala chóir creideamhna.


25 Umhla ná gach ógh oile

máthair Meic na trócaire

is uime do dhírghigh Dia

i mbruinne mínghil Maria.


26 Táinig Dia na Dhia féine

na broinn mar gha ngeil-ghréine

an [uimhir] do bhaoi na bruinn

[gur dhuinigh] mar chnaoi i gcrobhuing.


27 Táinig ’na dhuine ’s na Dhia

arís i meadhón Maria

an toircheas an tráth do [ghin]

oircheas do chách a [chreidimh].


28 Dá mbeinn [do ba beart doiligh]

gá [dás] me dá míorbhuilibh

lia ná duille is féar faithghe

sgéal ar Mhuire meabhraighthe.


29 Bheith na Athair naomhtha ar nimh

sgéal do sgéalaibh an Dúilimh

teacht i gclí Mhuire na mhac

Rí na n-uile is dá iomlat.


30 Do rinne Rí na n-uile

an cheathardhúil chialluighe

do róine na daoine dhi

naoidhe na hóighe [i n-airdi]. IOMDHA