firstLine"; ?>

1119. Iomdha sochar ag Siol Neill $
Length: very long 52qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  3. NLS Adv 72/1/44 17th cent.
  4. RIA 744 (A/v/2) 17th cent.
  5. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 7
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. comparison with all others
  3. War with English
  4. symptoms of law and order
  5. Hostages
  6. tuarasdal
  7. legal terminology
Poet Christian Names:
  1. sname only (RIA 265)
  2. Tadhg Dall (BOCD, RIA 2, 744, 72/1/44
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh Fionn
  2. O hUiginn Stoneyhurst)
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach Luineach mc Neill mcAirt
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1595
Apologue Subclasses:
  1. MacCoise’s praise of Ui Neill
  2. Noah’s Flood
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Iomdha sochar ag síol Néill


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 7]


1 Iomdha sochar ag síol Néill,

fada ó do hoirdneadh iaidséin,

síol an cheinnbhile ó Bhóinn Bhreagh,

tar deirbhfine móir Mhíleadh.


2 An lá nách leó Fiadh na bhFionn

ní dhligheann airdrí Éirionn -

croinn lubhghorta chlann gCobhthaigh -

barr umhlochta d’Eóghanchaibh.


3 An uair bhíos éinrí oile

i gceannas Chláir Úghoine,

ní faghuir géill ar ghiallaibh

ó dhaghfhuil Néill Naoighiallaigh.


4 An tan ríoghthar neach d’uíbh Néill,

ní cuid amharais ainnséin,

do chloinn ghéirreannaigh Néill náir

géill gach Éireannaigh d’fhagháil.


5 Tug siad, mar is iad is fhearr,

tuara­sdal d’fhearaibh Éireann -

sgotha slóigh bhuanasdraigh Bhreagh -

tuarasdail dóibh ní dlighthear.


6 Dlighidh Ó Néill íoc ’na fhuil -

gi bé dá mhuintir mharbhthuir,

’sní théid eineaclann uadh d’fhior

do shluagh geimhealtrom Ghaoidhiol.


7 Ní an fós, is feasach linn,

a gcóir i n-éanaird d’Éirinn,

’s atá cóir Éireann aca,

slóigh na gcéimeann gcurata.


8 Clanna Néill na Naoi nGeimheal,

níor geineadh, ní geinfidhear -

tamhain a Tealaigh na bhFionn -

a samhail d’fhearaibh Éirionn.


9 Ríoghradh Éireann uatha amach,

is clann Néill mhóir mheic Eathach -

níor lia rígh don fhréimh oile

’ná dhíbh san réim ríoghroidhe.


10 Díobh ríoghradh Bhanbha na mbeann,

díobh forgla ardnaomh nÉireann,

do shíol ríNéill bhragha Bhreagh,

fíréin ghlana na nGaoidheal.


11 Do mheas Mac Coise clann Néill,

ní fríoth leis ionta i n-éinchéim

barr tar ainglibh phuirt phardhais

d’airdhibh uilc nó iomarbhais.


12 “Gi bé is measa”, ar Mac Coise,

“d’fhuil Néill, is í mh’fhiadhnoise,

is é is fhearr uathaibh amach,

an dream ó Thuathaibh Teamhrach”.


13 An chuid is fhearr d’aicme Néill -

ní daoine adubhairt riúiséin,

na croinn phailme ó phurt Doire,

acht aingle i gcurp cholloidhe.


1­4 Atá breath Mheic Coise ó Chluain

ar shíol Néill Oiligh armruaidh

’na chlú mhór shíordhuidhe ó shoin

tar slógh bhfíonmhuighe Fionntoin.


15 Atáid cáis iomdha eile

ag síol Eóghain d’áiridhe­

do bharr uaisle ar naomhchloinn Néill,

na saorchroinn uaisle a héinfhréimh.


16 Tárraidh Eóghan mhac Néill náir

beannacht Phádraig an phríomhfháidh,

géag ós choill mhoighe Macha,

tar cloinn oile an ardfhlatha.


17 Fágbhais Pádraig Phuirt na bhFionn

eineach is eangnamh Éirionn

tar síol Néill d’fhágbhálaibh air,

’s ar fhréimh ágnáraigh Eóghain.


18 Do ghabhdaois neart chlann gCriomhthain,

’sníor ghabh éinfhear d’Éirionnchaibh

cumhachta ar a shíol ó shoin

do bhríogh udhachta an éarloimh.


19 Fuidheall seinbheannacht síol Néill,

toradh urnuighthe an fhíréin -

an ghéag abhla d’fhiodh Teamhrach -

aniogh tarla ag Toirdhealbhach.


20 Mac Néill mheic Airt Óig mheic Cuinn,

iarsma na ríogh ó Fhréamhuinn;

rí is córa dá bhfacaidh fear

do mhacaibh móra Míleadh.


21 A mbí idir ór is umha,

a mbí idir ré is réaltuna,

ag rígh mhoighe bhuig Bheannchuir

ón chuid oile d’Éireannchuibh.


22 Rí nár léig éinní a hUltaibh

le sluagh nÉireann d’iomarcaidh,

rí ré a fhionnachtain is fhearr

’ga mbí iomarcaidh Éireann.


23 Rí ó a bhfuilid fir Uladh

gan chogadh, gan chathughadh,

gan tnúidh, gan fholaidh, gan fheirg,

gan toghail ndúin gan díbheirg.


24 Rí nár bhris a bhréithir ríogh,

rí ara lugha lucht míghníomh,

rí nach geallfa ní fa nimh

acht ní is dearbhtha do dhéinimh.


25 Gé bheith sí ar an slighidh móir,

do fuileóngthaoi fail deargóir,

le cruas riaghla fhear nUladh,

feadh bliadhna gan bhaoghlughadh.


26 Do rachdaois mná moighe Fáil

ar fheadh nUladh ’na n-éanmhnáibh,

fa sduaigh ndeircmhir móir Macha

i mbeirtibh óir ioldatha.


27 Dá dteagmhadh long fá lán séad

i n-imlibh cuain gan choimhéad,

Toirdhealbhach do-ní do niort

nách oirbhearnach í ag imtheacht.


28 Móide is iongantach don fhior

an riocht ’nar chuir an Cúigiodh,

bheith don Bhanbha ghéagthruim ghloin

’na héantuinn fhaghla acht Ultoigh.


29 Atá an chéiddíle arna cor

lér dhíoláithrigh Dia an domhon,

nó a mac samhla ar bhraoinlios Bhreagh

aoibhnios Banbha do báitheadh.


30 Atá Naoi oirdheirc oile

san chríchse chlann Rudhroighe,

gnúis mhaordha dá moltar geall,

dá caomhna ar dhortadh ndíleann.


31 An cúigeadh eang d’fhiadh Teamhrach

don chursa atá ag Toirdhealbhach

tírim do Bhanbha na mbeann

ar dhílinn fhaghla Éireann.


32 Naoi mhac Láimhiach eacht oile

mar sin rug Rí an ríoghthoighe,

géag thromthoraidh nár mhoidh mionn,

tar moir ndromchladhaigh ndílionn.


33 Do bhí an domhan fa dhall chiach

ré linn Naoi mhóir mheic Láimhiach -

sé ’na sheanadhbhar ó shin -

tre neamhadhradh nDé dhúiligh.


34 Acht trí meic Naoi agus Naoi féin

do bhí síol Ádhaimh ainnséin,

lucht an domhnán mar dirthir,

lomnán d’ulc is d’aindlighthibh.


35 Tig aingeal Dé anuas do nimh

go mac Láimhiach lá éigin -

cioth báisdighe is mó do mhill -

d’fháisdine dhó ré ndílinn.


36 Teachtaire Dé ris do ráidh:

“báithfidh cách uile d’éanláimh -

lucht aidhmillte ortha is fhearr -

gairbhlinnte dorcha díleann”.


37 “Déantar uaibhse”, ar an t-aingeal,

“eathor téigleach taobhdhaingean,

suil tí an sál doighirthe dubh

tar clár dtoinighthe an talmhan”.


38 Mac Láimhiach - lór do mhisnigh,

ar impidhe an aingilsin,

do-ní an áirc shlaitleabhair shlim

’na báirc thaitneamhaigh thirim.


39 Rí na ndúileadh, Dia Athar,

d’éis na háirce d’ullmhachadh,

tug sé an díle ar an domhan

’sdo-ríne é d’fholmhoghadh.


40 Gur bháith Dia i ndíol a bhfoltadh

an bioth uile acht aonochtar,

níor sguir dá dhíbheirge dhíobh,

do mhuin fhírfheirge an Airdríogh.


4­ Ní hí an áirc shoidhealbha sheang

do shaor iad ar fheirg ndíleann

an feadh do bhaoi an tuile ag tocht,

acht guidhe Naoi ’sa naomhthocht.


42 Is í an díle na danair,

is í an áirc Clár Conchabhair,

slat charmarsaidh chraoi Theamhrach -

Naoi an talmhansoin Toirdhealbhach.


43 Naoi ar tús mar do toghadh lais,

do thogh Dia do dhruim eólais,

gnúis neamhdhuidhe Í Néill aniogh

tar féin ngealmhuighe Gaoidhiol.


44 Ameasg Gaoidheal ghuirt Teamhrach

Dia féin do thogh Toirdhealbhach,

an toghusa Dhé na ndúl

ní horusa é d’iompúdh.


45 Ní maoidhte dhá mhac samhla

do rígh neartmhar nathardha,

’sa liacht rí Éireann dá fhuil,

ní dá ndéineann do dhéanaimh.


46 Sé rígh fhichead d’áireamh flath

anuas ó Niall mhac Eathach

go Toirdhealbhach dá bhfiar fiodh

ar fhiadh ghoirmiobhrach Gaoidheal.


47 Sé rígh dhéag d’aicme Eóghain

roimhe, ní rádh aineólaigh,

deichneabhar ríogh, druim ar dhruim,

do shíol chleithleabhar Chonuill.


48 Trí fichid rí is dá rígh dhéag

suas ó Niall, folt na bhfinnghéag,

fa chlár ndíllidh bhfuairfhliuch bhFáil

go Mílidh n-uaibhreach nEasbáin.


49 Ocht rígh ’s ceithre fichid fear

do bhí roimhe ar ghort Ghaoidheal,

fearr an glún deireanach dhíobh,

geinealach úr an airdríogh.


50 Dá mbeith cách fós mar nach fuil,

i gcoimhmeas re cloinn nEóghain,

do bhiadh oirrim Bhanbha Breagh

ag coinnill Annla ar éigean.


51 Bheith ag cor re neart Í Néill -

ní tráth d’Éireannchaibh eiséin,

gan t’fhéaghan anú is neamhghuth

’snár féaghadh tú id Thoirdhealbhuch.


52 A Thoirdhealbhaigh mheic mheic Airt,

ní mór nách mairg do-chonnairc

urraim Ghaoidhil uim ghort bhFloinn

do mhaoidhimh ort mar urraim.