firstLine"; ?>

1122. Iomdha uaisle ar iath Laighean $
Length: long 31qq
Certainty: 3
Period:
  1. 14th ult
  2. 15th early
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 2 (23/F/16) OGara MS 1655-9
  2. NLS Adv 72/1/44 17th cent
  3. RIA 1387(23/O/78) Uill.R.MacCoitir 1723
  4. RIA3 (23/L/17)S. O Murch. na R. 1744-5
  5. Bodl. Rawl. B 475 18th cent.
Prints:
  1. transl. Ir Monthly 56, 98
  2. text DiD no. 1oo
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. comparison of patron with all others
  3. patron’s prowess in warfare
  4. symptoms of law & order under just prince
  5. submission (umhla)
  6. legal terminology (eiric, eineachlann)
  7. use of place-names for ornament
  8. biblical reference
  9. description of landscape
Poet Christian Names:
  1. Aodh Og (Rawl B 475)
  2. Eoghan .i. an tOrthoir (RIA 2)
Poet Surnames:
  1. MacCraith
  2. MacCraith
Patron Christian Names:
  1. Art Og mac Airt Caomhanaigh
Patron Surnames:
  1. MacMurchadha d. 1417
Apologue Subclasses:
  1. Fergus mac Roigh: his fury
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Iomdha uaisle ar iath Laighean


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 100]


Eoghan Mac Craith, An tÓrthóir .cct.


1 Iomdha uaisle ar iath Laighean;

a n-áireamh ní fhéadfaidhear,

ní headh nach éidir gidh eadh

seal éigin ar a n-áireamh.


2 Leo an chuid as uaisle d’Éirinn

clann Chathaoir mheic mhóirFhéilim

críoch as ar mhínigh Magh Fáil

as ghar d’fhíndigh is d’éadáil.


3 An cúigeadh cuid do Chlár Breagh

is comha cheathra gcóigeadh

tugadh do chloinn Nuadhan Neacht

leis nach loinn uabhar d’éisdeacht.


4 Na tolcha as teirce sreabha,

na linnte as lia éigneadha,

’s an úir as saidhbhre sealga

fúibh, a Laighne láimhdhearga.


5 Aoibhneas iarthair an bheatha

i nbhar láimh, a Laighneacha,

an ghoirmthealach fhóidshean fhionn

’s cóigeadh oirthearach Éireann.


6 An múr ós Dhuibhlinn is dí,

’s an ráth i raibhe Ó Baoisgne,

ráith Teamhrach fa ngealann grian,

is seanfhann greadhnach Gailian.


7 Cúigeadh Laighean na learg dtais

muna chuirthí cré Pharrthais

níor shill súil, níor thiomchuil traigh

úir budh ionchuir ’n-a haghaidh.


8 An rann coimmeasa do-chiam

ag breith ghill do ghurt Ghailian

as gheineas Bóinn is Bearbha

leigheas dóibh ar dhoimheanma.


9 Gach buaidh nuadh, gach sochar sean

dá gcluinim ar chrích Laighean

ní hé do uaisligh í acht Art

ag a mbí ar uaislibh umhlacht.


10 Géag phailme Pharrthais Ádhaimh

mac áirmheach Airt Chaomhánaigh

mac Sadhbha no saoi do nimh

slat naoi mheic Amhra a aithghin.


11 Ní hionann béas - is báidh leam -

d’Art agus d’uaislibh Éireann

fiú leis gach neach teacht ’n-a theagh

’s is tearc teach i n-a dtéid-sean.


12 Umhluighthear dhó i mbonnaibh beann

’s i gclochaibh aolta Éireann;

do-ní a mbí san fhionnmhuir d’Art

’s a mbí san fhiodhbhuidh umhlacht.


13 Laighnigh na laoidheang dtana

Art fhóireas a n-easbhadha

gan bhreith ngill an ní fa nimh

nach bí re a linn i Laighnibh.


14 Do mhéaduigh neimheadh gach naoimh

sochar do chlannaibh Chathaoir;

glór laoidheadh agus leabhar,

glór aoigheadh dá n-uaisleaghadh.


15 Ósa díobh as dú a leanmhain

ainm suaithnidh i seinleabhraibh

ainm cóir do Laighnibh do lean

Laighnigh an óir a n-ainm-sean.


16 Ór uatha i ndíol gach dána,

[is] ór chuca [a] gcíoschána;

laoich ó tholaigh mhóir Mogha

monaidh óir a n-almsodha.


17 Ór corcra ar chlár a mbrannaimh,

ór ceard ar a gcathbharraibh,

ór tar sréin nglannuaidhe a ngreagh

le féin lannuaine Laighean.


18 Ní leasainm Laighnigh ar óir

d’fhéin Laighean um cheann gcomhóil;

féinnidh um an ól ní ibh

éindigh nach a hór ibhthir.


19 Do chumhdach a gcolg leabhar

iomdha ór dá aithleaghadh;

’s is iomdha [bruithean] óir ann

do [bruitheadh] do bhróin buabhall.


20 Ní dleaghar ionnmhas eile

mar éiric ’n-a n-oirbhire

einioclann d’ór ó gach fhior

do shlógh geimhiolthrom Ghaoidheal.


21 Clann chéadfadhach Chathaoir Mhóir

darab cíos comhtha deargóir,

a n-anáir do-chiú ar an gcloinn

gan a fiú d’fhagháil d’urroim.


22 A-tá rí orrdhruic orra

ar a bhfuil ádh urroma;

éigne ó Bhóinn bháineithrigh Bhreagh

áirimhthir ós ghlóir Ghaoidheal.


23 Clann Chathaoir, ceardcha an chogaidh,

fa Art Óg ní fhuaradair

lá nach mó sa mhó a meanma

ón ló a-tá ’n-a thighearna.


24 Ní faghthar, ní fríoth, árach

orra fa Art Chaomhánach;

doras gáidh ann níor hosgladh

i n-am áigh nar iadhosdar.


25 Sleagh bhaoghlach ’n-a bhais tana

fraoch catha ar Mhac Murchadha;

go n-athraigh Art gné an ghallgha

gan é i n-alt a agallmha.


26 Rí cúigidh láimhdheirg Laighean

gidh bé fáth far feargaigheadh

ar a leas nó i n-aghaidh Airt

i dtreas ní lamhair labhairt.


27 Do bhíodh ag leonadh lann nglas

mar do ghabhadh fearg Fearghas;

re mac rionnamhail Rosa

ionnamhail an eagla-sa.


28 [Agra] leis ní lamhadh neach

tagra ris níor fheidhm áiseach

taoiseach cuaine fhear nUladh

feadh a uaille d’ardughadh.


29 Fearg mheic Róigh i Ráith Mhacha

[’s a] bhéimeanna baoghlacha

do adhain fearg mar í ar Art

rí danab ceard an chródhacht.


30 Fearg an tochair ní théid de

an rí go cluinsin gceirde;

nó go searg le snáth umha

a fhearg ní háth iondula.


31 Gion go ngoirthí roimhe riamh

roileag Éireann d’iath Ghailian

rí danab cáir cairt Bhanbha

i láimh Airt is iongharma. Iomdha.