Poem in printable PDF format
Iomdha urraim ag
cloinn Chathaoir
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 58]
Domhnall Carrach
Mac Eochaidh .cc.
1 Iomdha uirrim
ag cloinn Chathaoir,
coiléin
amhra,
dreagain as lucht
feithmhe feadhma,
beithre
Banbha.
2 Coinnle foghla,
faolchoin nimhe,
naithre
fraochdha
fhuilngios a
mbeóghuin ar bóchna,
leómhain
laochdha.
3 Uirrim catha,
cródhacht ainmhear,
ionnradh
droibhél,
tarla don druing
nach uair anágh
ar uaim
oilén.
4 Cosnuid
Laighnigh na lios mbláithgheal,
beart nách
iongnadh,
minic a ttrom ar
fhiadh fhoghladh,
drong fhial
fhionnghlan.
5 Minic do
tuilleadh teisd áirmheach
a n-iath
Laighean
lé neart
aimhdheóin na ríogh roimhear,
díol na
ndaighfhear.
6 Dóigh nár
léigsead a los oinigh
uirrim uatha,
na laoich fuair
lé ceart a gcríocha
nách tearc
tuatha.
7 A ngníomhradh
ní héidir d’áiriomh,
ógbhadh
fhromhtha.
buidhion coisg
gach éinfhir iomtha,
tréinfhir
thoghtha.
8 Atá dhíobh a
ndiaidh na sinnsear
seabhac
urlamh,
mac meic Aodha na
ttreas ttinnmhear,
teas gan
turnamh.
9 Is é áirmhim
oighri Fiachaidh
feithmheóir
ágha,
beithir éachtach
ceannchus cliara
’s cheanglas
cána.
10 Feilim Ó
Broin, branán Laighean.
lingeas
bearna,
mór do chaith tar
ceann a gcomhdha,
flaith beann
mBearbha.
11 Dírioch leanus
lorg a chinidh
ar chruas
gcéimeann;
ní guais leis a
muigh ’na maoidheann
guin na
ngéirreann.
12 Comhla
dhaingion, díbeirt caibhdhean,
cearchuill
aoigheadh,
draig
coinbhleachtach, tuir gan trághadh,
muir gan
mhaoidheamh.
13 Cumhdach
anbhfann, ionnradh oireacht,
onchú
uaibhrioch,
soighnén adhanta
beann mbaoghlach,
an seang
suaimhneach.
14 Triath
Raghnallach na ruag mbaoghlach,
beithir
dhreachnár
téid tré armuibh
na gcaor gciothruadh,
saobh an
seachrán.
Agus is saobh an
seachrán agus an turus tarla do mhacámh óg fhoghlamtha do Mhumhuin
mhíonáluinn Maicniadh, ar ndul go tigh scoile dhó. Is é
cédchonnradh agus céadturus do-rinne, .i. leabhar foghlamtha agus
foirciodail do bhí aige do dhíol agus clogad caomh
ceannchumhduighthe do bhí ag óglach san tír láimh ris do cheannach
go daor ar luach a leabhair, an uair nách raibhe feidhm ar chlogad
ná ar chathbharr, ar arm ná ar éideadh ag énduine; agus dá mbeith
ag gach aon oile, nách aige soin do bheith feidhm riú, agus tar
gach arm solámhdha dhíobh sin, nácharbh fhear feadhma do dhénamh re
clogad é. Agus ní hionnshamhuil agus ní hionann sin agus an
ceannach agus an cruinniughadh lann agus lúirioch, airm agus
éideadh, eirreadh agus eachruidhe do-ní Féilim mhac Fiachaidh mhic
Aodha mic Seaáin mic Rémninn mic Seaáin
mic Aodha mic Domhnuill Ghlais mic Conchubhair
mic Raghnuill mic Lorcáin mic Philip mic
Raghnuill [ó n-abarthar Raghnallaigh] mic Donnchaidh Mhóir
Í Bhroin, mic Murchaidh mic Oiliolla an
Fhiodhaigh, mic Dubhluing Duibhchluana mic Domhnuill
na Sciath, mic Donnchaidh Mhóir mic Donnchaidh
mic Brain [ó n-abarthur Branuigh]. Agus is a n-aimsir a
thoraidh agus a tharbha do theacht asteach cheannchus sé
gach uile arm infheadhma do choimhéd a chlú agus d’imdhídion a
athardha.
15 Ar thrén
biodhbhadh is eascarad
a n-am
eachtra,
beanuidh sé do
chléir a gcionta,
céim as
deacra.
16 Lór le mnaoi
do dhíol ’na dalta,
díon a
hochta,
dul leis [as
diamhair níor dhulta]
d’iarraidh
obtha.
17 Ní fhéd Féilim
fulang ainbhreath
d’aoinfhear
fhaghla;
baoghal de ní
dóigh go ndearna
tóir ré
ttarla.
18 Dídion a
chirt, claochlódh éigceirt,
ionnramh
aoltuir,
mílidh dá ndénuid
sluaigh sléchtoin
fhuair ar
aontoil.
19 Cuartach
cuirios a chlú áirmhioch
gach aird
d’Éirinn;
ní faighthear
cailleóir ós caoillinn
d’aindeóin
Fhéilim.
20 Ó Thuinn
Cliodhna go Tuinn Tuaighe
tearc ar
fhéile
fear coimeasa ré
gnaoi Ghuaire,
’s go Baoi
Béirre.
21 Ní fhuil
éntroigh d’Inis Cobhthaigh
[is cuairt
fhíre]
nár ghabh a chlú
ón chléir go [a] chéile
gan léim
líne.
22 Leannán scoile
an dreagan duaisréidh,
doirseóir
catha
fár chlaon
fiodhbhadh, fialfhuil Eacha,
riaghuil
ratha.
23 Ua Seaáin na
gcoilgshleagh gcréchtach,
cosnamh tíre,
crodh is clú do
chaith re chéile,
an flaith
fíre.
24 Leómhan
caithmheach, croidhe ainmhear,
aigneadh
iodhan,
gríobh
ghuaisbheartach nách claon comhar
’s nach saobh
siobhal.
Agus is saobh an
siobhal do-rinne ceannuighe críonna do cheannuighthibh Bhaile Átha
Cliath ar ndul go Sligeach dhó d’iarraidh fiach do bhí aige ar Ó
gConchubhair Sligigh. Agus an oidhche do-chuaidh don bhaile,
tángadar buidhion do dheaghaos dána a gceann Í Chonchubhair lé dán
ar n-a ghréschuma go fáthamhuil focailghlic. Do héisdeadh an dán
agus do díoladh an bhuidhion go daor d’airgead agus d’earraidhibh
uaisle onóracha. Agus is eadh adubhairt an ceannuighe an uair
do-chonnairc sé a dhaoire do díoladh an dán, “A Í Chonchubhair, is
daor cheannchus tusa dán,” ar sé. “Ní daor,” ar Ó Conchubhair, “óir
ní thugus a leathluach air fós.” Mar do-chualaidh an ceannuighe
sin, táinig go hÁth Cliath tar ais. Agus is gearr ’na dhiaidh sin
go ndeachadar buidhion ré dán d’ionnsuighe an cheannuighe do
cheannach airm agus éadaigh uaidh. Do fhiafruigh in ceannuighe
dhíobh an raibhe dán aca do dhíolfaidís ris féin. Adubhradur-san go
raibhe. “Más eadh, ceinneóchad-sa go maith é.” Tug sé deich bpúint
dóibh ar an dán do bhí dénta lé forgla chéd bliadhan roimhe sin;
agus ’na dhiaidh sin do ghluais sé leis an dán a gceann Í
Chonchubhair Sligigh a ndóigh go ttiubhradh dá uiread a ttug féin
air dhó, agus nách dá athair ná dá sheanathair ná do neach do
chineadh ná do chlannmhaicne Í Conchubhair do-rinneadh an dán do
rug an ceannuighe
leis. Agus giodh
eadh mar do-chualaidh Ó Conchubhair connradh an cheannuighe, agus a
raibhe ris in dán fá na chomhair féin dá cheannach uaidhe, tug Ó
Conchubhair dá uiread a ttug an ceannuighe ar an dán dó dá chionn,
bíodh nách raibhe feidhm aige ris. Agus dar leam-sa is mór do
mealladh an ceannuighe do chionn an bhairr aisdir-sin do chur air
tar an tí nár éimidh dán ná drécht ná deaghlaoidh dá ttugadh chuige
riam, .i. deaghmhac Fiachaidh mhic Aodha, fear ceannsuighthe
caibhdhean agus cosanta a cheirt, agus fear congbhála gach
deighriaghla.
25 Is méduighthe
brughadh ’s biatach,
beart as
buaine,
iomdha bean ó
Bhrugh na Bóinne
go bun Féile.
26 ’S a sin go
Sruth gharbh na Maoile,
marbh a
gáire,
bhíos ag cor a
gcúil re chéile
nár mhúin
Máire.
27 Iomdha
gallghlór im Ghleann Cornáin,
is cúis
truaighe,
níor beanadh fós
clinn a gcléire
ná [a] gCill
Cluaine.
28 Ní tuar
seachráin [saobhnós corrach!]
a gceann
Fhéilim,
confadh an
dreaguin ón dílinn,
eagail
d’Éirinn.
29 Níor iarr
Féilim na n-écht n-áirmhioch
ainm a
n-aisgidh,
tuilleadh ar
ttriall a gceann coscuir,
geall an
ghaisgidh.
30 Mír chosanta
críche Laighean
laoch a
bhfeithmhe;
ní rug aoinfhear
uaidh dom aithne
buaidh dár
bheirthe.
31 Meadh bruidhne
Baile na Corra
Caisiol
Mumhan,
nó an múr te
groighioch nár goradh,
Oilioch
Uladh.
32 Nó Ráith
Chruachan, caoimhlios Meadhbh
nó múr
Uisnigh,
samhail don
longphort fhial arsuidh,
cian dá
cluinsin.
33 Nó Nás
áirmhioch, longphort Laighion,
nó lios
Almhan
’na mbíodh Fionn
ag triall gan turnamh
’s an fhian
armghlan.
34 Bruidhion
chúplach na gcuach n-órdha,
iosdadh
daithgheal,
dul ’na gar ar ló
ní lamhthar,
cró na
gcaithshleagh.
35 Teaghdhais
loinnreach na laoch meardha,
mainér
bláithréidh,
foirgneamh
slaitgheal an mhúir mhaoithchiúin
dúin do
dháimhchléir.
36 Tearc ceard dá
gcumthar a nÉirinn
uaidh ar
mearfall;
Teagh
Miodhchuarta as cló ’na chonchlonn,
an cró
cleathchorr.
37 Ní guais
d’Fhéilim, éigne lúthmhar,
labhairt
dána;
ní mór théid dá
aimhdheóin uadha,
taibhgheóir
tána.
38 Fiodhbhaidh
chlaon ó chnuas ag bloghadh
biaidh am
Shamhuin,
’s geamhar ard ar
thuar ós tulaigh
uadh ’na
aghaidh.
39 Fearthuin
meala ar mhoglaibh corra
créd nach
tiobhra?
ró éisc a
srothuibh bruaigh Bearbha
uaidh is
iomdha.
40 Inghion
Fhiachaidh, aigneadh fosaidh,
freagra
tromdha,
méin mhaordha,
tromghrádh is tarbha,
comhrádh
Connla.
41 Beangán
roscglan, réitioch anbhfann,
iomchar
oinigh,
gég dhaithgheal
dob iongnodh d’fhoghoil,
ionnramn
oirir.
42 Foighég
ceannsa do chloinn Tuathoil
nár thuill
goradh,
dóigh nách
iongnadh lé dá lamhar,
mé dá moladh.
43 Iomdha ollamh
d’éigsibh Banbha
a mbrugh Úna,
nár ghabh uaithe
do réir rádha
céim ar
gcúla.
44 Bantracht
suaimhneach go séis ttaidhiúir
fán ttruim
mbéasnáir,
mná do chur na
gceann is cáischéim
ar gheall
grésbháin.