firstLine"; ?>

1125. Iongaibh thu orm a Iarla $
Length: very long 58qq
Certainty: 1
Period:
  1. 14th ult.
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. warning mp
Manuscripts:
  1. RIA743 (A/iv/3) 17th c.
Prints:
  1. text DiD no. 101
  2. transl. Ir Monthly 47, 563
Tracts:
  1. see Eigse 1, p. 68
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. Attack on poet
  3. poet to be compensated for injury
  4. The dangers of being satirized
  5. Patron’s caithreim
  6. use of legal terms
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh Fionn (RIA743)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Gearoid mac Muiris
Patron Surnames:
  1. MacGearailt Iarla Deasmhumhain d. 1399
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Iongaibh thú orm, a Iarla


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 101]


Gofraidh Fionn Ó Dalaigh


1 Iongaibh thú orm, a Iarla,

mór mh’fhearg ret fholt ngéigniamhdha;

ná tabhair fheirg ar th’fhilidh;

teilg i n-aghaidh th’aindlighidh.


2 Sul thuileas mo thonn fheirge

do ghríosadh do ghruaidhleirge

do-bhéar robhadh romham féin

gidh foghal oram ei-séin.


3 Na foghla as a bhfás pudhar

orm, a Iarla DeasMhumhan,

tú do-ní iad ó fhuilnge,

a rí Liag dá leanfuim-ne.


4 Ní racha sinn seachad féin

dot éagnach, a ucht mínréidh;

red ghnúis mbuig is dú a dhéanamh,

dhuid a-tú dá thaisbéanadh.


5 Is ort as cóir a chumhal

d’agra, a Iarla DheasMhumhan,

lucht faghla nach rosgar ruibh

do losgadh mh’arbha ar th’ionchuibh.


6 Gé tharmairt a thoidheacht de

goradh do ghnúise háille

ar son ghairthe gráin leargan

ní cáir aighthe d’imdheargadh.


7 Óglách dhuit do-rinne riom

adhbhar móide nach maithfiom;

gníomh té dá dtíosadh don mhóid

mé dod ghríosadh, a Ghearóid.


8 Dá ndearnainn, a dhreach mar bhláth,

gríosadh th’aighthe tret óglách

mó a chionta don tí dá dtig

gach ní dá dtiocfa treimhid.


9 Ar ulc riot-sa agus rum-sa

tángas d’fhoghail oram-sa,

a ghéag shúlchar Shíotha Truim,

do rúnchar fhíocha eadruinn.


10 Feall orm do chaibhdhin charraigh

ní leanabh é ar easurraidh;

’ma íoc ná déanaidh-se doirr;

m’éaraic-se is díot do dhleasoinn.


11 Ar mbiodhbha d’eadráin oruinn

tar éis meabhla ’s míochomhuill,

a leomhan dearccorr fionn Fáil,

leattrom is gan ionn d’eadráin.


12 Uirre sin gidh saor thu-sa,

éagcóir d’éis na meabhla-sa

lucht a déanmha i dtreise id thoigh

- gé théarna mei-se ón mheabhail.


13 Gion gur thuiteas leo is leanta

dhaoibh-se drong an aineachta

mar do dáilte crú mo chuirp;

im shláinte is dú mo dhíoghuilt.


14 Feall orm, is gan é ar séana,

cuin dhíolfa nó dhíghéala?

dlighidh tú a dhíol nó a dhíoghail

síodh mása dhú i ndoighníomhaibh


15 Suidheochaidh mé do mhuin cheirt,

clú th’fhéicheamhnais gidh oirrdheirc,

an gníomh doluigh nach dearnais

oruibh do bhríogh breitheamhnais.


16 Créad fhuil agaibh ’n-a aghaidh

gan a íoc ret ollamhain?

lucht cogair fhaghla mh’fhine

agaibh tarla i dtuinidhe.


17 Cuma gá conair raghas

an fear re bhfuil mh’fhaltanas

ní bhiú ag cleith dola ar a dhruim;

a fhala is id leith leanaim.


18 An uair badh chóir dhuit druim ris

nó a mhilleadh, a mheic Mhuiris,

is gníomh dod dhreich mar dheargfhuil

bheith ag díon do dhíbheargaigh.


19 Mar nach fuigheadh fear dom chloinn

bheith tar th’oirbhire againn

bheith agaibh ciodh ’ma badh cáir

dom fhior chagaidh gá chongbháil.


20 A Ghearóid, gidh doirbh dhamh-sa

druim do chur red chumann-sa

ceadh ’ma badh ionpháirte inn

is fear mh’iomcháinte ar th’uillinn.


21 Gé táim ort ag iarraidh ceirt,

gidh ullamh thú dá thoirbheirt,

leasg gan t’agra, a fhleasg Leamhna,

leasg tagra re tighearna.


22 Tú d’agra gan t’aithghin linn

mo dháil is mó do mhaithfinn;

gidh ionam linn dod leanmhain

ní hionann inn d’fhéicheamhnaibh.


23 Gidh mé as dírghe cuid don cháir

dá n-agrar thú, a thuir Iomdháin,

budh beag dtaraidh an tulchóir

it aghaidh don agarthóir.


24 It aghaidh, a fhabhra mall,

gé tá an fhírinne agam

ní íocfa, a ghéag Thoighe Tháil,

acht oile dhéag do dhíoghbháil.


25 Déantar síodh nó bearar breath

eadrainn, a earla fáinneach;

lór dhúinn a ndobhramair air,

a ghormlannaigh úir éachtaigh.


26 Nó bíoth cairde leath ar leath

’n-ar ndáil gidh fada an fuireach

nó go dteagmha, a dhaithghil duinn,

dod fhreagra th’aithghin aguinn.


27 Tuigim is mar thuar faladh,

gidh iongnadh an t-ordaghadh,

móid agad dhreich raghloin ruinn

ar mbeith a hadhbhair aguinn.


28 Rum do rinneadh an bine

fa bhfuil oram th’oirbhire;

do-ghéan uime mh’oirbheirt féin;

an buille oirrdheirc ei-séin?


29 Baramhail do-bhéarar dhi

urchor i n-aghaidh ruaige

dá dtógbha fhalaidh eile

i n-aghaidh ar n-oirbhire.


30 Má do chiontuigheas rut riamh

i gcúis fa madh cóir mh’aimhriar,

a fholt na bhfinnearladh bhfann,

nocht an t-indearbhadh oram.


31 Achmhusán nach eagail damh,

gé tú ar thoradh mo theangadh,

gríosadh neich fa a ní féine

ná bheith ar tí toibhéime.


32 Aimhleas ar Ghaoidheal ná ar Ghall

do mhuin diomdha ní dhearnsam;

is díleas inn dá gach fhior;

sinn fa dhímheas níor dligheadh.


33 Do-ní mé - ní dá mhaoidheamh -

i n-aghaidh bhar n-iolmhaoineadh

dot fhéin dhaoinigh druim ar druim

réir gach aoinfhir fam acmhuinn.


34 Aithreach a fhad do leanas

díbh gidh maith bhar muintearas

más é as tuar dímhiadha dhamh,

a sduadh mhínfhiadha Mhumhan.


35 Trem dhiomdha ar do dhreich rachaoin

ní fhuighbhe uainn éantathaoir;

nochan fhuighbhe uaim itghe;

is cuibhdhe uaibh imirce.


36 Imirce nach áil linne

do-ghéan d’aimhdheoin mh’intinne

tre fheirg ret aighidh nuaidhe,

a dheirg raighil rosguaine.


37 Ceileabhradh dhuit - dia do mhóid;

mei-se ag gluasacht, a Ghearóid;

do sheachna ar neach níor dhú dhamh

muna bheath tú dom thréagadh.


38 Fear aithne na n-uile cheard

dom thréagadh truagh an díbhearg;

gá dú acht ní aithnighe inn

gidh tú as aithnighe i nÉirinn.


39 Feabhas th’aithne, a fhir Theamhra,

córaide dhamh doimheanma

th’anáir faoi ó nach fuighinn;

fagháil gnaoi do ghnáthuighinn.


40 Dar leat nocha rabha riamh

id bhrugh, a bharr na bhfinnchiabh,

is ná faca sibh sinne,

a fhir dhathta Dhuibhlinne.


41 Dá dteagmhainn duid ar druim róid

seocham do ghéabhtha, a Ghearóid,

gan mé ná thú rinn do rádh

agus rinn chlú ar mo chomhrádh.


42 Beag má do-bheirim aithne

ort gidh adhbhar machtnuighthe

mar do-chuaidh th’aigneadh tar ais

uainn ar gcaidreamh bhar gcádhais.


43 Ní chongbha th’aghaidh mhóir mhoill

feadh a haithinte oruinn;

deacair dhamh aithne uirre

gan char aighthe oruinn-ne.


44 Dar leat ní tu-sa a-tá ann

gér dhlúith dá chéile ar gcumann,

nó no ní mei-se mé féin

gidh bé dan treise a thoibhéim.


45 Baramhail aithne agam

a-tá, a chraobh fhial fhabhradhdonn,

ar do ghlár ’s ar ghné th’aighthe

gidh lán mé dod mhearaithne.


46 Gé aithnim th’aghaidh gcorcra

is th’ucht solus somholta

t’aigneadh ní aithnim a bheag

aithghreim dod chaidreamh caithfead.


47 Ní hé a ghuth as ghabhtha orm

mo bhiodhbha, a bharr na bhfiarchorn;

do mhealladh, a bhionnshlat Bhreagh,

d’iomlat teangadh ná tigeadh.


48 Is faoi leis an bhfear do chum

dhuit sgéal aimhleasa oram

gion go ndéine inn d’ionnlach

sinn dá chéile coimhdhiomdhach.


49 Ní hé ná badh éidir lat

a chosg, a chiabh na bhfionnshlat;

a mbí im cheann gion go gcoisge

[do-sní] dream as díochoisge.


50 Gion go gcoisge an gcaibhdhin mbig

do-ní orm cion nach ceilid,

cogadh na gcuradh coisge,

pobal Mumhan míonfhoisde.


51 Do choisgis cogadh chlann Luirc,

do cheartuighis chloinn shaorChuirc;

ceadh fa gcoisge na ríogha

’s nach coisge mh’fhear eissíodha?


52 Eadram agus mh’fhear cionadh

libh gion go reich réidhioghadh

réidh uaibh UrMhumha is Éile,

sluaigh urlamha aigmhéile.


53 Laighnigh i leith do dhroma

fraoch mar éirgheas eatorra

tú don chéadghuth ga gcosg soin

do bhrosd ar n-éagnach oruibh.


54 Do réidhigh do neart a-niar

snaidhm cogaidh Chloinne Uilliam;

truagh ar réidhigh do rosg glan

’s gan chosg ar n-éinfhir fhaladh.


55 Mar sin dámadh loinn libh-se

do choisgfidhe an gcaibhdhin-se;

tig dhíbh Í Chairbre do chosg

is airge an tír le a dteagosg.


56 Ní chluinim cogadh dá mhéad,

a Iarla Inse finnGhréag,

nach coisge ó nach ceile

gion go gcoisge ar gcoillidhe. Iong.


57 Saor, a Eilionór, ar mh’fheirg

th’aghaidh leathain mhóir mhíndeirg;

gé tá míndeirge id ghnúis ghloin

ní i gcúis díbheirge deargthair.


58 A Chondaois Cóigidh Mumhan

nar luigh ar lucht ealadhan

gidh tuar mo dhoirre a-dire

ní thoille uam oirbhire. Iongaibh.