firstLine"; ?>

1127. Iongnadh mh’aisling i nEamhain $
Length: very long c.46qq
Certainty: 2
Period:
  1. 13th ult
  2. 14th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. BL Add. 19,995 15th cent.
  2. RIA 2 (23/F/16) O Gara MS 1655-9
  3. RIA 743 (A/iv/3) 17th cent.
  4. RIA 490(23/N/15)MmcP UiLongain1740-
  5. RIA256(23/G/23) M.Og OLongain 1800-
Prints:
  1. transl. Eigse iv, 79 Williams, GBM, no.xv
Motifs:
  1. patron’s irresistible attractions for women
  2. comparison of patron with all rivals
  3. feart feile, poetic miracle
  4. druidic attributes of poets (fleasga etc.)
  5. Function of poetry
  6. liberality to poets
  7. prowess in battle
  8. hosting, sluaigheadh
  9. ravens as prophets ?
  10. Aisling
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde (RIA743, BLAdd 19,995)
  2. Tadhg Og (RIA 490 256)
Poet Surnames:
  1. cname only
  2. MacConmidhe (cname only RIA2)
  3. ‘Tadhg Og O Dalaigh’( M3
Patron Christian Names:
  1. Roalbh mac Eochadha
Patron Surnames:
  1. MagMathghamhna d. 1314
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Iongnadh mh’aisling in Eamhain


[Williams, N. J. A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe [Irish Texts Society 51, 1980), poem 15]


1 Iongnadh mh’aisling in Eamhain

i maidin chiúin Chéiteamhain:

atá sí ’gá dhearbhadh damh

ní nach dearnadh do dhéanamh.


2 Téighim lá d’fhéaghadh Eamhna

fa chuairt aoibhinn oireaghdha;

do ba céilidhe suairc sain:

séimhidhe ar gcuairt san chathraigh.


3 Suidhim in Eamhain uaine

i ndún Mhacha Mongruaidhe,

san ráith i raibhe Mughain,

baíle cháich is Conchubhair.


4 Goirid beag do bhádhas ann,

táinig an codladh chugam;

fam shúil do thuit toirchim shuain

ar chlúimh bhruit oirthinn ionnfhuair.


5 An suan trom ’nar thuit sinne

do-chonnac ann aislinge:

do-chím aingeal Dé ar mo dheis -

dob é mo dhaingean díleis.


6 Do-chonnac don taobh a-dtuaidh

go hEamhain Macha marcshluaigh;

lán gach learg glan dá ngreaghaibh,

dearg gach magh ó mheirgeadhaibh.


7 “Cúich an sluagh mórsa san magh”?

ar mise ann rem apstal,

“gríos a n-aighthe, geal a ngruadh

ó ghraifne mhear a marcshluagh”.


8 “Mic ríogh Síl Eoghain Oiligh

do-chí uaid dot ionnsoíghidh;

ceannas gach críche is dual dáibh

an sluagh ad-chíthe id chomhdháil”.


9 “Cúich an sluagh neartmharsa a-noir

i muigh Eamhna go hEamhoin?

seol catha go gcléith orraibh,

sgéith datha ar a ndromannaibh.


10 Lann chumhdaigh ar chrios gach fhir,

sleagha géara re a nguaillibh,

meirge chuanna ar gach cleith chuirr

is guala eich re hurluinn”.


11 “Onchoin fhear nÉireann uile

an sluagh mórsa mhothuighe,

mic ríogh Uladh is Ulaidh

do shíol churadh Chonchubhair”.


12 “Cia an ríoghraidhse riom a-neas

go ráith Eamhna na n-éigeas?

mar budh buaile a haithle a hair

gach faithche uaine ón eachraidh.


13 Mar thuinn chuain re colbha clach,

mar ghaoith re doire ndarach

tarann shróill deirggil dualaigh

an tslóigh mheirgigh mharcshluaghaigh”.


14 “Rígh Oirthir Eamhna Macha

na slóigh dhata dhíomsacha;

lucht dánab dual meanma mhear,

sluagh na hEamhna i nGurt Ghaoidheal”.


15 “Cúich an sluagh nuaidhese a-niar

dá gcois go hEamhain Oirghiall?

nua a ndaoine ’s gan é im fharradh -

is é is chaoimhe ad-chonncamar.


16 Sluagh is mhó dá bhfaca fear

gan arm acht fleasga fileadh;

sgiamh uaille orra uile,

donna uaine a n-éaduighe”.


17 “Saorchlanna an bhuidhean fhuil ann,

fir do Thuathaibh Dé Danann;

sgola suadh mbánfhuinn Bhanbha

an sluagh áluinn allmhardha.


18 Saor an fear re bhfuilid chois:

Roalbh Cluana, craobh Dhurlois,

bró dhruimfhliuch ag díon Banbha,

do Shíol mhuirneach Mathghamhna.


19 Fiaich a ratha um rígh nDuibhe

éigis Innse Laoghuíre;

flaith roBhanbha go daor dáibh -

saor an comhardha conáigh”.


20 Do ríoghsad dámha an domhain

Roalbh ó ráith Chonchobhair;

tonna ag líonadh trágha ar tairm

na dámha ag ríoghadh Roailbh.


21 Tig go ráith Eamhna - is é a theagh -

géag Shligigh ’s a shluagh fileadh;

ar n-eagar cháich ar an gcarn

leagar an ráith do Roalbh.


22 Comhruigid na ceithre sluaigh

in aonach Eamhna in aonuair;

do-bhí arna ar d’aithle a ngreagh

gach magh ó ghraifne a ngroigheadh.


23 Do sháidhsead orlann a n-arm

san ráith ’nar ríoghadh Roalbh;

na ceathra sluaigh ’na suidhe

fa stuaigh Ceachna i gcomhnuidhe.


24 Rioghaid ’na dhiaidh flaith Fobhair

mic ríogh gcóigidh Chonchobhair;

slat arna sníomh fa orsain

gach mac ríogh fan Roalbhsain.


25 Gabhaid éigis Innse Fáil

duain gach fhir d’onchoin Iomgháin;

ní mé an fear nárbh éigeas ann;

nír léigeas an seal seacham.


26 Do-chuadhas i gceann duaine,

dar leam, do fhlaith Chraobhruaidhe;

a mholadh féin ar gach bhfear

omhan don chléir do cheilfeadh.


27 Ó Charn Í Néid - nuaidhe an clár -

Éire Chuinn go Cloich Stacán,

ní chluine ón Chloich gusan gCarn

duine tar nach roich Roalbh.


28 Cách do mheas is minic leam:

[nocha breath bhréige bheiream]

toghaim fear is mheasta i meidh;

a meadh mheasta do mhaithibh.


29 Ní thabhair anóir d’ollamh

Gaoidheal maith nár mheasomar;

[mór n-uair téighiom dá dtuilmheas]

sluaigh Éirionn do athchuingheas,


30 Tugas cuairt Mumhan a-moigh,

do aigilleas Clann Charthoigh;

do bhá i gClíaigh na ríogh roimhe

eidir Shíol mBriain Bhóroimhe.


31 Do shireas Laighin i-le,

do iarras maithe Midhe;

cuairt Chonnacht ar gcoill toraidh -

do-chonnarc Cloinn gConchobhair.


32 Do aithín mé - móide a mbladh -

Connachta is Cúigeadh Uladh;

do mheasas go léir Leath Cuinn

gan neach fa mhéin nach measuim.


33 Gach a ndearnas tiar is toir

do mhaithibh Éireann d’iarroidh

nir fhéad duine a fheithimh orm

acht beithir Ruidhe, Roolbh.


34 Tánag i dtimcheall Bhanbha

fa nós mhic Mhéig Mhathghamhna;

tar sín laoi i so-aimsir sain

gnaoi an Roailbhsin do rochtain.


35 Is iad míorbhuile is mhó dhi:

[gidh mór fearta na féile]

cliar gach duine mhaith dár mharbh

ag guidhe raith do Roalbh.


36 Ní haisg do dhuine ar domhan

fear a fhéile d’adhmoladh;

a námha nochan aith orm

maith do rádha re Roolbh.


37 Nocha gráinne nár ghabh gort

a nós ag cliaraibh Connocht;

Síol gCréidhe nachar cháin neach

do bháidh a fhéile a n-eineach.


38 A chlú do-chuaidh tar a mbladh,

do chinn a ágh a n-eangnamh;

gach ni mar fhill cath ar chách

a rath do chinn a gconách.


39 Do throid ris ní racha fear

- cóir an teine do theicheadh -

nocha ciall aghadh ar arm;

nochar lamhadh riamh Roalbh.


40 An dtugadh do neach fa nimh

a thuile áigh nó einigh?

cia fa mhaoil uaibh nó fa fholt

fuair a bhfuair d’aoibh is d’ábhocht?


41 An crodh ag caithimh an fhoinn

feirrde fás fheoir an fhearoinn;

fréamh chroinn arna buain dá bhun

fa coill ór uair a ionadh.


42 Budh saidhbhride seabhac Fáil

cách ag caithimh a chonáigh;

ní gnáth tacha clach ar charn -

ní racha a rath do Roalbh.


43 Ní racha a dhealbh dá dhreich glain

re hanbhuain creach nó cogaidh;

ríoghna Oirghiall do aimsigh

foirniamh ríoghdha an Roailbhsin.


44 Mór d’ingheanaibh le budh áil

mealladh an deirggil déadbháin;

tearc bean dán beite ’na thigh:

is feite an teagh ar theinidh.


45 Castar ciabh, caoltar mala

le mnaoi go mac Eachadha;

go mac Sláine do bhí bean

ar tí láimhe do láisteadh.


46 Do-clos sa tuaisgirt a thairm

eas abhann fhéile Roailbh;

tarann a áigh nochan an;

a ghráin is abhann iongnadh. Iongnadh mh’aisling