Poem in printable PDF format
Ionmhain agus
aithionmhain!
[Mac Niocaill,
Gearóid: Duanaire Ghearóid Iarla (Studia Hibernica, 3, 1963,
7ff.), poem 30]
1 Ionmhain agus
aithionmhain!
Creid mar do
luighinn leabhar,
annsa liom a
haithiomdhaidh
ná gach iomdhaidh
san domhan.
2 Mina bhfaghar
trócaire
fám beith sa
riocht i bhfuilim -
ní cosmhail re
mórthoice -
fulang carad ni
thuillim.
3 Gach neach
bhíos i móirdhithfir
ó nach gabhadh
bheith ionnraic,
go dtuga Dia
fóiridhin
air sin fo cheann
a....
4 Ionmhain agus
láinionmhain
do dhligheas
bheith do Dhiarmaid;
saoth liom cloch
os cláiriomdhaidh
ar an ngéag úir
mar iarraim.
5 Gráinne do bo
ghlé-ionmhain
le Diarmaid nár
ob iorghail -
álainn iad in
éiniomdhaidh -
deacrach do fuair
a hionmhain.
6 Inghean
Iaichim, óghMhuire
ón laogh do oil
’na hiomdhaidh
go bhfagha sí
trócaire
dom féin agus dom
ionmhain. Ion.