firstLine"; ?>

1130. Ionmhain an feart i bhfoil Brian $
Length: short 10qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-7
  3. RIA 743 (A/iv/3) 17th cent.
  4. NLS Adv 72/1/49 ?cent.
  5. RIA 3 (23/L/17) S.O Murch. na R. 1744-5
Motifs:
  1. qualities of patron’s character
  2. poet as patron’s lover
  3. patron’s liberality to poets
  4. poet’s own mourning
  5. Judgement Day
Patron Christian Names:
  1. Brian
Patron Surnames:
  1. O Neill [Buidhe, d. 1574?]
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Ionmhain an feart i bhfuil Brian

[O’Conor Don, 153a]

[Rannaíocht Mhór, Dán Díreach]


1 Ionmuin an fert a bfhoil Brían

mo serc do luid ar a lúadh

fert í Chuinn nachar chlecht síodh

do bhuing diom fa tshecht mo shúan.

2 An tí ararbh eólach gach áon

’s nar dheorach um dhíol na súadh

’s rérbh ionmuin gach dream re dán

ionmhuin ’s as cradh lem a lúadh.

3 On réultain dob iomlán n-áigh

ní feduim iompadh dom úidh

ionmhuin arna mhes a mhéin

cnes séimh darb iomdaidh an úir.

4 Mé an file do chlecht a chion

frémh ar ccridhe an fert ’sa fer

mo serc an cumannr an col

mo tol an derc mongd[h]onn mer.

5 Mo rún an mhala gan maircc

duinn do budh cara gan cheilg

mo crádh an creidemr gan tuilcc

grádh ar n-úird aignedh gan feirg.

6 Mo creach an bél nach báoth glór

’sa[n] déd daithgheal fa sáor snúadh

bas náoidhe lér eirigh ágh

lámh do réidhigh dáoire drúagh.

7 Bía[i]dh ar ndile dáib go hég

mo croidhe gé do cráidh síad

na grúaidhe ’s an aghadh óg

rabadh fa fhód úaidhe iad.

8 Ge cúis tuirrse ar chin ó Chonn

a-niú gan coimdhe ósa ccionn

gan da ccoimdhe acht coiméd ceall

doilghe cenn na bfhoigeg bfionn.

9 Gé tá giall Uladh a n-úir [153b]

a nÁth Cliath na ccupadh n-óir

fa éigne chúain Témra an Trír

do-chinn slúaigh go menmain mhóir.

10 Ni faicfe mé misde dhúin

mo seisi d’Íbh Neill mo-núar

gnúis an té do char an chlíar

go rabh ar slíabh na sé slúagh.

11 Slán Gáoideal ar nguin ar-ís

a n-áoinfer ni fuil mo spéis

m’urraidh comhuill mo craobh chnúais

gan gúais d’áon oruinn da éis.

12 Nírb íad sin m’aisgedha úadh

an gaisgedhach nár shir síodh

tug Brían tar gach nduine dhún

a rún riamh ’s a uille um fhíon. Ionmain...