firstLine"; ?>

1132. Ionmhain baile brugh Leithbhir $
Length: short 11qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. House mp
Manuscripts:
  1. RIA 4 (24/P/27) late 17th cent.
  2. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
  3. RIA 727 (23/C/33) M.OgOLongain 1810-
  4. Mayn. M13 Micheal Og O Longain 1820
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 5
Motifs:
  1. reading and writing poetry
  2. Historical comparisons
  3. house/furnishings
  4. chess
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (RIA 4, NLI G 167)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Conn
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1583
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ionmhain baile brugh Leithbhir


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 5]


1 Ionmhuin baile brugh Leithbhir,

lios an longphuirt shaidhbhirthigh;

ceardcha oinigh fhear nUladh,

treabh ren doiligh dealughadh.


2 Ionmhuin dias ’ga dtá an teachsoin

gan iomad gan uireasbhoid­h;

bárda an tuir thonnmhálla thigh

tuir congbhála an chóigidh.


3 Gearr lá dá fhad ’na fhoghair -

ríghmhíle Chláir Chonchobhair;

laoi leabhra is aithghearr uaidhe -

baincheann Teamhra taobhnuaidhe.


4 Inghean Sheaáin Uí Néill náir,

Mac Uí Dhomhnaill Dúin Iomgháin -

siad san phurt shoidhealbha shean

’na lucht oileamhna aoigheadh.


5 Ionmhuin bruidhean ’na mbíd sin,

ionmhuin lucht bhíos san bhruidhin;

slógh an toighe is teach an tslóigh -

mo chean neach fhoighe a n-onóir.


6 Ionmhuin teaghdhais aoibhinn aird,

a buird, a cuilte, a cupaird;

a múir shídhe chuanna chuir,

a sduagha míne marmuir.


7 Ionmhuin brugh ’na mbíodh sinne

seal ag imirt fhidhchille,

seal re hingheanraidh fhear mBreagh,

seal re finnleabhraibh fileadh.


8 Dúnadh Leithbhir na learg nglan -

ní fhéadann duine ar dhomhan

triall uaidh ó urmaisdear air;

Durlaistreabh thuaidh an teachsoin.


9 Nó Eamhain do chlaochládh cruth,

nó Cruachain chloinne Mághach,

san ráith bhiligh greaghaigh gloin,

nó Teamhair chinidh Chobhthaigh.


10 Nó is é Nás, longphort Laighean,

san chéidriocht ’nar cumhdaigheadh;

adhbha thaissean chuaine Chuirc -

nó Caiseal uaine ordhuirc.


11 Nó is é múr finnLeithbhir féin -

beag más fhearr dúnadh díbhséin -

do-chuaidh ’sna reachtaibh roimhe

dá gcleachtair uaibh ionmhuine.