firstLine"; ?>

1139. Ionmhain teach re dtugus cul $
Length: middling 29qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. House mp
Manuscripts:
  1. Harvard O’Byrne MS c. 1726< 1622 ex
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
  3. RIA2 (23/F/16) O Gara MS c. 1655-9
  4. NLS Adv. 72/1/49 ? cent
  5. TCD 1288(H.1.14) Aodh O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no 47 extract transl. O’Grady Cat.i, 474
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. envoi to other patrons
  3. imagery for patron
  4. qualities of patron’s character
  5. patron’s feasts
  6. patron’s liberality to poets
  7. War with English
  8. Historical comparisons
  9. mythological allusions
  10. house and/or furnishings
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (BOCD, RIA 2 etc)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Feidhlim mac Fiachaidh mheic Aodha
Patron Surnames:
  1. O Broin d. 1630
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Ionmhain teach ré dtugas cúl


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 47]


Eochaidh Ó hEóghasa


1 Ionmhuin teach ré ttugus cúl,

fionnbhrugh luchtmhar na lios mbán

múr síodhfhoirfe sliombláith saor,

fionnráith chaomh líodhoilfe lán.

2 Ionmhuin míntreabh ágbhláith oll,

a fágbháil ba fírleasc leam;

do bháith a snímhimneadh sionn

ráith fhionn na sídhinghean seang.

3 Ionmhoin meadhair a mac ríogh,

ionmhoin tlacht a heasdadh n-úr,

ionmhoin reabhradh a con gcaomh

’s a scor saor leannghlan ar lúdh.

4 Ionmhuin snuadh bláithgheal a brat

’s a sluagh ’na ngnáithbheartaibh gleac

séis neamhdhuidhe caoine a crot

’s faoidhe a stoc mbeannbhuidhe mbreac

5 Ionmhuin sreath dáileamh an dúin

nách ráiteach ré headh an óil,

’s fuighle a hógbhan snuaidhgheal sídh

do thógbhadh dínn buaidhreadh bróin

6 Ionmhoin a heasrán ’s a haobh,

’s is ionmhoin seasdán a sluagh,

is mearghraifne a ngreagh dá ngníomh,

sníomh a sleagh reannghairthe ruadh.

7 Is amharc a hasnadh ndlúth

is radharc a gasradh ngnáth,

silleadh a coilgshleagh ’s a cuach,

rinneadh a bruach mboirdgheal mbláth

8 Díogha turuis tarla liom,

anmhoin a nUltaibh dob fhearr;

dul go port na saorchlár sliom

olc liom is claochládh am cheann.

9 Iosdadh niamhghlan Cairrge an Chróigh

nách iatar le haidhbhle sluaigh,

Traoi Laighion an síodhmhúr séimh,

díobhdhúdh dom chéill m’aigheadh uaidh.

10 A ttarla do radharc riom

is amharc marbhthach rom-mheall;

muna síoth a saoirlios sliom,

ní fríoth liom aoibhnios dob fhearr.

11 Treabh asnabhláith go ngné ngloin,

an é teach Manannáin mhir,

nó an síoth fár fhear Fionnbharr fuil,

nó an teagh ’nar shuidh Sioghmhall sin.

12 Nó an é teach Ábhartaigh d’fhoirm

an bláthbhrugh-soin nách beag gairm,

nó síoth líonmhar braitgheal Boidhbh,

aitreabh Doilbh nó síodhbhrugh Sainbh

13 Nó an é do scar Aonghus Óg

ré hEalcmhar nárbh aobhdha rúd?

múr griandoilfe fán gnáth éd,

nó an scáth brég siabhairthe súd?

14 Nó an é Nás, róbhrugh na ríogh,

inar ghnáth an ógbhadh fhial,

nó lios Carman na gcladh n-úr,

an múr glan fá ngabhladh grian?

15 Iosdadh slaitgheal Cairrge an Chróigh,

aitreabh as daingne acht ar dháimh,

múr na ttreabh saoghalta sídh,

aonshompla sídh is cean cáigh.

16 Iomdha dream ag conchlann cleas,

is fothrom arm slios re slios,

is cuach lán mbeannbhuidhe mbras,

[’s] sgeamhghuire ghlas lámh san lios.

17 Treabh lonnrach na laochradh n-óg,

mo chean snaidhm na n-aolchloch úd,

garrdha caomhanta um chath nGrég,

scath na séad saoghalta súd.

18 Ó chlachaibh ceangail gach cuaigh

’s ó lasruibh a heirreadh n-óir

is fatha siabhraidh lé súil

datha an dúin niamhghlain am nóin.

19 Ionmhoin teach dá ttá mo thoil,

ionmhuin fear a-tá san toigh,

draig airmghreanta as arnaidh guin,

tuir daighshleachta barrghloin Broin.

20 Teach mheic Fhiacha, iosdadh saor,

fialbhrugh nach beirthior a bhuadh,

tar a ndéinim ní dó a-tám,

mó mo ghrádh d’Fhéilim mon-uar.

21 Fearr do dhíol annsa an t-ainm fuair

’s na hairrdhe ar nach aghthar béim

díoghruis muirne an mhéirsheing bhúidh

fuighle rúin ar bhFéileim féin.

22 Díorgha a gheallámh, gloine a bhés,

a fhoidhide, a neart, a nós,

buga a mheanma ag dáil a dhuas,

a chruas a láibh feadhma fós.

23 Grian nua ag ardachadh ós fhiodh,

triath Raghnallach na ruag mear,

glac rochalma as réidhe am chrodh,

céile scol bothadhbha Breagh.

24 Mac mheic Aodha, óradh ceall,

gein mhaordha mórtha na bhfonn,

cosc ainbhreath Adhbha na bhFionn,

mionn amhra na Laighneach lonn.

25 Rún eagnuidhe as amhra ciall,

arthrach as seasmhuighe seól,

dórtadh créachtfhala clann ríogh,

sníomh céadfadha Gall a ngleódh.

26 In dá Aodh dá ttugas tol,

lé ttugtha aobh dá gach fhior,

táinig dom chrádh tuirsi as-teagh,

grádh na bhfear rom-chuir-si a gcion.

27 Inghion Fhiacha, aigneadh saor,

an chiallmhar fa cneasda rún,

dreach niombán do nuaidhe cliar,

triall uaidhe fa diombádh dún.

28 Méd is tighe a toirbhiort ttrom

do bhoingsiod dár slighidh sionn;

dísle a rúna is roghrádh leam,

do mheall comhrádh Una ionn.

29 Gnúis nár as soidheargtha snuadh

nách doimheallta ag dáimh fá dhíol,

toradh gég na nGaoidheal n-úr,

rún nár bhrég aoinfhear fá fhíon.