firstLine"; ?>

114. A naomhMuire a mhathair De $
Length: short 15qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. R.I.A. 8 (24/L/6) E. O Caoimh ?1679
  2. Mayn. C88 Eoghan O Caoimh 1704
  3. RIA151(23/D/13)S. MacSolaidh c1713
  4. TCD1411 (H.6.7) D. O Conaill 1737
  5. Mayn. M84 S. O Murchadha na R.
Motifs:
  1. the Trinity
  2. the Seven Deadly Sins
  3. The Ten commandments
  4. Hail Mary
Poet Christian Names:
  1. Domhnall (mac Daire) RIA962
  2. Donnchadh (Mor) RIA151, TCD1411
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
  2. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. BVM
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

A naomhMhuire, a mháthair Dé

[RIA 8 (24/L/6), 12]

{Donnchadh Mór Ó Dálaigh}

[Rannaíocht Mhór, Ógláchas]


1 A naomhMhuire a máthair

guidh liom féin an peacach bocht

a-nnois 7 uair mo bháis

as truaidh an cás a tú a-nnocht.

2 Guidh go díochra do mhac féin

fá bheith dod réir a ghnúis ghlan

m’fhóirighthin ós é do mhiann

guidh dod réir go mbia do mhac.

3 Guidh an t-athair ’s an spiorad naomhs

a-rís am thaobh a ghrian bhan

trí persana is aoinDia a-mháin

guidh an ríghthriath slán dom char.

4 Díoghaltus díbhfherge Dé

ní hiongadh é a n-uamhan orm

lér thuillios fala agus fíoch

muna ttaga dhíoth a chur thorm.s

5 Seacht bpeaca marbhthacha am chlí

fuaradur slíghe géadh cumhang an treabhs

is comhachta ar an méid budh lioms

gid[h] tréan ós a ccionn um chreat.

6 Uabhar sainnt craos is druiss

leisge tnúith formad [is] fearg

lucht leanamhna a-tá am dheóig

dá ttugus dom dheóin an tshealbh.

7 Deich n-aitheannta dlíghe Dé

do bhris mé gach aithne ar fad

creidiomh daingion acht amháin

do bheith agam má tá glan.

8 Ainm Dé lé hádhbhar saor

is taise naomh a múr cheall

as mionca tug mise riamh

ná ruibe liath ar mo chend.

9 Do choiméd saoire go cóir

gan dul tar fhóir ar an reacht

aon lá da ttáinig dom ré

ní dhearrnuig mé mar badh dleacht.

10 Níor onórus sinnsior riamh

mur d’órduig Dia derbh an sgéal

is cédh anbhfann brígh mo aomh [leg. lámh?]

do bhiodh a lan marbh lé am bhéal.

11 Níor obus caruid ná cill

fán méid ar ar chinn mo lámh

gan guid ann ar chuirios dúil

(i)s do ghoid an tshúil cuid dár fhág.

12 ’Na líontuibh do gabh an druis

(i)s do ghoin mise a ttúis mo ré

mná cuil is comharsan (i)s cách

dá ttugus gradh nár dhlig mé.

13 Fiaghnuise breige faoi dath

lé fonn dom mhaith do theacht

uch as mairg do-rín[e] riamh

ós mise an t-ia do-rín é.

14 Ní fhaca bean áluinn óg

oighreacht ór is brug fionn

ag aoinneach nac sannteochuinn iads

da ndeonnadh Dia go madh liom.

15 As mise ar cairde do chuir

an aithríghe céadh tuigse shaobhs

ar iocht mo ré do bheith buan

uch as truagh mo riocht a naomh. A naomh...