Poem in printable PDF format
Ionmhain triúr
táinig dom fhios
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 18]
1 Ionmhain triúr
táinig dom fhios,
do sheinn oram
tré áineas,
triúr do shíol
shírshleachta Bloid,
líon mínleaptha
an triúr tánaig.
2 Do cheangal
chonnartha leam
suidhid fá seach
im thimcheall,
triúr
goirmdhearcach gan ghlór searbh
an pór
oirbheartach óigleanbh.
3 Fríoth dhamhsa
urra ar gach aon,
do chionn molta
na macaomh,
ón droing shaoir
sheangmhálla shéimh,
budh laoidh
deaghdhána dhóibhséin.
4 D’iath ó dTáil
budh ceann cloinne
Tadhg, sinnsear
na saorchloinne,
ag foghlaim
oinigh ’na dhiaidh,
oighir Domhnaill
uí dheighBhriain.
5 Budh iad
eolaigh fhóid Mhumhan
sluaigh ó gCais
um Chonchubhar:
ó Dhia dá
thairngire atám,
nach bia
ainbhfine ar iomrádh.
6 An treas cnú
don chrobhaing ghloin
Tadhg oile,
oighre Mhurchaidh:
ag riar dámh an
eoil arsaidh
budh lán beoil an
Brianachsoin.
7 Fán gCloinnse
Chais budh coill dín
trí beangáin a
criaidh cheiníl:
ní bhí acht file
dá bhfoghail,
na trí bhile
buantoraidh.
8 Trí seabhaic go
séan seilge
ar lucht déanta
díbhfeirge:
i mbáidh
cheineoil, i gcomhaois,
meireoin áigh a
haonfhoraois.
9 Trí beithreacha
go mbuaidh gliadh
a los cosnaimh
múir Mhaicniadh;
na trí comthaigh
dá chéile,
budh tri honchoin
aigmhéile.
10 Trí hurchradha
na n-eo bhfis,
trí sgealláin
ubhaill óirchnis,
trí blátháin
déanta ar ndána,
sgátháin bréagtha
bandála.
11 Trí húrchna is
uaisle mogail,
trí sreabha a
haill fhíorthobair,
pór ríoghchraobh
go rún bhféile,
súgh fíonchraobh
na flaithréime.
12 I Leith Chuinn
ag cur chatha
gearr go mbiaid a
mbonnsacha,
don druing áigh
fhearchonta mhir
’na ngáibh
gealchorcra gaisgidh.
13 Trí comáin
beartha an bháire
ar laochraidh
fhóid fhionnMháighe
léigfid díobh ar
dornchlaibh déad -
do shíol
gCobhthaigh budh coimhéad.
14 Na hóigse ag
tionól ré ar dtaoibh,
budh tréad
míleadh na macaoimh;
each slaite ar
bhreith gach Bhrianaigh
mar eich aice
óirshrianaigh.
15 Mar theinte ó
dteilgthear crithre,
lasas a los
aoindrithle,
an triar fán
mBanbha mbántais,
damhna gliadh is
gabháltais.
16 Beith ar dtús
ní toibhéim air,
nós gnáth an
ghlanóir uasail,
’na chaoir mholta
mhianaigh thim,
sompla don
Bhrianfhuil bhraithim.
17 Sé gealtaoibh
chuanna mar chuip,
sé colpa céimeann
n-ordhraic,
sé troighidh bhus
taca i n-ágh
sé glaca an
oinigh d’fhadádh.
18 Sé gruaidhe
nach iarr adhaint,
sé mailldearca
móramhairc,
ní dá
n-aimhdheoin ní hiarrthar,
trí sainbheoil go
sídhbhriathraibh.
19 Conchubhar
taoibhgheal, dá Thadhg,
ag díol sgol, ag
riar ríoghbhard,
ag soin an triar
do thoghas
fám riar ní fhoil
mh’amharas.
20 Go ndáile an
Tríonóid don triar
ré fhada ar úir
na naoimhchliar;
sgoith na
bhfionnshluagh gan chleith gcroidh,
bheith dá
n-iomluadh is ionmhain.