firstLine"; ?>

1141. Ionmholta an t-oglach nach diongnadh
Length: middling 25qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early (c. 1620)
Areas:
  1. Scotland
  2. Elsewhere Louvain
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. Bruss.Bib.roy. 6131-33 Bk O’D’s dau.17c
Prints:
  1. text Irisleabhar Muighe Nuadhad (1931), 43-6
Motifs:
  1. envoi to another patron?
  2. favour from English king
  3. imprisonment
  4. exile
Patron Christian Names:
  1. Seamas mac [Aonghuis] mic Seamuis
Patron Surnames:
  1. MacDomhnaill (of Lochaber d. 1626)
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Ionmholta an t-óglách nach diongnadh


[Pól Breathnach, ‘Interpretanda’, Irisleabhar Muighe Nuadhad, 1931, 37-46: 43-46]


1 Ionmholta an t-óglách nach diongnadh

ag déchuin don mhaith as mó

le tal a ríogh nó gan rothal

gníomh as ar ghar dochar dhó.


2 Rí Bretan as beg dá fhortún

óglách mar sin as sé fhuair

cumhdach ríoghfhlatha cliath chaguidh

triath míonLacha hAbair fhuair.


3 Dar gabhadh is é na ógán

ua Sémuis nár thuill acht tail

le tréan bfhaladh is le fairbhríogh

dar gabhadh sgéal ainbfhíor air.


4 Dar héisdedh éagnach a bhiodhbhadh

do bhíthin a bheith a nglas

nár chuir ar ccúl an gcoir mbréguidh

ad-roigh go Dún nEdair as.


5 Dá bhliadhuin dég a nDún Monuidh

do Mhac Domhnuill do dhruim thnúidh

mar nár thuill a ttigh na daoirsi

gur bhuing sin do shaoirsi a shúil.


6 Mac Raghnuill ó ad-chí san ccumhga

cenn a fhine dob é a am

do thóguibh dhó an t-imdhecht oirdheirc

inntleacht go ró n-oirbhirt ann.


7 Gé gur é inntleacht na braghad

ar an bpríosún do fhuair am

nocha bhiadh na fhatha n-abuidh

gan triath Lacha hAbuir ann.


8 D’éis éaloidh ar ndul ar daingnech

decair leission lór do thail

ferg a ríogh d’adhnadh go hanmhór

gur tarrngadh líon d’armshlógh air.


9 Dar hionnarbadh ó iath Alban

go n-uathadh d’fhedhuin na fhail

nó gur thaisdil braonchlár Banbha

baisdidh claochládh anma air.


10 Tréasan bFhraingc go Flonndras ttoirthech

don turus-soin tairngidh sé

don Sbáinn réidh don Eadáill oirdheirc

ní céim begáin oirbhirt é.


11 On fPápa is ón fprionnsa Filib

fuair onóir toirbhert is toil

réasan naoidhidh ó iath Ile

faoilidh triath gach tíre thoir.


12 Mac Raghnuill tar éis gach aisdir

mar do haithnedh uaisle a ghníomh

ní hí an choir a-mháin do maithedh

táir iar soin raichion a ríogh.


13 An chúis fa a raibhe rí Alban

ar n-amharc uirthe go grinn

táir a ghoimh do gheabh ga dhíbheirg

do bhean soin da ríghfheirg rinn.


14 An tan fhuair Alasdar éisdeacht

innisis dó druim ar druim

cúis mherbhfuil an datha dlighidh

nemchoir flatha a chinidh Cuinn.


15 Tairngis Alasdar le honóir

ua Sémuis mar fhuair an t-am

gusan rígh d’aithle gach imnidh

raibhthe sídh ar imdhigh ann.


16 Amhuil tug a tigh na daoirsi

dregan éachtach Insi Til

do réidhigh raon oile an uair-si

roimhe do thaobh uaisle an fhir.


17 Tánuig onóir airdríogh Saxan

saoradh ban ar bualadh mbas

tánuig maith ríogh agus ríghe

is síodh do fhlaith Ile as.


18 Maith don rígh ga raibhe a ndaoirsi

gan dul na dháil ní budh sia

bás an nemhchoirigh le a nós-san

nár dheghthoiligh dó-san Dia.


19 Maith dó-san a n-aimsir éigin

óglách buan do bheith da réir

an rí nach bí ar toil a thíre

ní bhí soin na ríghe réidh.



20 Maith do ríghe Alban áille

uirthe an uair-si gur fhill sé

fer smuainidh dochair a dála

guaillidh rochuir lámha lé.


21 Maith do ríoghraidh oiléin Alban

éalódh archon Innsi Gall

do-ghéna ní da bfhuair d’fhoghluim

da ttí uair an fhorluinn ann.


22 Cethra bliadhna do bhí Sémus

sechnóin na cruinne cian liom

go ttánuig cridhe a ching fhíre

ar bhile Chinn Tíre iar ttrioll.


23 An sgéal fíre ó fuair an t-airdrí

oirchios go bfhuighe flaith Luain

tuilledh tuillmhe tuilledh conáigh

tuilledh muirne is onáir uaidh.


24 Meastar fos go bhfuighe onóir

Alasdar ar uaisle a ghníomh

ar na meas isan modh bfhíre

ag dol le leas ríghe is ríogh.


25 Do shaor Alasdar le a oirbhert

aicme Cholla go nua a-niodh

ar shníomh do bhuing as a mbasuibh

ó shíol cCuinn do chosain cion.