firstLine"; ?>

1143. Ionnmhas ollaimh onoir riogh $
Length: long 32qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. RIA 625 (3/C/12) O’Curry trscr. BOCD
  2. Bruss. Bib.roy.6131-33 Bk O’D’s dau.17c
  3. Book of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. transl. Studies 41 (1952), 99-104
Motifs:
  1. Material rewards for poetry
  2. Poet’s privileges
  3. fear of replacement by rival
  4. poet-patron relationship
  5. king’s officer: aos gradha
  6. legal maxim
  7. legal terminology
  8. aonach
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (Bib.roy. 6131-33, BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh Ruadh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1602
Apologue Subclasses:
  1. Knight gave horse for post at French court
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ionnmhas ollaimh onóir ríogh


[Lambert MacKenna, ’Some Irish Bardic poems’, Studies 41 (1952), 99-104]


Fearghal Óg Mac an Bhaird


1 Ionnmhas ollaimh onóir ríogh;

fogas dó dol a ndimbríogh

muna raibh fa rinn mhuirne

a bhail a chind chomhairle.


2 A láibh aonaigh nó fa fhíon

a bheith a n-onóir airdríogh

um chlár seang lionnghlas Lughaidh

geall re hionnmhus d’ollamhuin.


3 Damh féin bheanas a bríogh soin;

onóir ríogh fhréimhe Dálaigh,

mar ionnmhas do ba lór liom

idir shlógh riondghlas Raoilionn.


4 Buar is eich agas iondmhas

bró chuach is cholg n-imiollghlas

fa chró dtaobhshocair in Trír

mó aonfhocal ó airdrígh.


5 Dá mbeind gan anóir ag Aodh

ní bhiadh muirn orm a n-éantaobh,

draoi do ghlac loise re a linn,

ar Mhac Coise dá gcinnind.


6 Muna bheind tréan ina thigh

dá mbeind mar Mhac Liag Luimnigh

um Chlár sriobhghlan ccuirmthe cCuinn

ní fuighthe iongnadh ionnainn.


7 Niam roithréan ar a dhreich nduinn;

ní chreidim nach uair orainn

furtacht éigin oiléin Bhreagh

toibhéim éigin ós íseal.


8 A uille re headh gcuirme,

a chogar, a chomhairle,

dá ngabhadh múr cithgheal Cuinn

dhúnn do dhlighfeadh Ó Domhnoill.


9 A n-Éirind na n-aibhniodh lag

rí is ollamh is easbag,

triur is uaisle, ós dóibh dhleaghair,

uaimse is cóir a chreideamhain.


10 Ionand iniocland más fíor

do rígh is d’ollamh airdríogh,

barr claon far cuibhrigheadh coill,

cuimhnigheadh Aodh a n-abraim.


11 Re codhnach Doire a-deirim

nach fiu mé, is hé aithnighim,

muirn ollumhan damh do dháil,

fa mhagh gcollumhal gCruacháin.


12 Dámadh fiu mé hí d’fhagháil

díoghrais ríogh fpuirt fParthaláin

thall fa thriath flaithfhréimhi Floinn

ní bhiath aithmhéile oroinn.


13 A ndíoghrais ríogh fhréimhe Cuinn

do-chím daoine ag dol romhainn;

is tríd bhíos, gidh deacar dhamh,

gríos mo leacan ar lasadh.


14 Gidh náir dhamhsa idir chrú Cuinn

bheith gan díoghrais Í Dhomhnoill,

is mó is fhíornár dá aghaidh

um Chró gcíoghbhán gConchabhair.


15 Gan mhuirn ní thigim ’na thigh;

as í onóir mhac Mílidh

fa Chlár seang ccleathumhal gCuinn

beathughadh is fhearr orainn.


16 Gibé ar tús dá dtugthar neimh

go hóg is hé ’na naoidhin

ní mharand ’s gan hí d’fhagháil

do-ní a anam d’ionggabháil.


17 Dála an ridire reimhe,

re rígh Fraingc eacht d’áiridhe

fa mhuirn fhinnleomhain Chláir Chuinn,

dom dháigh imdheobhaidh oruinn.


18 An ridire óg uaibhreach

do chuaidh lá ar each n-anshuaimhneach,

d’fhios dhaighríogh an tíre thoir,

far mhíne gairbhshíon gheamhraigh.


19 Tug an rí d’éis a haithne

grádh don deigheach dearrscnaighthe;

lé níor dhodholta a gceann cleath

an tseang shomholta shuaimhneach.


20 “Riom budh-dheasd déana mo thoil,

a ridire óig éachtaigh,

reac ar séd oichtbheann n-Eorpa

do sdéd coirpsheang ceineolta.”


21 “Ar son m’eich, a fholt niamhdha,

mar fhear gráidh eadh éinbhliadhna,

- bíodh do thal lind ag lighe -

gabh rind,” ar an ridire.


22 “Goir chugad meise a measg cháigh

ad chomhairli, céim neamhnáir,

feadh aoinbhliadhna, buan in bhreath,

a ghruaidh taoibhniamhdha thibhreach.”


23 A each ar an eacht soin uaidh

do ghabh an deighrí ar deaghuair,

níor cheil ar rí a fhíorrún air;

’na ríoghdhún do bhí bliadhain.


24 A bhreath féin nír fháth orchra;

fuair do chiond a chondortha

thoiriomhain mar budh lór lais

d’ór is d’oiriodhaibh ionnmhais.


25 Meise in ridire reimhe,

Aodh Ruadh an rí oirnighe,

díoghrais mh’ealadhna is í an t-each;

neamhumhla dhí níor dheighbhreath.


26 Reacfad mar ridire an eich

ar sheirc mbuain bhias ar neimhchleith,

bláth na gcraobh ó chlár Line,

mo dhán re hAodh oirnidhe.


27 Giodh ionand ní hionann dúinn;

ar rígh Breagh na n-éacht n-iomthnúidh

gruaidh nár fan craoibhniamhdha an choill

ní grádh aoinbhliadhna iarraim.


28 Ag síol cConaill na gcolg tte

a-tá an aicme ór fhás sinne,

dá méadachadh tar Fonn bhFáil

um shédAchadh gcorr cCruacháin.


29 A cConall in chláir thairthigh

fearand suas dar seanaithribh

tug an cuire far claon fiodh,

saor ar an uili ainchion.


30 A fhiaghnaise ar éigsibh cáigh

má do thuillios hé d’fhagháil

dlighiodh mh’aithreach druim ar dhruim

ó chiniodh chaithmheach Conaill.


31 Slán ag Aodh [dá bhfaghar]

cheart m’aicme a hucht mh’ealadhan;

a fhagháil muna fiu mé

ní bhiu dh’anáir na héigse.


32 Ua Sémais airdrí Fhóid Rois

grádh meic Aodha meic Mhaghnais

fa Iath Fáil na ngéirreand nglas

do dháimh Éireand is ionnmhas.