Poem in printable PDF format
Is adhbhal an
amhnáire
[Mac Niocaill,
Gearóid: Duanaire Ghearóid Iarla (Studia Hibernica, 3, 1963,
7ff.), poem 10]
1 Is adhbhal an
amhnáire
tré réad de
chaoineas comainn
ná gabhaid mar
adhnáire
bheith ’gá
iomardadh orainn.
2 Ní ar dhaoinibh
daoscaire
do thréigfinn ní
nach dingninn,
gion gur garbh ar
n-aontai-ne
is ar m’aigneadh
féin imrim.
3 Maoidhim mo
bheith tuilchiontach -
ráidh ré dtabhair
guth orainn -
má do bhac as
muintearas
do neach díobh,
gibé fochainn.
4 Tiocfaidh díobh
den torainnse
gé do bheinn tríd
gan oighre
gan bhreith ar an
gcolainnse
acht an bhreath
bhias ’gan gCoimdhe.
5 Go roiche
Críost ceirtbhreathach
’na dhún Diarmaid
mac Cormaic,
macámh nach raibh
leithbhreathach,
craobh a
fionnchoilltibh Fhorghais.
6 Mac Í Dhuibhne
deaghchraidhe
do char
caoimhinghin Chormaic,
mása fíor dár
leabhairne
ní raibh sé i
ngaol ....
7 Ní hadhbhal dam
daghdhóchas
do bheith agam a
Muire,
inghean Iaichim
ardghlórmhar,
máthair airdríogh
na cruinne.