Poem in printable PDF format
A Niocláis, nocht
an gcláirsigh!
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 25]
1 A Niocláis,
nocht an gcláirsigh!
léig imtheacht
don fhuaráin-sin;
seinn ilcheóla
naoidhe anos,
faoidhe ó
n-imtheógha m’fhiabhras.
2 Aisdrigh na
slighthe seanma,
tráigh ar ttuile
mímheanma,
coisgthe dheid
d’eólchaire inn,
leig don
cheólchroidhe cuislinn.
3 Toigébhaid téda
do chroinn
seól aigeanta
d’aos mearbhaill;
lúth na healbha
ót ocht méraibh,
socht ar meanma
moisgélaidh.
4 Mná ré
n-iodhnaibh, aos galair,
codlaid léd cheól
síodhamhail;
an tráth nochta
an gcruit gcoraigh,
luit chorcra ní
cronaghair.
5 Ní thabhair aon
dá aire
an nasg do-ní an
sgallaire,
ré bruach bhar
srotha seanma,
náid gotha cuach
gCéiteamhna.
6 Cia an
díthreabh nó an dionn folaigh,
cia an síodh trá
a ttarrabhair
barr do chara ar
an gceól gcrot,
nárbh eól dá
rabha romhat?
7 An í do mhúin
díoghrais duit,
lámh Chraiftine
an cheóil ordhruic,
siansa do mheóir
ar mhodhaibh,
nó is d’iarsma
cheóil Chaschoraigh?
8 Nó an
gcualabhair cuid dar sheinn
an tí rug ó
dhoilbh Doirinn,
lér lean sibh an
séis bportaigh
ó sin tar éis
Ábhartaigh?
9 Nó an é fós
fuarais d’oide
rí an chiúil,
céile Bhláthnaide,
dá
gcoimhchreideadh an fáidh Fionn,
tar bháigh
oirfideadh Éireann?
10 Nó an tnúth
oirfideach oile
dá raibhe a tTír
Tarngaire
do chuir as na
síodhaibh sibh,
a ndíoghail do
chuir chaoinchigh?
11 Más don fhior
as fhearr cridhe
gealltar an
ghlóir ainglidhe,
fear do
dhaigcridhe do dhligh
neamh, a
Chraibhtine Chaisil.
12 Balsam
cobhartha cédfadh,
liaigh don teidhm
nach taisbéntar,
cosg fiabhrasa ré
bel mbáis,
do mhér
niamhdhasa, a Niocláis.