firstLine"; ?>

1150. Is baile mar a ainm Aras $
Length: middling 17qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid (?1654)
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. Francis. A 33 17th c. frags
Prints:
  1. text ? An Sioladoir 2 (1921) 67-8
Motifs:
  1. caithreim
  2. English conquest of Ireland
  3. cooperation btn Anglo-Irish & Irish
  4. place-name lore
  5. allusion to Ruaraiocht
  6. house
  7. exile
Patron Christian Names:
  1. Eamonn
  2. Piaras m. Rist.
  3. Seamas
Patron Surnames:
  1. Fitzgerald
  2. O Duibhidhir &
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Is baile mar ainm Árás


[Franciscan Library A33, 115]


Text published from this MS in An Síoladóir 2 (1921) 67-8 is given below.


1654


1 As baile mar ainm Árás

baile nimhneach nuadhphálás

baile fá gáinneamuil ga

baile gráineamhuil Gallda.


2 Baile na n-olc ’s na n-iolach

baile cogthach Cinnsiolach

baile brosgartha na ccath

baile cosgartha curach.


3 Árás d’éis chráidhte na cclann

go smior a bhfódaibh Freamhann

crádhfhás an-all do iomchair

árfhás ann ar Éirionnchaibh.


4 Do thuit ’na thimchioll mo-nuar

a mbhith bhuan bheith go diombuan

adhbhadh fuinidh dhá cheannach

nuimhir adhbhal Éireannach.


5 Ar a raibh ríoghradh thoghtha

cinn chosnaimh is chabhortha

as dursan a ndul don bhás

a mbhun ursan ag Árás.


6 Nírbh fiú Árás triúr don tréud

ren ucht do-chuaidh ó choimhéud

fir bheódha go bhfraoch bhfeadhma

teóra laoch chum láinfhedhma.


7 Do thuit leóghan Dúin Droma

isin iorghail eatorra

fer a ngoil bhunata baill

mar Choin ccurata cCulainn.


8 Éucht agus creach a chinidh

Éumonn dána Ó Duibhidhir

dréuchta comhthruim cor a ghnímh

a cconchluinn Chon an chleitín.


9 Do réir gach garma dhár ghlac

dá madh saoghlach an seabhac

dob oirdhearc a chlú ’s a cháil

dú na n-oirbheart an anáir.


10 Ó dho chaill Coill na Manach

biaidh go buan an daoranach

a mheanma mhear sníomh a smacht

a ghen ’s a dhíon ’s a dhaonnacht.


11 Do thuit ann idir an bfhéinn

Piarus mhac Risdeird roiréidh

nár bhaoth ’s nár bhónda gérbh óg

laoch bá cródha ná ciotóg.


12 Piarus Builtéur branán slógh

budh cian ag cách fa dhobrón

beithir bhuadha ar ar ghnáith gean

a ráith Cuala dhá chaoineadh.


13 Coiléun do chuaine na mál

as cian do chosnaim drongán

sídhealmha saora na fir

craobha fíneamhna Feimhin.


14 Sliocht Méig Phiaruis phuirt na ród

bá háirmheach éuchta a-nallód

le cosg gach caisde a mbaoghal

posd gaisge na nGallGhaodhal.


15 Do thuit ann Gréugach gníomhach

ionnsaighteach nárbh imshníomhach

d’éis a láin gábhadh is gal

a ndáil áladh is iorghal.


16 Séamas mhac Gearailt na nghlonn

onchú bá fras a bhforlonn

míleadh nár mhoirtill bálta

fírfhear foirtill farránta.


17 Árfhás ar an ár os (leg. ór?) fás

’s an t-ár fó-raoir ar rofhás

giodh gairm dhon bhaile go bás

as baile mar ainm Árás.



[An Síoladóir 2 (1921), p.67. Copy in Nat. Lib.]


AS DUILLEÓIG I GCOLÁISDE SAN ISIDÓIR ’SA RÓIMH


DÁN ARÁIS.


1654.


As baile mar ainm árás. Baile nimhneach nuadhphálás

Baile gáin-neamuil ga, baile gráineamhuil gallda.

Baile na nolc sna niolach. Baile cogthach sinnsiolach

Baile brosgurtha na ccath. Baile cosgartha curach.

Árás déis cráidhte na cclann. go smiora bhfódaibh freamhán

crádhfhás anall do iomchair. ár fhás ann ar éirionnchaibh.

Do thuit na thimchioll mo nuar. a mbith bhuan bheith go diombuan

adhbhadh fuinidh dhá cheannach nuimhir adhbhal éireannach

Ar a raibh ríoghradh toghtha. cinn chosnaimh is cabhortha

as dursan a ndul don bhás. a mbhun [sic] ursan ag árás.

Nír bhfiu Árás triúr don tréad. renucht do chuaidh ó choimhéud

fir bheódha go bhfraoch feadhma. teóra laoch chunláin fheadhma.

Do thuit léoghan dúin droma. isin iorghail eatorra

Fear a ngoil bhunata baill. mar choin ccurata cculainn.

Púcht agus creach a chinidh. Éumonn dána ó duibhidhir

dréuchta comhthruim cor a ghnímh. a cconchluinn chon an chleitín

Do réir gach garma dhár ghlac. dá madh saoghlach an seabhac

dob oirdhearc a chlú sa cháil. dú na noirbheart an anáir.

Ó do chaill coill na manach. biaidh go buan a ndaoranach

A mheanma mhear sníomh a smacht. a ghean sa dhíon sa dhaonnacht

Do thuit ann idir an bhféinn. Piarus mhac Risdeird roiréidh

nár bhaoth snár bhónda gér bhóg. Laoch bá cródha ná ciotóg.

Piarus builtéar [sic] branán slógh. budh ag cách fá dhobrón

Beithir bhuadha ar ar ghnáith gean. a ráith cuala dhá chaoineadh.

Coileán do chuaine na mál. as cian do chosnaim drongan

sí dhealmha saora na fir. craobha fíneamhna feimhin.

Sliocht Méig Phiaruis Phuirt na ród. bá háirmheach éachta a nallód.

le cosg gach caisde a mbaoghal. posd gaisge na ngallghaodhal.

Do thuit lán gréugach gníomhach. ionnsaightheach nár bimshníomhach

déis a láin gábhadh is gal. A ndáil áladh is iorghal.

Séumas mhac gearailt na nghlonn. onchú bá fras a bhforlonn

míleadh nár mhoirtill bálta. fírfhear foirtill farránta.

Ar fhás ar an ár os fás. san tár fó raoir ar rofhás -

Giodh gairm dhon bhaile gho bás. as baile mar ainm Árás.

[Ar an druim] Dán Aráis.