Poem in printable PDF format
Is cumhain liom
an lá a-né
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 47]
Tadhg Óg Ó
hUiginn cct.
1 As cumhain liom
an lá a-né
an lá nocha liom
do bhí;
lá dom láibh mar
an lá a-né
go dtáir mo ré
trá ná tí.
2 Gan teagh n-óil
gan adhbhaidh chiuil
ar ar n-óidh is
amhlaidh bhím;
truagh [nachar é]
an lása an Luain
re mbuain ar
ngrása, a Dhé, dhínn.
3 Tearc a-né do
labhair liom
an chabhair
gémadh hé a ham;
fuaras olc nach
sloinnfe sinn
olc linn gan an
oidhche ann.
4 Gidh doirbh
dhamh an dul ní nár
mo mhoirn ar n-a
car ar gcúl;
fuaras ga ól
fháilte ríogh
fíon a hór do
dáilte dhún.
5 Gur bhean an
cás a-réir riom
do bás dom réir
gun dá rann,
seise dá gach
aoinfhear ionn,
liom treise
Gaoidheal is Gall.
6 Ní ar moladh ní
dleasda dúnn
feasda ná ar
omhan na n-aor;
doilghe m’uaisle
do dhol díom,
bíodh a crodh
uaimse ag gach aon.
7 D’anáir oirne
is eadh do bhí
fear re fagháil
moirne mé;
ní roibhe glóir
budh gar dhí,
do mhar sí go
nóin a-né.
8 An t-adhbhar do
b’fhatha dhúnn
ní racha gan
adhnadh uam;
nocha bean riom
gan a rádh
gidh eadh is nár
liom a luadh.
9 Téarná uaim
nach fuil a fios
m’uaill do chuir
an t-éanlá as;
mo sgéala a-né is
cian do-clos
mé a-nos mar budh
giall i nglas. As.
10 Fionnghuala ga
bhfuil ar ndíon
i ndiaidh
m’fheirge is eadh a-tá
ua na mBrian a
Tulaigh Thé
is cian bhus
cumhain an lá. As.
11 Éamann a Búrc
biad ’n-a fhail
m’inmhe a-rís go
raibh ar fás;
a threise gá lá
nach liom?
a-tá meise i
ngioll re ghrás. As.
12 I ndiaidh
Uilleag tar éis Thaidhg
toirse ar
m’inntinn is eadh bhias,
annsa na
bhfearsain ar fás,
easbhaidh go bás
damhsa an dias. As.
13 Ceilfead an té
thug an lá,
go Luan an
Bhráith biaidh ’n-a ghlas;
is é a mheath dá
sloinneadh sinn,
[ná] boingeadh
neach inn ná as. As.
14 Ris as cóir
éagcaoine m’uilc
Iarla Mumhan as
mhín cneas;
do dhul a-mach
bím a-bhos,
ar mbrath a-nos
is tír theas. As.