Poem in printable PDF format
Is fiacha ar
neach an ní gheallas
[McKenna, L.:
The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 10]
Fearghal Óg Mac
an Bhaird
1 As fiacha ar
neach an ní gheallas;
gealladh daingean
- dia do bhuaidh! -
lámh as treisi ar
fhud gach fheadhma,
tug meisi d’Ó
Eadhra uaim.
2 Do gheallus
laoidh ’n-a laoidh cumuinn,
craobh do
lubhghort leasa Floinn,
dom laodh dil, do
Chormac Cabha,
glanshlat do
dhligh ragha is roinn.
3 Cuige do
chomhall mo gheallta,
géag thoroidh as
truime bláth,
fear nar iarr
acht a n-ágh urruim,
triall lem dhán
comuinn tar chách.
4 A theachtoire
théid go Cormac,
dá chneas
lúthmhar lingeas tóir,
fear do thabhoigh
go hég m’annsa,
tabhair an tréd
rannsa róinn.
5 lomdha romham
san raon díreach
le druing
dheaghrann dan dual toil
ón trian teas go
Cormac Cláire,
donnshlat ó Eas
Mháighe a-moigh.
6 Beir ón
Mhumhain na múr ndaithgheal
an drong rann
do-rinne mé
go bile Gréag tar
gach Gaoidhiol;
séad fine na
n-aoigheadh é.
7 Maith a
chumann, caomh a aigneadh,
aoibhinn doidse
dol ’n-a cheand,
fear nar aomh
béim ar a bhiodhbhaidh,
craobh réidh don
fhiodhbhaidh as fhearr.
8 Ní tuirsioch
doit dol go Cormac;
cuirfidh mo
chéili, creid uaim,
- laoidh nó duan
ní háil a n-aisgidh -
ad láimh luach
bhur n-aisdir uaidh.
9 Síos go
seolchrann sleachta hEadhra
ní haithreach
dhoit dul ar séad;
laoidh riamh ná
aonrann a n-aisgidh
nír iarr
saorbharr gaisgidh Ghréag.
10 Dom chéile ar
gcluinsin na rannsa
reac uaim ris, is
ní rádh clé,
mo bheith a
ngioll ag géig Thaoidhean,
’s nar thréig
sinn ar aoinfhear é.
11 Cóir do
ghrádhoigheas géag Mháighe;
minic fhuaras san
trian tuaidh
a ghrádh, a uille
ar cúl comhóil,
a rún uile, a
onóir, uaidh.
12 Gan fháth ní
thugus toil doiséin;
a ndiaigh na
tarbha téid an grádh;
fuaras uaidhe a
each ’s a eirreadh,
an chleath
nuaidhe neimhmion nár.
13 A-tá sind ar
son ar gceannoigh
ag Cormac ó
chroidhe thé
budh buan go héag
an toil tuilltir;
ó shin as dá
mhuindtir mhé.
14 Beith ag
Cormac na gcolg ngreanta,
gruaidh
loinneardha dar las gríos,
do neach dom
thréad ní toil mheallta,
géag ó Thoigh an
Teampla thíos.
15 Cormac Ó
hEadhra ucht solus,
seabhac éachtach
na n-each mbras,
nír thuill
diomdha um dháil a mhaoineadh
iomdha idh na
n-aoidheadh as.
16 Do lean Máire
mhéin na gcraobhsoin,
na craobha ór
chin ciabh na lúb;
meinig ag cách a
clú ar cuimhne,
as gnáth le crú
Suibhne sútt.
17 Na croinn
fhíneamhna ór fhás Máire,
’n-a maoinibh ní
mór a gcás,
do mhéadoigh sí a
ccéim re chéile,
sí do réir a
fréimhe ag fás.
18 Doirseoir Dé
ná diultadh mheisi;
míorbhul bhuan ar
nach bíodh glas
síodh biodhbhadh
san Róimh do-ríne;
ní hiongnadh
dóidh fhíre as.
19 Adhbhar bróin
a bheith fan gcomhraidh,
Conn Aolmhuighe
na n-each mbras;
ní ghabhadh sin
séad ó aoinfhear,
géag do chin ó
Ghaoidhiol Glas.