firstLine"; ?>

1156. Is iad riamh as romho mil (aceph.) [al.Beag... ]$
Length: middling 18qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 540 (C/iv/1) O Maoilchonaire 17th c
Motifs:
  1. imagery for patron (plannda, seabhach )
  2. nobility of patron’s ancestry
  3. poet’s blessing (?) - favourable prophecies
  4. Fertility of land under true ruler
  5. medical lore
Patron Christian Names:
  1. Cathal Og mac Aodha & mac inghine I Ruairc
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair (d. 1634)
Apologue Subclasses:
  1. Bees driven from nest make more honey
  2. Lion though smaller defeats bear
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Is iad riamh as romhó mil

[RIA 540 (C/iv/1), 154; acephalous]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Is iad ríamh as romhó mil

na beich airgter da n-áitibh

súr gach ionuidh ge dleacht dáibh

ré nert siobhuil is seachrain.

2 Ni hi an luibh oirios d’othar

chum a crécht do chnesachadh

ge bheith sí re foghnam[h] fis

do-ni to(i)rnam[h] a thinnis.

3 Deoch íochshláinte gidh í as ferr

’na ccurter cumusg luibhionn

ge siorraid[h]e (?) í da har

as í as bríoghmure baladh.

4 Ní máoitte bláth a branair

ar Chathal Ó Choncobhair

bheth óg as ainm arsaigh air

cosmail re maidhm an masail.

5 Fúair a ionnladh díaidh a ndíaidh

d’fíorfholaibh shlechta saoirBhríain

fuair ’na dhíaidh a díol d’ithir

ní síol a ccríaidh choimhighthigh.

6 Inghen Í Rúairc ó Ráth Bredh

an branar ’na bfúair foighredh

sa núachar lér fháomh aghaid[h]

Áodh Cruachan Ó Conchobhair.

7 Cathal Óg da n-eis sos

mur planda do fhás úatho

an ghég úr as uille modh

ga túr as truime torad[h].

8 Mur líonus an lán maro

no mur lúas áith iomramha

a nert no gur arsuidh air

cosmhuil re thecht a thosach [leg. ar tosaigh?].

9 [An t-]aithir or fhás Cathal

dob fiú a bfúair do lesachadh

techt toraid[h] an uair-si ann

d’folaib[h] úaisle nach ionann

10 Mur sin nach ionmhaoidhimh air

ó fúairsiod fios a branair

gég thaguidh don fhuil as ferr

go bfuil abaid[h] go haithgerr.

11 Óige 7 fromhad[h] fedhma

do-gheibh cédtús cinnemhna

na bíodh sé ’na ainbfios air

don té thaibhges ar tosuig.

12 An ealto as aidhbhsighe a-niudh

tuitid síad ris na seabhcuibh

do bhreit gill a ngháoisi dhóibh

a rinn aoisi 7 anshóidh.

13 Gé lugha an leomhan amhro

do-bher búaidh an Mhathghamhna

clechtadh gúaisbhearta as díor dhó

do bhríogh uaisleachta is anmo.

14 [............................]r luinne a-nois

budh seabac seilge gliocuis

[..............]fíor ar fhoghail

gníomh Cathail Í Conchobhair.

15 Budh tendál ar fedh bfoghla

bud[h] linn omhus ealadhna

bud[h] rían inlenta ag an ól

bud[h] grían inntleachta d’fádódh.

16 Bud[h] barr anmo da fhine

bud[h] clódh cháigh da n-ainchridhe

bud[h] séla gleóidh do ghíallaib[h]

bud[h] rella eóil d’iamhriaraib[h]

17 Bud[h] fíorthoirtec[h] gach fiodh úadh

bud[h] soinionta síon adhfhúar

bud[h] súaimnioch tormán na ttonn

bud[h] rúaidhfhliuch orlár eachtrann.

18 Bud[h] adhnadh goile geimhrid[h]

bud[h] taighleóir tnúidh d’inghenraid[h]

bud[h] cenn síodhchána slúaigh dho

bud[h] fíochnamo bhrúaich Berbha. Beag