Poem in printable PDF format
A ógáin ón, a
ógáin
[McKenna, L.:
Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem
43]
D’Ógán éigin
1 A ógáin ón a
ógáin
do ní suirghe le
hóg-mhnáibh
mall do ní réir
an Choimdhe
duit bhus doilghe
a ógáin.
2 A ghille ón a
ghille
do ní uaill as do
ghile
saoile féin nach
fuil claochlódh
id bhaoth-ghlór
bhaoth gan . . . (?)
3 Ní cheileam ón
ní cheileam
do cháil féin ort
fa dheireadh
gidh mór t’uaill
is tú an t-amlán
is tú an marbhán
meirtneach.
4 Mór t’uabhar ón
mór t’uabhar
as do chorp nach
glan cnuasach
a ndéin d’antoil
do chalann
[biaidh] ar
t’anam [’na] ualach.
5 A thruaighe ón
a thruaighe
ní thuige cá ní
as truaighe
an té do bhí in-é
id chomann
aniú i gcomhthrom
na huaighe.
6 Lá éigne ón lá
éigne
re n-éag i n-íoc
bhar bpéine
tusa is bean an
déid daith-ghil
sínfidh bhar
n-aire ó chéile.
7 Searbh libh-se
ón searbh libh-se
[’s teagasg] ar
mhaithe ribh-se
ní misde leam don
chur-sa
gearr mhairfeas
tusa is ise.
8 Cúis [caoinimh]
ón cúis [caoinimh]
damh-sa nach mé
féin chaoinim
is gur mó [d’]olc
ar séad[a]
ná uilc céada do
dhaoinibh.
9 A rí chalma ón
a rí chalma
ní fiú mé trém
olc t’agra
gidh eadh is fiú
dod ghrásaibh
mo dhíon ar
námhaid m’anma A ÓGAIN.