firstLine"; ?>

1163. Is nar an sgealso teacht da thigh [al. Nar an sc $
Length: middling 17-30 qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. bardiccon
Manuscripts:
  1. Black Book of Clanranald 17th-18th c.
  2. NLI G 127 Richard Tipper 1713-15
  3. Rutledge MS (Rev.Celt.48) c. 1726
  4. BL Egerton 174 P. O Doibhlin c. 1726-43
  5. RIA 499 (23/B/25) 18th cent.
Prints:
  1. text Rel. Celt. ii, 293-4
Motifs:
  1. Function of poetry
  2. earlier poem named
  3. music
  4. Heraldry
Poet Christian Names:
  1. Eoghan mc Seamuis Oig (Black Bk, G127
Poet Surnames:
  1. O Donnghaile
Patron Christian Names:
  1. Diarmaid mac Laoisigh
Patron Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Apologue Subclasses:
  1. Muc Da Tho
  2. Deargruathar Conaill C.
  3. Conn’s 100 battles: Magh Leana etc.
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Is náir an sgéal-sa teacht dod thigh


[A. Macbain and Rev. J. Kennedy (eds), Reliquiae Celticae II (Inverness, 1894), pp. 293-4]


Freagra air in dansa (.i. A Chormaic cuimhnigh an chóir) an só ó Eógan o Dhonnaoile [For another response see Labhradh trian Chonghail go ciuin and for a response to this poem see Nar leam chosnas tú clú Chuinn]


1 Náir an sgealsa tiacht do tigh

chluinmid uáid a mhic Láoisig

tagra na laimhe nach doibh o chert

do chlannaibh Róigh na robhert.

_____________


2 Tairing do thuath stop do bhél

munab thú Conall na n-arm rogher

ler mían fir Eirin uile

do chuir air enghad guallanna.


3 Tri téad is laige táin

do chím a lar do thiompáin

beag a mbrígh searbh a ngloir

ni dearbhadh ar in laimh laimhoir.


4 Muc dha tho cé mór a meas

níor churtha ris in laimh a ccoimhmes

armus corma an torc fa mear

armus troda an bhás bharrgeal.


5 Dearbhadh eile bheir tu asteach

lamh dherg Eirinn i Beathach

iomdha focal aderid cách

nach bhfagthar sgriptuir do chomdach.


6 File fallsa do ghrádh séad

do roinn an rann lanbhréag

nil aoinfer ar in sgelsa leis

ni shaorfinn e air ainbhfeas.


7 An treas puirt ta ar do phibh

dergruathar Chonaill Chearnáoi

níor sin an lamhsa linn

sgan ann acht finsgel fabhuill.


8 Creidim go ttug an ruarthar tenn

dar chuir lén ar bhferaibh Éirinn

sní chreidim go brath gur rad

dhá mhíle cenn air aonghad.


9 Dirim fós sas derbtha linn

nach bfhagthar a sgeal no sgríbhinn

dha míle mac ríogh go mbhúadh

do beith a nEirinn a n-enuair.


10 Ni dhérn sibh d’echtaibh a riamh

acht dergruathar Chonall ni dermad chiall

as nar áonghniomh go mhet suilt

beith do thsíor mhaoidheamh a dhermaid.


11 Mas fásgadh fóla as glacaibh curadh

dherbhas an lamhsa dho ndleghar uirim

fech cia dhinn is lía do thúm

a lamh a bhfolaib eachtruinn.


12 Feach Conn accnuca na ccladh

inar lía fuil da fásgadh

íomdha méirge inar thúm a lámh

ni bfuil an sgelsa air seachran.


13 Ar thuit do mhacaibh ríogh leis

ar Magh Lena fa gaibhtec greis

da ccuirtháoi a n-énghad ar Chonn

sair do bhíadh na tualach taobhthrom.


14 Cáth Chasglinne as Cath Chuimair

ina catha do cuireadh ar Loch Feabhail

aig Eas Rúadh ar Lochlann Lir

ca roibh bhur lamhsa an la sin.


15 Sna cathaibh do cuireadh linn

aig cosnamh crích hEirinn

iomdha gealghlac fa corcra gné

do mherclannaibh nertmhar náomhNeil.


16 Ag tagra ríom ni beit dhuit

ni mé píobuire an enphuirt

iomdha eacht dar buidheach baibh

dherbhas gur linn an ríghlaimh.


17 Stad a Dhearmaid na tagair nios mó

ni fheider an sgealsa d’aithcheó

ni leat an lam as aille dréach

le hardradh Eirinn an bhratach. Tairing.