firstLine"; ?>

1164. Is romhaith mo leaghasa
Length: short 11qq
Certainty: 4
Period:
  1. 15th mid
  2. 15th ult
Areas:
  1. Munster ?
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. BL Add 30,512 15th centl
Prints:
  1. text Eigse xi, 87
Motifs:
  1. Envoi to saint (Archangel Michael)
  2. imagery for God
  3. imagery for BVM
  4. sickness
Poet Christian Names:
  1. Risteard (BL Add 30,512)
Poet Surnames:
  1. Buitlear, Butler
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

Is romhaith mo leagha-sa


[Gearóid Mac Niocaill, ‘Dhá dhán le Risteard Buitléir’, Éigse 9, 83-88]


Risteard Buitléir cct.


Tabhradh gach duine a bheannacht ocus a phaidir do Risderd Boltir [sic] do rinne na r[a]inn so.


1 As romhaith mo leagh(e)a-sa,

is é[i]dir leo mo leighis:

mo sgara[dh] rem chena-sa,

& traecha[dh] ar mo theinnis.


2 Gin gu fuilim innleighis

le salchur cuirp is anma,

féadaidh gur minteinnis

is mintshalchadh mo shalchar.


3 Rí in Domhnaigh mo dhochtúir-si,

is Muire liaigh dom leighis,

’s a chroch naemh gan rothuirse:

go sgar[a]id mhé rem theinnis.


4 Cé maith lium mo shlánughadh,

seal, & sa saeghal sunna,

ferr lium gan mo shárughadh

do dheamhnaibh daera dubha.


5 Ó tá gach ní sodhénmha

agaibh, do réir gach riaghla,

cuiridh fé[i]n rem rodhénamh

díbh fé[i]n go de[i]n(i)mnech diadha.


6 A Rí, is mór do mhír[bh]uile

ar nimh ’s ar thalmhuin tonnbhán

’s a n-iferrnn ag síorbhúithredh,

is annsna linntibh lomn.


7 Do tobhadh thú, a mhórMhuire,

ar umhla, ar áil[l]e, ar annsacht,

do bhreith Rí[gh] na trócuire

seoch gach énmhnaí don bhantracht.


8 A naemhchroch, fa camtshlighi

thú in gach énobuir ele

gur dhoirt Ísa ainglighi

a fhuil or[a]ibh fo dhere[dh].


9 Is minic bhur mír[bh]uile,

is mó ná mhé do leighis:

as [s]ibh brí[gh] gach brí[dh]-dhúile,

ocus thráighis gach teinnis.


10 Ga[i]nimh is r[e]anna is réltanna,

’s a mbeith ’na tengt[ha]ibh file[dh],

ní thiu[c]fadh díbh, gléglana,

ar thrian bhur ngnímh do thile[dh].


11 Rí in Domhnaigh is mórMhuire,

croch Dhé is Míchél dom leighis:

go tugaid damh trócuire,

gu sgaraid mhé rem theinnis. Is.