Poem in printable PDF format
Is truagh sin, a
Chú Chonnacht
[Breatnach, Pól:
‘Poems of Brian Ó Corcráin from the Book of O’Conor Don’,
Irisleabhar Muighe Nuadhad 1929, 35ff., poem 5]
1 Is truagh sin a
Chú Connocht
ionnsa a eurla
fochannocht
a dháigh
aisgeadha chláir Chuinn
gan dáil
t’fhaixiona againn.
2 Teacht do bháis
a mbéul gach aoin
gibé lé’n maith a
mhacaoimh
do thabhaigh na
deóir óm dheirc
t’aghaidh fa
dheóidh ar dícheilt.
3 Is an Eadáill
anba an t-olc
más fíor bás mhic
Con Connocht
och och &
achán uch
clachán cloch ar
mo chaomthach.
4 Mása deimhin a
dhearc mhall
h’adhlacadh a
n-iath eachtrann
truagh a Dhé dá
madh dleacht sain
gan mé sa bfeart
at fhochair.
5 Truagh nach tú
atá dár gcaoineadh
a bhas fhola
fionnGhaoidheal
bheith dot
chaoineadh do chlá sinn
nior saoileadh
trá go dtáirfinn.
6 Gidh mór n-olc
ler hanadh inn
romhuibh-si
cruaidh an créidhim
do chuaidh a
gcuimhne óm chroidhe
gur dhuilghe
uaibh m’eólchuire.
7 T’éug dearbhtha
sa a chiabh na gclann
mar do aithris
uaibh Eumann
mo chroidhe fa
céad do bhris
s gach éag oile
dár aithris.