firstLine"; ?>

1169. Isligh do mheanma a Mhaoilir $
Length: long 43qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 743 (A/iv/3) 17th cent.
  2. NLS Adv. 72/1/44 17th cent.
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 21
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. poet interceding to prevent strife ?
  3. harrying
  4. mercenary soldiers
  5. spartan life of warriors
  6. inauguration ?
  7. fertility under true king
  8. kingly functions
  9. prophecies of ruler
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (RIA 743)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Maoilir mac Uaiteir mhc Mheic Uilliam
Patron Surnames:
  1. a Burc d. 1586
Apologue Subclasses:
  1. Aoibheall’s prophecy on Brian’s heir
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ísligh do mheanma, a Mhaoilir


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 21]


1 Ísligh do mheanma, a Mhaoilir,

léig díot, a dhreach fhorbhfaoilidh,

bheith ag síorfhaghail chlann gCuinn,

a bharr síodhamhail séaghuinn.


2 Atáid imriosna Ultach,

atáid cogtha Connachtach,

fa seach ’gá n-iomaithbhear ort,

a dhreach fhionndaithgheal éadrocht.


3 An mhéid loittior i Laighnibh,

nó i gcrích Mhumhan míonaibhnigh,

ort liamhnaighthior leath ar leath,

a fholt fiarbhairrthiogh fáinneach.


4 Meinic bhíos, is tú id thoirrchim,

ód ghruaidh leathain leabhairthim,

teichmhe ót airgnibh ceann i gceann,

i gceithre hairdibh Éireann.


5 Le cleachtadh bhur bhfoghla féin

ort maoittear, a mheic Uáitéir -

fonn saor na mbailbhlinnteadh mbinn -

’sgach taobh aidhmilltear d’Éirinn.


6 Líodh cean ní hiongnadh ortha -

an bhuidhean óg allmhortha

bhíos iomod i n-am fheadhma,

a bharr sliombo­g soidhealbha.


7 Fir lén clúmh cuilte sneachta,

gasradh shuirgheach shoileaptha,

drong naoidhe shéadarsaidh sheang,

daoine is éagasmhail inneall.


8 Áit is sia i mbíd do bhunadh,

an damhradh óg easumhal,

cnuic roidhiamhra bheann mBanbha,

dream dhoiriaghla dhanardha.


9 Mairg is rí orra ar fhéagsain,

an drong aisdreach uiréasgaidh,

féar a gcuilt, fuaruisge a bhfleadh,

na sluaghaidhse Ghuirt Ghaoidheal.


10 Beag nách rochosmhail ribh féin

do mhuintear, a mheic Uáitéir;

fir bhuaidhirthe is baoth meanma,

sluaighshirthe laoch loinneardha.


11 Ní chodlaid, ní chaithid proinn

gan luadh gcatha nó comhloinn;

geal a ngríosghruaidheadh do dhubh

síorsmuaineadh cean is cogthadh.


12 Biaidh aimsir bh­us aithreach libh

béas do mhuintire, a Mhaoilir;

laoich na reann gcréachtdhoiligh gcorr,

dream nách bhféadfaidhir d’fhulong.


13 Ríghe Connacht na gcuan ngeal

beanfa tú mar tá i gcinneadh,

ar thairngire más cáir cion,

a láimh ainbhfine ar éigion.


14 Leanfuid do lorg a gcleachtaidh,

ar chogthaibh, ar choirrbheartaibh,

ar anachain, a ghruadh ghlan,

tar slua­gh ­gcladhachaidh Chruachan.


15 Ní fhéadfa tusa is tú id rígh

fulang ainbhreath nó eissídh;

ann bhus aithreach red dhreic­h ndil

do bheith maithmheach dod mhuintir.


16 Tú sguirfeas cách dá gcogthaibh,

tú choisgfeas do Chonnachtaibh

neart faghluidheadh, a chiabh cham,

is anmhuirear fhian n-eachtrann.


17 Do bhádar fáidhe Fódla

dot athair dá fhurfhógra -

clár toinnmhilis Teamhra Breagh -

sealbha ar ghoirminis Ghaoidheal.


18 Tú choimhlíonfas ar chansad

na draoidhe, a dhreach sholasbhog;

tú fhóirfeas ar fhiadh mBanbha

ó mhóircheas fhian n-allmhardha.


19 Daoibh tiorchantar, a thaobh seang,

an ní do fháisdin Aoibheall -

trí caomhchroinn a criaidh Logha -

do shaorchloinn Bhriain Bhóromha.


20 Triúr mac do bhádar ag Brian,

trí leómhain Mhumhan Maicniadh,

trí ríodhamhna ó Thigh Theamhra,

fir shíodhamhla shoidhealbha.


21 Murchadh mhac Briain an bhairr ghloin,

Tadhg mhac Briain, bráthair Murchaidh -

toghthar aonphlanda tar fhiodh -

Donnchadh saorchlannda a sinsior.


22 Murchadh mhac Briain is Brian féin

tuitid i n-aoineacht ainnséin,

fa Chliaigh maothghlain na gclach gcorr

i gcath re laochraidh Lochlonn.


23 Do chleachtdaois an chlannsoin Bhriain,

bláth na fíneamhna a finnChliaigh,

lucht leasa don bhanfháidh bhinn,

feasa d’fhagháil ó Aoibhill.


24 I gcionn treimhse téid roimhe

Donnchadh mhac Briain Bhóroimhe

re hAoibhill i gcóir chomhráith

fan mBóinn n-aoibhinn n-iobharbhláith.


25 “A bhean,” ar Donnchadh, “reac riom,

tar éis Briain, ardflaith Éirionn,

cia bhus rí ar fhionnMhagh Fhuinidh?”

ní nách iongnadh d’fhiarfuighidh.


26 “Tadhg mhac Briain, do bhráthair féin,”

adubhairt Aoibheall ainnséin,

“dó do gealladh Teagh Teamhrach

treabh na n-earradh n-ildealbhach.”


27 Líonais tnúth re Tadhg mBanbha

Donnchadh d’éis na hagallmha,

deacair srian re baothghlór mban,

do claochlódh ciall an churadh.


28 Marbhais Donnchadh dá dhruim soin

adhbhar ríogh Fódla i bhfionghoil;

fa ua dTáil is Éibhir Fhinn

do ráidh gur éiligh Aoibhill.


29 Tig Aoibheall d’iomardadh air,

leis féin ar bhfágáil Donnchaidh,

fan múr fhionn ghormaibhneach ghlan,

i gCionn chomhraidhneach Coradh.


30 “Éagóir dhuid a rádha riom

nárbh fhíor mh’fháisdine,” ar Aoibhioll,

“fa cheann deighfhir bhruidhne Breagh,

deimhin m’fhuighle,” ar an inghean.


31 “Ionann fháisdine, mas fhíor,

do mhac is d’adhbhar airdríogh,

fán gclár sídh mboigiobhrach mbláth

bídh croidiomhnach dom chomhráth.”


32 “Ar gheall mé do Thadhg Theamhrach

géabhaidh mac Taidhg, Toirdhealbhach;

damh ríghealbha chaomhchlann gCais,

aonchrann fíneamhna Forghais.”


33 Gabhais Toirdhealbhach mhac Taidhg

neart Éireann do gach éanaird,

inis fhionnbhláith na sruth seang,

san chruth ar iomráith Aoibheall.


34 Mar sin imdhéabhas oraibh

fán gcríchse, a chruth síodhamhail;

géabha orláimh Fhóid Mheadhbha,

a bhonnbháin óig oireaghdha.


35 Do gheall Aoibheall Iath Logha

do Thadhg mhac Briain Bhóromha -

orsa chomhdha Craoi Theamhrach -

’s do bhaoi a thorbha ag Toirdhealbhach.


36 Draoithe Banbha do bhí riamh

do Uáitéar mhac Meic Uilliam -

fonn sáimh na gcaillbhile gcuir -

ag tairngire Chláir Chobhthuigh.


37 Fuair Bháitéar, a bhéal corcra,

bás re béal a ríoghochta;

a lámh chabhra chnuic Mhidhe,

dhuit bhus tarbha an tairngire.


38 Do bhí an cúigeadh, a chruth séimh,

lán d’easaonta d’éis Uáitéir,

lán do chogthaibh ’sdo chathaibh,

lán d’olcaibh is d’anachain.


39 Níor lámh cách cuimhne a bhfaladh

airm laoich ón ló fuarabhar,

luadh cagaidh ná cur bhfeadhma,

a shubh abaigh fhíneamhna.


40 Bás th’athar is é do cheil

tairthe fiodh, iasg an inbhir;

an ré ’san ghrian i ngeimheal

is é is ciall fár cuimhrigheadh.


41 Tig libh, mar tháinig tusa,

bláth na gcoillteadh gcéadnasa;

ioth an túir, tairthe na sreabh,

gach dúil ag aithne th’airdheadh.


42 Ag so an t-ioth ar n-éirghe anos,

ag so an ré ’na ré sholus;

créad fa mbiadh amharus ort

fa fhiadh gcladhsholus gConnacht?


43 Idir éasga is ghaoith is ghréin,

reanna nimhe, neóill aiéir,

ag diall ruibh a rí Garmna,

muir ar tí do thogharma.