Poem in printable PDF format
Lá dá rabha ós
ráith Luimnigh
[McKenna,
L.:Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 27]
Domhnall mac
Bruaideadha cct.
1 Lá dá rabha ós
ráith Luimnigh
láimh re Sionainn
sruthfhuinnghil
tugas cuairt -
ciallaidh mh’eachtra -
fa cuairt
d’iarraidh aigeanta.
2 Nírbh fhada
dhamh dá dhéaghuin
Magh Áine an
fhóid ghoirmfhéaruigh
gur lán do
ghroigh ’s do ghasraidh
gach clár don
mhoigh Mhumhansain.
3 Do luaithreadh
thirm na [dtulach]
d’anáil na n-each
[n-allmhurach]
cuirthear leo an
dún i ndorchacht
gur dhún ceo fan
gcaladhphort.
4 Ealta caobh a
crobhuibh each,
ealta bhéildearg
bhadhbh neimhneach,
luaithealta ós
cheannuibh cháich
d’eanguibh
suaitheanta seanshnáith.
5 Cubhar geal a
glomruibh srian
ag greasacht a
ngreadh roidhian
ag rioth reampa
sa romhagh
re cioth sneachta
ag samhloghadh.
6 Fuaras fear dar
fhiafroigh sinn,
“cia an sluaghso
ór ardaigh m’inntinn,
ón mall síothládh
na sreabh nglan
do gheabh tre
mhíonchlár Mumhan?”
7 “Iongnadh nach
aithneann tusa;
ní fhuil,” ar
m’fhear cumthasa
“gné
dhealbharsaidh ann ar fhear
mearghasraidh
Gall is Gaoidheal.”
8 San magh ós
mhacraidh sídhe
do-chiu a-niar
néal deighshíne
meirge dheargglas
mar ghréin ngil;
do bheadhgas féin
dá faicsin.
9 “Cia an
sluaghso ag snámh a-noir
eang nach
saidhbhre seol eathoir,
bró ghaillfhear
gcalma gclisde
[gallgha]
ndaingean ndoibhrisde?”
10 “Is iad thig
don taobh a-niar
roighne Gaoidheal
ghuirt Ghailian,
glac ris nach
gabhthar cumha,
fa mhac
ndathghlan nDonnchadha
11 “Buidhean
laoch ar nar loigh sgís
bhíos fa
bhrataigh an ghiuisdís
geabhuid urmhór
bheann mBanbha
dream do
dhubhshlóg dhanardha.”
12 “Cia an
fheadhainse as ard meanma
leanas lorg na
céidfheadhna,
nó an bréid
suaithnidh sróill bhuidhe
ós bhróin
luaithmhir laochruidhe?”
13 “An seol
cogaidh ud-chí id dháil
sróll aisdreach
Iarla Gabhráin;
lán uadh an
fonnmhagh féarach
don tsluagh
bhonnghlan Bhuilltéarach.”
14 “Cia na
cóirighthe cruinne
ghabhas a dtuaidh
thoruinne
nó an bréid
dealbhach snáthchaol sróill
nó an lánchaor
mheanmnach macshlóigh?”
15 “Ríoghraidh
Chonnacht re chois soin
bratach Riocaird
ríogh Fhorbhoir,
na Búrcaigh go
mbuaidh dhealbhdha,
sluaigh le
múchtair mímheanma.”
16 “Cia an
tionólso thig a-ndeas,
cosg tathaimh don
tí éisdeas,
re fuaim greadh
bhfrosghonach bhfear,
osnadhach mear a
meirgeadh.”
17 “Fian Luimnigh
líon a gcuradh,
ógbhaidh Iarla
Deasmhumhan
ann sin gá sluagh
as ghloine
’s na fir ó chuan
Chorcoidhe.”
18 “An d’iarraidh
creach nó cána,
nó créad as cúis
tionála
fa Chliaigh
ródghloin na sriobh seang
a-niogh ag
ógbhoidh Éireann?”
19 “Dá ríoghadh i
ráith Luimnigh
ós chionn an
chláir Thuadhmhuimhnigh
d’fhuil na mBrian
gidh bé dhleaghar
is é as ciall don
chruinneaghadh.”
20 “Innis damh
tre dhíoghruis n-eoil
- uait fhuaras
fhios gach éinsgeoil -
cia do Shíol Táil
do toghadh
do dhíon cháigh
an gcualobhar?”
21 “Budh leis
feasda fonn Adhar,
sóisear Dáil
Chais Conchabhar,
géag chumhra do
chineadh Táil,
dar dligheadh
umhla d’fhagháil.
22 Damhna ríogh
rátha Tuathail,
leannán Uisnigh
órchuachaigh,
an céile do char
Mumha
’s rer an Éire i
n-aontumha.
23 Tiocfa sé le
séan uaire
do dhíon Banbha
bratuaine;
ag Bearchán do
bhí a dheimhin,
an rí a gealchlár
goirmFheimhin.
24 Tairis ar dtús
táinig Fionn,
a theacht do
thairngir Aoibhioll,
do bhí ag Séadna
sean Gaoidheal
an fear céadna ar
comhmaoidheamh.
25 An fionn
céillidh ón Chreig Léith,
do gheall
naomhCholom neimhthréith;
dlighidh sé
saoradh Teamhra
aonDamh Ré na
ríghealbha.
26 Mac Í Bhriain
nar bhris slána
- dob í críoch na
comhdhála -
gur ríoghadh é ar
a fhine
sé ar bhfíoradh
na fáisdine.
27 Re triath
Sionna na sreabh mín
do fháiltigh muir
is móirthír;
do budh faoilidh
fód Caisil
don aoidhidh óg
[amhraisin].
28 Lán gach dos ó
dhrúcht meala,
lán d’éignibh na
huisgeadha,
go lár do chlaon
i gcoillidh
lán gach craobh
do chrobhoingibh
29 Lán gach
innbhear d’ealta bhinn,
lán do chrodh
gach cnoc aoibhinn,
is lomnán fiadh
gach fiodhbhaidh
d’fhiadh
thonnbhán ó dToirdhealbhaigh
30 Muna bheith
diomdha Dáil Cais
ní budh fada d’ua
Phiarais
gan ghairm
n-aithBhriain thighe Táil
don bhile a
glainChliaigh Ghabhráin.
31 Fógra lóin ó
Loch Garman
go Muaidh na magh
n-abhallghlan
’s ó Chuan Duibhe
i nDíbh Duibhne
go sluagh Muighe
Modhuirne
32 Ní anfa fós
fear dearmuid
im Chruachuin
Chláir imealbhuig,
nó im Theamhruigh
gan teachta a-noir,
nó a seanMhuigh
Ealta Éadoir.
33 Biaidh an tí
nach tiocfa linn
do thionól
tuaisgeirt d’Éirinn
ó Thoraigh go
Tráigh mBaile
lán d’omhain ar
n-Iarlaine
34 Is snámh i
n-aghaidh easa
dul do dhéanamh
coimhmeasa
- d’fhuil Chais
is am dá fhógra -
re crann snais na
seanFhódla. Lá dá.