firstLine"; ?>

1176. La i dTeamhraigh ag Toirdhealbhach $
Length: long c.31qq
Certainty: 1
Period:
  1. 14th ult
  2. 15th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. TCD 1318 (H.2.16) pseudo-YBL 15th c.
  2. NLS Adv 72/1/49 ? cent.
Prints:
  1. transl. McKenna, AiD no. 20
Motifs:
  1. patron’s irresistible attractions for women
  2. liberality to poets
  3. prowess in battle
  4. war with Foreigners
  5. king’s officers: maor
  6. tribute, cios, cain
  7. prophecies of ruler
  8. Highkingship of Ireland
  9. Hunting
  10. Hurling
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Og (‘YBL’)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach mac Neill
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1423
Meter Vars:
  1. Casbhairdne
Poem:

Poem in printable PDF format

Lá i dTeamhraigh ag Toirrdhealbhach


[McKenna, L.:Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 20]


Tadhg Óg O hUiginn cct.


1 Lá i dTeamhraigh ag Toirrdhealbhach

do shealbhaigh ar sheinBhreaghmhach;

biaidh a táth ag Toirrdhealbhach,

cách ’n-a dhiaidh budh deighmheanmnach.


2 Sgrios Gall do Ghort Laoghaire

do nocht Flann an fáidhfhile

dá dtógbha trí haonaighe

rí gun Fhódla d’áiridhe.


3 Fuair chána gan chomháireamh

fuair a námha neamhuaradh,

breith íseal ní fhuiléangadh

gé do-nísean neamhuabhar.


4 Gach ní dar chan comhaillidh

- an rí dhamh ’n-a dheaghurraidh;

ní bhia ar tí an chláir Chonallaigh

acht rí Fáil nó fearannaigh.


5 A theinnte ós thráigh neamhdhaoinigh

eillte dháibh le donnlaoghaibh

Ó Domhnaill um dhubhnónaidh

ar gcomhrainn ga chonmhaoraibh.


6 Go dtí fear go FinnBhreaghmhach

treabh Dá Thí ní tuilmheadhrach;

congbhaidh sé thuaidh Toirrdhealbhach

an ré an uair as oirbhearnach.


7 Díoth Gall leis ’gan lánamhain

a lann ’s a cheis chróirighin;

fóiridh sé a ngleo ar Gaoidhealaibh

ní leo gan é d’fhóiridhin.


8 A ór sin ar snuadhlasadh

ó dhigh d’ól go n-éirgheisean;

líontar d’ór a fhíonmhasal,

mór íocthar san éinbhriseadh.


9 Dán geal dó ag gach dheighfhilidh

fear asa mó ar muinighin

tug ní don dáimh dheireadhaigh

ós í a-mháin a mhuiridhin.


10 Mo ghlór re cleith Conmhaicne

eich agus ór airlicfe

siad féin ar tí a thiodhlaicthe

ní ót fhéin gé airlicthe.


11 Budh libh cách ón chéidshiobhal,

táth gach fhir do fhéadobhair,

do mhuinntear ag méadughadh

ó ’t-chluintear do chéadfhoghal.


12 Do dhearna dhá dathachadh

do mheanma dá mothachadh;

do-ní bhar n-uaill aithfhiuchadh

an uair do-chí an cothachadh.


13 A oidhre Néill neimhcheile

gach céim oinigh aithnighe,

’s an leath i mbí an banchuire

nó go dtí th’each aithnighe.


14 Do lámh dheas eadh iomána

bean d’ádh a cleas ceinneogha;

mar théid tú i dteach mbandála

t’each is do chú ceingeola.


15 Airgfe, a rí, Bóinn bháinealach

gan tóir dá dtí an ghléighealach;

do mhaoirse ar fhud Eoghanach

tug an daoirse dhéidheanach.


16 Comhtha ó Thráigh Lí id leanamhain

is í an táin do thoghabhair;

fosdar th’each ar aradhain

d’fhosdadh creach re comhadhaibh.


17 Do thonn meanma ag méadughadh

fonn Teamhra nír thréigiobhar;

ní ró lann dar lúbabhar,

a bharr cró, ’n-a céidionadh


18 Cuir fúibh an síol Séadnasa,

- ná bíodh t’úidh ret fhóbrasa -

deich rígh uair it éagmhaissia

díbh a n-uain don Fhódlasa.


19 Téid dó is do-ní neamhshaothar

gach ní as mhó as a muineochadh;

mac Néill do-ní soláthar

re a ní féin nach fuireochar.


20 Breis ar Mhumhain mionchuirid

Ulaidh leis mar leathghabhaid,

cuid dá méin ann aithnighid

clann Néill acht cidh neamhcharaid.


21 Fuath lais ór is iolmhaoine;

mo ghlór re bhais mbarrnuaidhe :

beire a tigh na tromdháimhe

libh ar n-eire anbhuaine.


22 D’uaim Eamhna do fhoighéanta;

ní huair fheadhma fhadhálta

do sia cách ón chomhaonta

an tráth nach bia id bharánta.


23 Maidhm róibh, a rí finnBhréifne,

mar do-ní an fhóir iongháirthe;

ní uair cách a gcombráithre

uaibh san áth re n-ionnráithne.


24 Cinn fheadhna um Cholt ceannsaighidh

go port Teamhra tiomsaighidh;

gar d’fhuil Éanna Cheinnsealaigh

do mhuin t’éara a n-ionnsaighidh.


25 Do rath, a rí fionnMhurbhaigh,

ga bhrath do bhí ag binnleabhraibh;

leis fhosdar thú, a Thoirrdhealbhaigh,

do chú d’fhosdadh d’ingheanraidh.


26 Ag triall go dtí a chathughadh

ní iarr an rí rothuradh;

druim na leirge leathfholamh

meirge Í Chuinn re chothughadh.


27 Cruacha dhóibh ga ndoinndeargadh,

fóir uatha ga n-ionnarbadh,

laoich dhonna ó Dhún sheinDealgan,

lúdh orra re n-iomardadh.


28 Brat ga fhéin ní fhuiléanga

mac Néill ag ar neimhéara;

riaraidh sé dháimh ndoidhíola

lé gur náir a neimhméala.


29 Múr Cruachan a chéidshlighe

- gá ruathar as ruaigmhire?

líonaidh barr cró an céadbhaile,

dó gidh ann as uaignighe.


30 Téid linn gach ar luaidheamair

ris an ngéig saoir séanullaimh;

ní théighe i dteach nÉireannaigh

go ndeach Éire d’éanurraidh.


31 Téid dó go síodh seinEamhna

- ag só bríogh ar mbarumhla -

tuarasdal ó thighearna

uarasdar le hanumhla. Lá.