firstLine"; ?>

1179. Labhradh Trian Chonghuil go ciuin $
Length: middling 23qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th ult
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. bardiccon
Manuscripts:
  1. Red Bk of Clanranald 17th -18th cent.
Prints:
  1. text Rel. Celt. ii, 295-7
Motifs:
  1. messenger sent by poet
  2. prowess in war
  3. caithreim, list of triumphs
  4. historical precedents
  5. an earlier poem named
  6. Heraldry
Poet Christian Names:
  1. Niall (Red Book of Clanranald)
Poet Surnames:
  1. MacMuireadhaigh
Patron Christian Names:
  1. Diarmaid mac Laoisigh
Patron Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Apologue Subclasses:
  1. the Three Collas
  2. The Battle of Magh Rath
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Labhradh trian Chonghail go ciuin


[A. Macbain and Rev. J. Kennedy (eds), Reliquiae Celticae II (Inverness, 1894), pp. 295-97]


Fregra ar Diarmuid Mac an Bhaird (see the poem A Chormuic, cuimhnigh an chóir) o Niall Mac Muiredhuigh. [For another response see Is náir an sgéal-sa teacht dod thigh]


1 Labhradh trían Chonguil go ciuin

na biodh a n-esbhadh fhiriuil

da n-éirigh fraochghoimh na bfer

do laochruigh ghlemhir Ghaoidheal.


2 A fhir thagras on treibhsi

mun ab ar mían maileisi

na hiarr senchairt chru Choll[a]

nar nemhpailt clu comhlonna.


3 Agair gach onoir oile

as dlecht do [fh]reimh Rúghruidhe

giodhedh léig dhí a dhuine

a mbi nar mbréid mbratuighe.


4 Innis go réigh gach robháigh

na hiomráigh ar iomarbhaigh

léig feasda thoradh ga túr

ni cniosda an fhaluidh d’fhadugh.


5 Fior go raibh le brígh mbuaighe

ag curadhuibh Craobhruaighe

a n-ágh budh docra a diumghuidh

lamh chorcra san caithiorghuil.


6 Da éis do thraothsad an tréin

sliocht uaibhrech Eochach Duibhléin

fuil Ír da ttreine an treasadh

bhan tír Eire a n-uiresbhadh.


7 Tug triath d’fuil Ír sna Colla

mar tá roinn san rírolla

le recht ratha d’fior oile

secht ccatha seal sechtmuine.


8 Nach cualadhuis do ghuin gha

gur thuir Fearghus a fodha

ger ghárbh a chlann san chogadh

bhúdh márbh ann do fhanadar.


9 Do gabhadh buaidh is bratach

fola hÍr go himertach

sdo bhí ri orrthuibh re headh

dona ttri Colluibh cneasgheal.


10 Lamh a n-úacht datha dheirg

cuirid annsoin san sroilmhéirg

do shior go chaithghreis do chur

más fior aithris na n-ughdar.


11 An lámh ga lenmuin linne

magh aill fios na firinne

míle bliaghain le bróin chéd

riaghail is coir ar choimhéd.


12 Lenuighsi an leómhan buighe

a neinig úaine óirthuighe

san léirg le buagha a pughair

méirg do chuala ag Conchubhar.


13 A maighin Moighe Ratha

an la churrtha an chruadhchatha

ga seoladh don chuire chas

budh leomhan uile a n-ármhus.


14 Suaithenntas bur congail chlaoin

gona a leomhan na leathtaoibh

nach derbhadh Flann ga rágh ribh

nár dealbhadh lámh ann idir.


15 Dar lem is leomhan sní lámh

ármus shíl Ír sgac aonágh

maith an fhíadhain Flann file

go ríaghuil rann rithfimne.


16 Tuigim an tagrann Taodhg Dall

Ibh Eathach Duibhlén dearbhám

ge be leighfedh a lorg linn

ni shénfagh ord Í Uiginn.


17 Mar sin léigther linne an lámh

a n-úachtar in gach aónágh

sgan a buain dín le deabhadh

d’fuil Ír 7 Eiremhóin.


18 Le do chosain Colla Úais

urmhor Uladh dál deghchruais

do roinert a chleth sa chor

7 leth oirecht Alban.


19 Bratach barannta ar mbruighne

lamh búdh séla ag Somhairle

lér gabh daghfhonn na ndrochGhall

go glan s ferann fionnLochlann.


20 An lámh chédna ag cloinn Domhnaill

riu gan endréam ionchomhluinn

a n-uair anfuigh ar fhoghluibh

fuair Manchidh is Mathghamhnuigh.


21 Leam is chumhain s ni cian uagh

an lámhsa ag brisdedh borbshluagh

do gasruidh ba Mhagh Monuigh

gal cosmhuil rer ccuradhaibh.


22 Oram ni bherar baire

sesbhuim sealbh na láochlaimhe

o bhéd tuaighe da truime

le méd buaighe ar mbratuidhe.


23 A fir thriallas don tír shíar

uaimsi giodh urchuir imchían

beir na gaoisin ar nglac rann

go mac Laoisidh mar labhrám. Labh