firstLine"; ?>

1180. Labhram ar iongnadh Eireann $
Length: long 43qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 3 (23/L/17)S.OMurch. na Raith. 1744
Prints:
  1. (O Raghallaigh, Fili & Filidheacht Conn.)
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. patron’s intellectual attainments
  3. comparison with all others
  4. Function of poetry
  5. legal terminology
  6. university-style education
  7. historical/mythical allusions
  8. forbidden love
Poet Christian Names:
  1. Tuileagna mac Torna (RIA 3)
Poet Surnames:
  1. O Maolchonaire
Patron Christian Names:
  1. Nicholas
Patron Surnames:
  1. Walshe
Apologue Subclasses:
  1. Niall Frasach, lesbians & priest of Inishbof
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Labhram ar iongnaibh Éireann


[D. McManus: ‘Niall Frosach’s “act of truth”: a Bardic apologue in a poem for Sir Nicholas Walsh, Chief Justice of the Common Pleas († 1615)’, Ériu 58, 2008, 133-68]


1 Labhram ar iongnaibh Éireann:

mar a-deir an deighléigheann

teacht tar iongnadh inse Cuinn,

an inse fhionnghlan áluinn.


2 A fhir lenb ionmhuin iath Néill,

tír chaomh na dtulach dtaoibhréidh,

cúis diomdha duid ar gach bhfear

gan cuid dá hiongna d’áireamh.


3 Crann éigin is aithnidh damh

i dtír Éireann mar iongnadh;

crann soillse do chách an crann,

bláth an chroinn-se ní chríonann.


4 Cuid eile d’iongnadh an chrainn

- a-tá a fhios d’fhiachaibh orainn -

cnuas abaidh in gach am air

’s is crann bagair do bhochtaibh.


5 A-táid géaga ar chneas an chroinn,

éanlaith go n-éagcosg áloinn

is a mbeatha a-nuas do Nimh,

ceatha do chnuas an chrainn-sin.


6 Gibé do iarrfadh oram

ciall do chur am uroghall,

tug Dia dhamh-sa go hollamh

cia an crann-sa do chanomar.


7 Is é an crann - ná ceil ar neach -

Giuistís Bhails na mbreath ndlightheach;

’s is é an bláth barr gach feasa

ó chách i n-am aighneasa.


8 Is é toradh cubhra an chroinn

congbháil chirt agus chomhthroim,

gan bhreith idir truagh is tréan

do bhreith ar luagh ná ar leithsgéal.


9 Na géaga nach gabhann sgís,

lámha glaicleabhra an Ghiuisdís;

slata fada gealchaill ghlain

d’ealchuing aga fá armaibh.


10 Is iad na hairm úd na pinn

idir méaraibh mhac léighinn

fá seach dá líomhadh ’na lios,

ag sgríobhadh na mbreath bheirios.


11 Is iad na heóin a-dubhrus,

gan dúil d’ulc ná d’iomurbhus,

meic léighinn le a mbí do bháidh,

len gléibhinn clí do chomhráidh.


12 Tógbhaid leo - ní beag an bhreis -

dod ghlór, a Ghiuisdís Bhaileis,

lán a gcluas is a gcroidhe,

mar ghrádh don chnuas chumhroidhe.


13 Do-gheibhid don chnuas chéadna

fan gcrann bhfíorghlan bhfíréanda

beatha gan chríne gan chol,

beatha fíre dá bhfriotol.


14 Breath chlaon ar chomha ná ar chrodh

an Giuisdís Bhails ní bhéarodh,

acht fírbhreath niamhghlan nach náir

do mhínleach chiallmhur chomhráidh.


15 Crann ordhuirc an fhoscuidh mhóir

mhúchas mórán don éagóir,

comhdhána cách fána chuim

i dtráth chongbhála an chomhthruim.


16 Díon ar fhuacht é agus ar theas,

tearc crann ren cóir a choimeas;

dol ar a sgáth is díon damh,

madh síodh do chách, madh cogadh.


17 Ní bheirionn breith do ghrádh ghaoil

acht breath bhíos ’na breith neamhchlaoin;

gé madh námha neach do-san,

breath bhádha ní bhéaro-san.


18 Meanma ar mhnáibh biatach do-bheir

Giuisdís Bhails, bláth an dligheidh;

do-bheir mná meirleach ag gul,

i lá a dheighbhreath do dhearbhudh.


19 Sgéal úr dámadh tugtha toil

fuair mé ar bhreith ríNéill Fhrasaigh;

cóir an sgéal-so i gcion do chur,

do-ghéan-sa a-niogh a nochtudh.


20 Niall Frasach le bhfríoth gach rath,

lá dá raibhe i ráith Teamhrach,

laoch méirsheang dar mhór a dtoil,

slógh na hÉireann ’na fhochoir.


21 Éinbhean is leanbh ar a láimh,

do-chíd chuca san chomhdháil;

do-chuaidh a seol dá gruaidh ghloin,

snuaidh na ndeor ar a dearcoibh.


22 Fillis i bhfiadhnuise Néill

a dhá glúin - dia do dheighchéill;

do bhí an inghean nár nuadhonn

lán d’imneadh is d’éadualong.


23 Innisis asa haithle,

do ghlór bhreaghdha bheannaighthe,

’s níor nár dá gnúis mhallghloin mhín,

cúis a hamhgoir don airdrígh.


24 ‘Ní sgéal nár ísligh mh’aigneadh:

a-tá,’ ar an bhean bhrághaidgheal,

‘a chraobhshlat ó chathair Chuinn,

aonmhac gan athair aguinn.’


25 ‘An mac-sain dan máthair sinn,

ní fheadar cia ara gcuirfinn,

nó cionnus tarla ó Dhia dhamh

nó cia an damhna dá ndearnadh.’


26 ‘Fa aoinní dá n-abruim ruibh

ná bíodh amhoros aguibh;

má tá, a rí, nár saoileadh sain,

aoinfhear rem chlí níor chionntaigh.’


27 ‘An raibh,’ ar Niall, ‘deimhnigh damh,

bean agus sibh-se ag súgradh;

nó ar chuir a clí red chlí nglain,

nó ar luigh sí idir bhur sliastaibh?’


28 Admhuis an ríoghan don rígh

do ghlór ríoghanda roimhín:

‘a mac samhla soin, más coir,

tarla gur loigh am leabuigh.’


29 Do rádh airdrí an aignidh mhir:

‘fagh iul ar fhior na mnái-sin,

’s dearbhuim do rathoil Dé dheit

gurb é athoir bhur n-éinmheic.’


30 Tuitis ortha an uair-sin féin

duine a himlibh an aidhéir;

fa mó ioná fuaim tuinne a thairm,

na sluaigh uile ’na n-aonmhaidhm.


31 Mar tháinig a gciall do chách,

tug Niall aire don óglách;

sgeoil fhíre do fhiafroigh dhé

do bhriathroibh míne millse.


32 ‘Sagart meise, maoidhim ort,

uait, a Néill, fuarus furtocht;

uait do theith an cheithrenn chuil,

neimhthenn ód bhreith do bháduir.’


33 ‘A-táim re tamall, a Néill,

trem Rígh neamhdha do neimhréir,

i láimh ag sluagh ndiabhal ndubh;

truagh mo phianadh trem pheacudh.’


34 ‘Do bhreath cheart fa cheann an leinbh,

fa doirbh le deamhnuibh ifeirn;

is é a breith do fhóir orm-sa;

don bhreith chóir níor chomhorsa.’


35 ‘Mo-ghéanar bheirios breath chóir;

tánaig dhí díbirt an dubhshlóigh,

dod fhírbhreith shocair chaoil chirt,

gér dhocair dhaoibh a ndíbirt.’


36 Mar sin teithfid, gá dtám ris,

ó ghlór an Ghiuisdís Bhailis,

tearc dhínne nár dheimhnigh só,

meirligh na tíre i dtarlo.


37 Sgaoilfidh Nioclás do nós Néill

meirligh Bhanbha an fhuinn fhóidréidh;

ar mhínleach an cheirt do chrom,

ceilt a fhírbhreath ní fhéadfom.


38 Caithfid bhós, ní beag an cion,

meirligh Mhumhan is Laighion

teithiodh nó teacht ar a thoil,

ceart d’fheithiomh ós dá fhiachoibh.


39 Iomdha námha is fear foghla

tug tú d’intleacht h’ealodhna,

led chéill fá chuing an phrionnsa,

tar chléir an fhuinn Éirionn-sa.


40 Minic bhíd ar beinnse an Ríogh

- gabh ó Dhia i ndíol do shoighníomh -

an chliar dob uaisle ionadh

uaibh-se siar dá suidhioghadh.


41 I n-aimsir cheartaighthe cháigh

ní mian leatsa luas comhráidh;

briathra bionnmhálla is béas libh,

a dhéas dhiongbhála an dlighidh.


42 Go gcríochnaighthear cúis na mbocht

do thuill tú tarbha a mbeannocht;

troigh ón chóir níor thriall tusa,

do mhian óir ná ionmhusa.


43 Moladh fíre ar nach fuil cair

is é as dual dúinn do dhéanaimh,

géar thuar séad ó dhaoinibh dhamh,

bréag ar mhaoinibh ní mholabh. Labhram