firstLine"; ?>

1183. Lamh aoinfhir fhoirfeas i nEirinn $
Length: middling 25qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th early
  2. 15th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/37 Bk Dean Lismore 16c
Prints:
  1. transl. Watson SV, no. vi
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. imagery for patron
  3. armour and weapons described
  4. nobility of ancestry
  5. attraction for women
  6. material reward for poetry
  7. prowess in war
  8. cooperation btn English and Irish
  9. fertility in reign of true prince
  10. Historical comparisons
Poet Christian Names:
  1. Giolla Criost Bruilingeach (Bk Dean)
Poet Surnames:
  1. cname only
Patron Christian Names:
  1. Tomaltach mac Conchobhair
Patron Surnames:
  1. MacDiarmada (kg. 1421-d. 1458)
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Lámh aoinfhir fhóirfeas i nÉirinn


[Watson, W. J. Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore (Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 6, p. 32]


Auctor huius Giolla Críost Brúilingeach


1 Lámh aoinfhir fhóirfeas i nÉirinn

ar anbhuain Ghaoidheal is Ghall,

flaith na bhfear is bile bonnbhláith,

cridhe geal is connbháil ann.


2 Ar eineach agus ar aithne

’s ar eangnamh i n-iath an fhéidh,

giolla glaccaomh, bile Banbha,

macaomh tighe Teamhra tréin.


3 Eólach dhomhsa iarla uasal,

fhóireas Éirinn ar chath cliar;

bradán Sionna na sreabh solta,

giolla geal do sgoltadh sgiath.


4 Aithnid domhsa an féinnidh fuileach,

an fear-soin chongbhas a ghaol;

ciabh fhollán ghlan ag an ghiolla,

Mongán na mban sionga saor.


5 Lugh Lámhfhada mór mac Eithleann

airdrí líonmhar Locha Cé;

Íoth seólach ar buaidh a bhéimeann:

leómhan do chuain Éireann é.


6 Ar Thomaltach caomh na Cairrge

do chuir mé m’aithne ’na aoibh;

gabhthar mo laoidh ar m’fheis romhainn

go rígh Céise Corainn chaoimh.


7 Mac Diarmada ó Mhuigh Luirg líonmhoir,

lánchara ceall agus cros;

[........................................]

flaith ar mbuain an bháire a bhos.


8 Mac Diarmada is a réim roimhe,

rí na Cairrge i gcruas a chuilg;

fear is iomdha dá fhuil bhríoghmhoir

tighearna ar Muigh líonmhoir Luirg.


9 Cruithneacht dearg ar maghaibh míne

fá Thomaltach chosnas Chéis;

bídh ar clár collbhán uí Cholla

lomlán a droma ar gach déis.


10 Lacht milis ag buaibh i mbuailtibh,

branar fa féaraighe fonn;

fá h-árainn mhín is fá monadh

tír álainn fá toradh trom.


11 Míolchoin gharga ar iallaibh órdha

ag Tomaltach ’s ceann ar cách;

sguir go moch san aonach ualach

mán loch bhraonach bhuadhach bhláth.


12 I gcrích Mheic Dhiarmada doinndheirg,

dearg agus donn craobh na gcrann;

[................] ar chúl an chragaidh,

gach meas go h-úr abaigh ann.


13 An chúirt as aoibhne ar druim domhain

dún Mheic Dhiarmada as geal gné

i gcaisteal fionn na gcloch mbuadha

ós cionn Locha cuanna Cé.


14 Cuirn is cuaich is copáin chumhdaigh

i gcúirt líonmhoir Locha Cé;

ibhthear fíon san chonnphort chnuasaigh:

is longphort ríogh uasail é.


15 Iomdha a theaghlach álainn uasal,

a éideadh ’s a eachradh ard;

iomdha sleagh is lann is lúireach,

agus fear mall glúineach garg.


16 Gabhaidh uime an t-earradh maothshróill

Mac Diarmada as nósmhar neart:

sé mar tharbh tuinne i ndruim tóra,

lé bhuille cóir cródha ceart.


17 Dúinidh uime an cotún daingean,

do dhíon an ríogh ó Ráith Cé;

an t-ór dearg ar crois a chlaidhimh,

fearg ar a bhois raighil réidh.


18 Sgian chaisdearg ar an chrios chumhdaigh

cathlúireach má chéibh na gcuach;

clogas ós cionn sgabaill sgiamhdha

mán mhionn abaigh niamhdha nuadh.


19 Sleagh fhada ag an mhílidh mhaiseach,

Mac Diarmada Muighe hAoi;

sgiath eangach ar chuairt na gcuradh,

searrach suairc ar fulang faoi.


20 Tánaig mise, maith an t-adhbhar,

dot fhios a hAlbain, ó’s cóir,

mád teist, a Chonnachtaigh chaisghil,

a Thomhaltaigh mhaisigh mhóir.


21 Tánag d’iarradh athchuinge oraibh,

a hAlbain, a fholt mar ór,

ar an chuan ghagánach ghailbheach

uar bhradánach mhaighreach mhór.


22 Cláirseach ar leath dom dhán damhsa

tabhair mar iarraim, a rí;

ghnúis mar bhláth na h-abhla abaigh,

ó’s ní tharla agaibh í.


23 A mheic Chonchobhair chuain Chairrge,

cubhaidh riotsa díol na ndámh;

tá cuid do sgéimhe dá sgríobhadh;

Éire dhuid ar líonadh lámh.


24 Inghean Bháitear a Búrc Breaghdha,

bean nósmhar neamhghann má ní;

folt cladhach cúlghlan na gcéibheann:

rogha úrbhan Éireann í.


25 Deárna álainn fhada fháinneach

ag Caitlín na mbas mbán;

dearg a h-imle solta saora,

’s ingne corcra laomdha a lámh.