firstLine"; ?>

1185. Lamh dhearg Eireann Uibh Eathach $
Length: long c. 38qq
Certainty: 2
Period:
  1. 15th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Francis A 25 B. MagNiallghuis c. 1610-
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
  3. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  4. RIA 5 (23/D/4) 17th cent. Munster
  5. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. nobility of ancestry
  3. harrying
  4. fertility in reign of true king
  5. prophecies of ruler
  6. immunity of church observed
  7. legal terminology
  8. citation of historical precedents
  9. childhood
  10. fear laimhe deirge
Poet Christian Names:
  1. [Eoghan] an tOrthoir (BOCD)
  2. Maoilsheachlainn na nUirsgeal (RIA 5,
Poet Surnames:
  1. [MacCraith] (‘Mac an Bhaird’ NLI G 18)
  2. O hUiginn and later insert in BOCD)
Patron Christian Names:
  1. Art mac Aodha mhic Airt
Patron Surnames:
  1. MagAonghusa fl. 1427-1449
Apologue Subclasses:
  1. Siege of Howth etc
  2. Cath Ghairidhe
  3. Dergruathar Conaill Chearnaigh 032 CC
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Lámh dhearg Éireann Í Eathach

[Franciscan Library, A25, 183]

{Maoilsheachlainn na nUirsgéal Ó hUiginn / Eoghan (an t-Órthóir) Mac Craith}

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Lamh dhearg Éiriond Ibh Eathoch

rioghradh gu run cceirtbhrethac[h]

laochraidh na laimhe deircce

caomhthaigh dháimhe dibheirge.

2 Iph Eathach nar ob cogadh

’s na haithreacha or fhásodar

fa trom faltanas na bfear

re fond garts[h]olas Gaoidheal.

3 Do chleachtodar riamh roimhe

curoidh chloinde Rudhraighe

echto troma o mhoir gu moir

’s gan erco orra d’iarroidh.

4 Do fuilngeadh doibh día dho (an)smacht

milleadh Laighen leim Connacht

lot Mughan mor an cogadh

slogh Uladh nir iocador.

5 Do-chim gur léigiodh leo soin

deargruathar Conoill Cearnoigh

gleo soin far dhenta deinmne

’s na héchta ar Moigh Murtheimhne.

6 Baothreim Uladh don taoibh theas

a-tá ca thruma dimheas

as cath Raithin don taoibh thoir

dá maithim ar-aon d’Ulltaibh.

7 A-ta gleo na Máol Midhe

dar chomhainm cath Gháiridhe

is fala Rossa na Riogh

da ccóra a-nossa a neimbríogh.

8 Cath Bheinde hÉdoir ni fhoil

dar íarmhoracht ar Ulltoibh

troid bheo nar bhaoghloch aghadh

no gleo faobhrach fionnChoradh.

9 Cedlá Chonchabhoir le chloinn

is maicgniomhradh Chon cCuloinn

fola in da mhal muin ar muin

nár fan dola gan dioghoil.

10 Da n-íaradh an fhian Muimhneach

ní do chead a ccomhairleach

ioc a(n) gCoin riaghoilghlic Raoi

no a ngoin fhiamainmhic Fhoraoi.

11 Oilill mac Rosa an ruin ghloin

’s Lughoigh mhac Con Raoi rathmhair

ni lamhoir da leanmain so

acht seanghoimh fhaloidh iompa.

12 Fraoch mhac Fiodhoigh is Fer Diadh

do thoit leó lor do dhimhiadh

da mbeith and árach chogoidh

cland Mhághoch do mharbhado[i]r.

13 D’échtoibh Uladh na n-arm ttais

Oilill Fionn is fian Iorrois

da ccliachthoibh Meadhbh is a meic

dearbh nach iarthoir a n-eruic.

14 Mor saorchland o soin a-le [184]

do thuit leo ar lorg a cheile

tuilleadh ’na cceand nó gu ccuir

fearr gan tuiremh a ttachoir.

15 Dúal d’Íbh Eathach na n-arm ngér

cosmail gach cu ’s a cuilén

gleó do chur ar gach conair

’s a dhol leo gan leanamhoin.

16 A-tá gaisceadhoch nua [a-]niodh

ag leanmain lorg a shindsior

onab úr an fala críon

do shúgh fhola na n-airdriogh.

17 Mág Aonghoso a n-áois leanoibh

do ghabh grádho gaisgeadhaigh

a chiap ghéugmaoth ó do ghein

fár iar cédlaoch a chinidh.

18 A-ta ar Art an aphra moill

ach nach leis fó(nd)s na feroinn

ágh na ngaisceadhach or ghein

taisdealloch ar ghrádh (in)? gaiscidh.

19 Acht firfer flatho a-noisi

tuigidh mar tá m’fhiaghnoise

is oighreacht na(r) ngniomh ngoile

seinshliocht ríogh ó Rudhraighe.

20 Dan duthoidh na Tri Tondo

’s gach fond da bfoil eatorra

uatha a-dearoir an treas tond

feadhoin o Eas Da Égond.

21 As eadh a-deir gach duine

cuigeadh chloinne Rudhroidhe

ris an ccúigeadh a-tád thall

in cuigeadh fad da bfearann.

22 Do-bhéra no beid a-rís

siol Roigh san riocht a mbéidís

rí Ó nEathoch nar airg chill

deathach in gach aird d’Éirinn.

23 Cuid in gach áird da fhine

in gaoth é le hénbile

a theachto dá ccor chuige

dol ar eachtra is usoide.

24 Ag bregadh Airt a hUltoibh

a-ta cuid do Connachtoibh

do shiol mathoir na Maine

brathoir riogh o Rudhraighe.

25 Dream a Mughoin mhic Dáire

da thoghairm tuar luathgháire

d’fuil na Meadhbo-sa a-moigh Mháoin

is d’fuil Fhearghasa d’éntaoibh.

26 Dream a Laighnibh na learcc ttais

roimhe ’na reltoin eolois

crobhuing is aipche ni fhuil

do mhaicne Conoill Chearnoigh.

27 Mag Aonghaso ar n-eirghe a-mach [185]

dar sindsior Conall Cearnoch

ceird Chonallta do-ni a-noir

ar tí foghanta d’Ulltoibh.

28 Gach dioghbhail da ndentaoi a-nonn

da thir no gur thuit Conall

a-nall do-níodh an urdoil

’s do bhíodh thall ’ga tteasargoin.

29 Dá mbeith [a-]riamh roimhe soin

fear a aithreaso d’Ulltoiph

Conall is in cairt do ghabh

acht Conall Airt ’na aonar.

30 Gion gu mbeith acht enlamh Airt

a ló catha da ccosuint

gan phudho[i]r do dhénam dhaibh

do-dhénadh Ulaidh d’édráin.

31 Dá sguirdis d’eineach uile

acht congnach chland Rudhraighe

nirbh iongnadh a saoradh sin

le ttiobhradh aonar d’eigsibh.

32 Mac Áodha nar imdhearg neach

idir iocht agas oineach

agas chroidhe ainghidh n-áigh

do thairrngir bile Bearcháin.

33 Cathfoidh ara chliathoibh fi(o)s

do bhiodh ag toigheacht thairis

don eón ghribhe o Ghlionn Ríghe

do-ríne Fionn faisdine.

34 Cuilen láoigheach Locha Cuan

is ris do ráidheadh Ciothruadh

gu ttiocfadh Art d’fhiadh Uladh

’gu mbiadh salt na seanchuradh.

35 Do-roinne Magh Rúith reimhe

d’fhior a anma d’faisdine

gu mbíadh deathach a nDruim Chaoin

d’Íbh Eathach nar thuill tatháoir.

36 An talamh gana thairthibh

’sa tonn gana torchoirthibh

ag tairngire ríogh o Róigh

(a)s síon ainghlidhe ina onóir.

37 Art mhac Aodha cíabh cleachtoch

mhic Airt is é an tairrngertoch

earrla cloidheach do mheall mna

is fearr oineach gach énla. Lámh...