Poem in printable PDF format
Le héanmhnaoi
cuirthear clú ban
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 103]
Aodh mac Diarmada
Mheic an Bhaird .cct.
1 Le héanmhnaoi
cuirthear clú ban
a clú ó choimmeas
ga cur;
ní ríomh
do-chóidh ar a crodh;
i ndíol sgol is
dóigh a dhul.
2 Sí ag comhroinn
cruidh mar as dual
mar do fhoghluim
ón fhuil ríogh
bean do fhréimh
Uidhir fa an-iar
ag réir chliar
dar dhoiligh díol
3 Siad gan
teachta i n-éantoigh óil
freasdal nochar
féadadh dháibh
rug dá toigh
chaithmhe don chléir
nar léir faighthe
a-moigh ó mnáibh.
4 Le a bhfaicsin
’sa bhfaighthe ón mhnaoi
dá haighidh do
aithrigh gné;
le sgoil fhuair
do hadhnadh í
ní fhuair sí le
hadhbhar é.
5 Díol dáibh do
réidhigh a-rís
ris an dáimh gan
déinimh nóis
cóir déine go
doire cnuais;
guais na cléire
roimhe ar Róis.
6 Do dhlúthaigh
ar dháil a fleadh,
ar dháimh níor
chumhdaigh a cradh
teagh óil ó
chéile ga chor
tóir sgol ar an
mbéinne mban
7 Féachtar a
dúthracht dá mnáibh
dá dúthchas gan
déanamh lóin
thug deibheadh ar
chuirm do chléir
na cuirn féin fa
dheireadh dhóibh.
8 ’N-a thiomchal
do-chuadar cor
- iongnadh ’s gan
ghuasacht ’n-a ghar -
sreabh nar
dhomhuin dhóibh go dul
ag cur omhuin ar
bhróin ban.
9 Bean d’fhuil
Uidhir as díon dó,
ní fhríoth le
sgoil righe ria,
fríoth orra le a
car i gclú,
crú Colla gan
bhladh ní bhia.
10 Mar sgaoiltear
ar fhleidh a luagh
do-gheibh gach
aoinneach ler bh’ál
- ní chuir sí
áireamh ar fhíon -
dáileamh ’ga
dhíol go dtí a thrágh.
11 Sí dá chionn
gan chradh ó chléir
a bladh ós a
gcionn do-chuaidh;
tug ’n-a héanar
díol do dháimh
ar mhnáibh ríogh
do-bhéaradh buaidh.
12 Inghean Con
Connacht fa a-niar
an sgol gidh
docar do dhíol
do chuir sí glas
ar a glór
nach mór go gclas
í fa fhíon.
13 I ngach chéim
’n-a moltair mná
is obair nar
éirigh leo
barr tar an
mbladh thuilleas tú;
clú ban ód
choimmeas fa cheo.
14 Do ghuais
cléire naoidhe a-niogh
do mhaoine ó
chéile ’ga gcor,
crodh le dáimh ón
bhéinne bhan
gal t’fhéile
do-cháidh fan gcrodh.
15 Don fhuil
Raghallaigh ní ró
daghurraidh le
cor do chlú;
cia as cneasda le
a cor id chló
do thogh do ró
teasda tú.
16 Dod thol i
gcrothaibh do-chuaidh
- ní cosmhail gur
codladh sáimh
tig dot fhaicsin
re seal suain -
fear ag buain id
ghaisdibh gráidh.
17 Cliar naoidhe
do-cháidh tar ceart
do mhaoine ód
mhnáibh ar a n-iocht
sgol do-chóidh
gan adhbhar ort
socht ar bhróin
mallbhan ós mhiocht.
18 Tearc, a Róis,
ar mhodhaibh mná
bean as cóir do
chora id chló;
crodh do
thabhairt tar ceann chlú
do mheall tú an
mhalairt as mhó.
19 Mar théid i
gcoill crann ós fhiodh
barr dot fhéile
ní bhoing bean;
súgh cuain ó
ollamh do fhan
cradh far donnadh
do ghruaidh gheal.
20 Beiridh oraibh
d’uamhain sgol
gur thogaibh id
ghruadhaibh gal
folchar róibh ar
camháir crodh
sgor dá ngabháil
dod bhróin bhan.
21 Gnáth le Róis
donnadh ’n-a dhiaidh
’s nach dóigh ar
a bronnadh béim
do cuireadh siar
duais le dáimh
far ghuais dáibh
i n-a bhfiadh féin.
22 Budh fada lón
aoigheadh uadh
dá maoinibh ní
mór do fhéagh
bean ag díol
aoigheadh fa ól;
lór an fíon do
sgaoileadh sgéal.
23 Do cheird
ríoghna a cur i gcéill
an gníomh-san do
ghabh do láimh
coinne ríogh far
bhaoghlach buain;
a síodh d’uaim
d’aonghuth do b’áil.
24 Bean don fhuil
Uidhir-se ag cuan
i n-uireasbhaidh
cruidh ’ga clódh
gémadh aithghearr
í fa fhíon
ní bhí díol
Aifreann gan ól.
25 Níor
bh’iongnadh bladh d’fhagháil uadh
a crodh do
rodháil ’ga riar
sgol i n-ucht
ar-oile ag ól
gur mhór an lucht
toighe a dtrian.
26 Díol cruidh
níor chosmhail dá éis
sa mhodh-sain
acht do mhuin nóis;
fiú a bhfuil dá
díoghbháil re duais
guin cruais i
ríoghmhnáibh ó Róis.
27 Tánaig soin do
chumhga cáigh
nochar urmhais
dul ’n-a deoidh;
le a dtéid ’n-a
teagh i n-am óil
ní hóidh le a
fear a chrann ceoil.
28 A thoil dóibh
dá éis níor aomh
mar do léig le
Róis a rún;
i n-a eachtra ní
fhuair bríogh
teachta ríogh
do-chuaidh ar gcúl.
29 D’éis a dhol
don dáimh a-rís
dá crodh ’n-a
láimh ní léig Róis;
tarla ag an
gcléir ón chronn chnuais
a duais trom go
réidh ó Róis.
30 Ó mhnáibh ar
bhladh béaraidh sí
a béal ar
réaltain ag ré
dá rabh i n-a
goire ar ghnaoi
is bladh do
mhnaoi oile é. Le.
31 Fiú ar dháil
Mág Mathghamhna dhóibh
dámh as rodhocra
do réir;
riar sgol is
doiligh ’n-a dhiaidh
oidhir Briain gan
chrodh ón gcléir.
32 Ar chur treasa
beirid buadh
deighfhir as
deacra do chládh
go rug
doinnghrian ar gurt gliadh
fian Oirghiall fa
Art san ágh.
33 Tarrsa nó go
dtéid ar ghnaoi
ar gach chéim do
chosain [sé]
d’fhóir Uladh
’n-a bhéim do bhí;
do chléir fa ní
is umhal é. Le.