firstLine"; ?>

1188. Leachta carad a ccath Briain $
Length: long 31qq
Certainty: 1
Period:
  1. 13th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. TCD 1381 (H.5.9) T. O Reilly 1684
  2. BL Add. 40,766 Fermanagh late 17th c.
  3. TCD 1291 (H.1.17) Hugh O Daly 1755-7
Prints:
  1. transl. Studies 36, 175-80; Misc.Celt. Soc 405-
Motifs:
  1. hospitality to poets
  2. poet-patron relationship
  3. caithreim
  4. Inauguration
  5. King’s officers: daileamh, doirseoir
  6. poet’s own mourning
  7. patron’s reward in Heaven assured
  8. reference to siodh, fairy mounds
  9. fosterage/childhood
  10. oireacht
Poet Christian Names:
  1. “Fearghal Og� (TCD 1291, copy of 1381)
Poet Surnames:
  1. “Mac an Bhaird�
Patron Christian Names:
  1. Eachmharcach mac Raghnall + Maghnus
Patron Surnames:
  1. O Cathain d. 1260
Apologue Subclasses:
  1. Clontarf: Dunlaing O hArtagain with fairies
  2. king’s son of Ross abducted by fairies
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Leachta carad ó chath Bhriain


[Lambert MacKenna, ‘Some Irish Bardic poems’, Studies 36 (1947), 175-80]


Fearghal Óg Mac an Bhaird .cc.


1 Leacht[a] carad ó chath Bhriain,

millte Éire don aeinghliaidh;

taebh an chnuic lán dá leachtuibh

ár ar thuit an tairrngeartaidh.


2 Brian Ó Neill Oiligh san ár

Maghnus na Craeibhe Ó Cathán,

Ó Duibh-dhíorma ard, Ó hEanaigh

ríoghdha garg Ó Goirmfhleadhaigh.


3 Ó hInneirghi an abhra mhoill

Ó Carra mór, Mac Lachloinn,

taeisigh chlann gcródha gCana,

móra ann ar n-easbhadha.


4 Sgata Connacht san gcath gcruaidh

Ó Duibh-eamhna ’s Ó hAnluain,

dá mbeinn um dháileamh ’g an druing

a n-áireamh nocho fhéadfuinn.


5 Cóigear do chloinn Chatháin chais

san ár a n-éagmhais Mhaghnuis,

do sgaeil an cóigear an cath

do thaeibh fhóideadh na n-Ulltach.


6 Maghnus féin, Eachmharcach ann

Muircheartach, Donnchadh, Domhnall,

Niall Ó Cathán do chneasghuin,

achán nochan éineasbhuidh.


7 Cearbhall san ár easbhaidh damh

mac mo mháthar é is m’athar,

Eachmharcach comhaidh ler gcloinn

leathmharcach cobhaidh Cearbhaill.


8 Mo bhráthair d’fhágbháil san ár

is mo chomhdhalta Ó Cathán,

nocha slán sinn ag ar dtoigh

inn as an ár i n-Ulltaibh.


9 Gidh dainimh dhamh gach duine

dainmhe Ó Cathán cúlbhuidhe

as é an rí mo chuisle chinn

as í an fhuilsi nach uilngim.


10 Dainimh ler macaibh ’s ler mnáibh

marbhadh Maghnuis Uí Chatháin;

Brian muna bheath is an ár

ní bhiadh creach mar Ó gCathán.


11 Tugas grádh mór, misde dhamh,

dó ó chionn mo chúig mbliadhan;

och nachar ghabhas rem ghrádh,

moch do charas Ó Cathán.


12 Mo ghrádh d’Ó Chathán Chluaine

ní grádh mná d’fhior aenuaire;

grádh ó ré leanbhachta a-le

dom dheaghdhalta dom oide.


13 Do bheirmis ríghe an reabhraidh

dó ’n-ar macraidh mhóirmheanmnaigh

sinn is an rí ar clodh na gceall

ag dol fa thrí ’n-a thimcheall.


14 Nó go ngabhadh mhé ar a mhuin

do-nínn déara ’n-a dheaghaidh;

ar gach leath ba mé marcach

ar n-each ba é Eachmharcach.


15 Do bhí a thuarasdal ag teacht

dúinn mar budh inn a oighreacht,

uiread aga re dís damh;

budh fada a-rís an reabhradh.


16 Téighinn le duain dó amhail

mar budh hé ’n-a ollamhain;

tug sé a lán ar mo dhán damh

is mé gan dán do dhéanamh.


17 Acht misi féin, misde dhamh,

is an t-easbog is Eoghan

nocha mharann don mhacraidh,

a anam, a Eachmharcaigh.


18 Ordaigh aifrionn gach fhir ghráidh

a chomhdhala d’Ó Chatháin;

do mhac ríogh cromtha i ngach cill

bíodh ortha gacha aifrinn.


19 Ar do chomairce i ngach cill

dá mbeadh míle mac léighinn

dar mac Raghnaillne rachaidh,

salmfhuighle dá saltrachaibh.


20 An léigheann is dual damhsa

don fhior gheal dhonn deaghalmsa;

gébhad a marbhna bláth mbog

i dtráth bhar n-anma d’fhulag.


21 Dá dtíosadh ollamh oile

re a chloinn do chreic mharbhnaidhe

a cheandach ba dual damhsa

’s a luagh d’eallach agamsa.


22 Ó nar haithnigheadh san ár

colann chneisgheal Uí Chathán

beo gion go dtáinig dá thoigh

ro-áinig leo don láthoir.


23 Ma tháinic a-dtuaidh on ár

. . . . a fhaicsin iomlán

a síth a shlios thiar nó thoir

gá fios nach biadh ’n-a bheathaidh.


24 Meinic do-rad inghean óg

airchis ar neach a-nallód

go mbeireadh lé bean san mbrugh

fear agus é ’n-a énur.


25 Rug ó chath Chluana Tarbh the

lé ’n-a bheathaidh bean shidhe

Dúnluing Dúna na bhFearta

d’Úna shúlghoirm shídheachta.


26 An tsíodh ’n-a bhfuil macraidh Roiss

ní gnáth dúnadh a dorais;

ar neach nachar dhún da dheoin

a theach ná dún, a dhoirseoir.


27 Ionnsa gan eochair nimhe

a láimh choinnmhe coillidhe

fear geal faoilidh dá bhféaghadh

neamh d’aeidhidh do fhoisgéaladh.


28 Nochan fhaca d’iarraidh chruidh

neach do éarfadh ’n-a asgaidh;

. . . . . . . . . .

. . . . . . . . . .


29 An tír ’n-a bhais gé do bheadh

ní fhuileongadh é ó a chineadh;

. . . . . . . .

. . . . . . . .


30 Do lag a dhún ar n-a dhol

a ghlún ar lár do leagadh;

a-taoi at urraidh a fhéile

a dtulaigh na toirléime.


31 Mac Uí Chathán na Craeibhe,

mac Raghnaill, rí Formaeile;

min dál ’n-a dhiaigh budh dheachta,

biaidh an dán ’n-a dhílleachta.