firstLine"; ?>

1192. Leanfad ar n-agra ar Fheilim $
Length: middling 20qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. petition mp ?
Manuscripts:
  1. NLI G348 S. O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS c. 1726<1622 ex
  3. TCD 1288 (H.1.14)Aodh O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no. 53
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. imagery for patron
  3. praise of personal appearance
  4. moral qualities of woman patron
  5. comparison of patron with all others
  6. poet as patron’s spouse or lover ?
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (Harvard O’Byrne MS)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Feidhlim mac Fiachaidh mhic Aodha
Patron Surnames:
  1. O Broin d. 1630
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Leanfad ar n-agra ar Fhéilim


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 53]


Eochaidh Ó hEóghusa .cc.


1 Leanfad ar n-agra ar Fheilim,

eó Beartha an bhruaich inbheirfhinn;

deacair dhó réidhiughadh rom,

giodh mó a éiliughadh orom.

2 Dá mbeith a fhios aige féin,

mór mo dhíoth re a dhreich soiléir,

cóir a chionta ar chúl na gcladh

a ttiocfa dhún dá dhochar.

3 Méd mo ghráidh dá ghruaidh sholas

atá orm ’na fhaltonas,

d’éis ar ndúthraicht-ne dhóibh sin,

ag tnúthmhaicne mhóir Mílidh.

4 Bídh gach compán dár charus

dom chur uime a n-amharas,

ód-chíthir gur gheabh mo ghrádh

gach bean líthir is leannán.

5 Tré iomthnúth is é a rádha,

mo charuid, mo chompána,

lucht gach taoibhe acht Féilim féin,

nach déinim daoine dhíbh-séin.

6 Misi dá chur ós a gcionn

commaoidhid cách go coitchionn,

giodh maith é ní admhaim sin,

’s dá n-abrainn é dob éidir.

7 Annamh mac airdríogh eile,

annamh Ultach d’áiridhe,

mo ghrádh dá fhionnchúl fheactha,

nách lán d’iomthnúdh aigeanta.

8 An chéduair do-chuas ’na thoigh

do char misi mac Fiachaidh,

giodh mór ndaghragha dhíobh sin,

tar shíol Labhradha Loingsigh.

9 Aonduas is mó mhaoidhim air

dá bhfuair misi ó mhac Fhiachaidh,

teas croidhe do chomhall damh,

robharr a thoile am thiomchal.

10 Ó tá agam-sa d’orláimh

sealbh ar an óg iodhannáir

fiú ar nduais-ne a gcora im cheann,

fola uaisle na hÉireann.

11 Ó nách creidid cách uile

nách dó as fhoisce m’ionmhoine,

an dá thaobh ní thréigfe sinn

tréigthe gach aon ar Fhéilim.

12 Cneas tláith fá ttuillim falaidh,

lámh fá luighid ríoghBhranaigh,

slat shoidhealbha ó shédmhúr Breagh,

cédghlún oileamhna aoigheadh.

13 Onchú orláir an bhaoghuil,

cneas caoin chognus iolfhaobhair,

sciath fhine bharamhlaigh Broin,

garfhaghlaidh tighe Tuathail.

14 Aondóigh éigios Innse Fáil

ua Aodha mhóirmheic Seaáin;

gnúis dreachbhog nách tagra tim,

leanfod ar n-agra ar Fheilim.

15 Dlighim-si a agra ar Úna

ó iomad a n-iomthnúdha,

ar thuill damh-sa do dhiomdhaidh

do dhruim annsa ón ingheanraidh.

16 Bidh umam-sa amhlaidh soin

iomthnúth ré hinghin Fhiachaidh,

ag scoil chláir fhinnfheadhaigh Airt

dáil nách indearaidh d’fhóbairt.

17 Tuilliom a-raon ré roile

éd ar n-aosa ionmhoine;

gruaidh leacanghlan ar lí subh,

bú deaghcunnradh dí a dhénamh.

18 Sreatha glana, grés molta,

budh lé luagh a hannsachta

fá mbia formad ríoghbhan rinn

fá shíodhmhagh bhfonnbhog bhFeilim.

19 Lúb bhanda na mbriathar ttearc,

focal mall as mó éifeacht,

dreach bhúidh nách beanann ré cion,

fá leaghann súil dá silleadh.

20 Eisiompláir ógbhan mBanbha,

cosc tol, turnamh ríoghdhamhna,

síodh ríghfheadhan, biathadh bocht,

míneaghadh briathar mbantrocht.