Poem in printable PDF format
Leanfad mo cheart
ar Cloinn Dálaigh
[Fraser, J. and
O’Keeffe, J. G.: ‘Poems on the O’Donnells (1200 to 1600)’, Irish
Texts ii (ed. Fraser, J. et al., London, 1931), poem 9; from
Rawlinson B 514]
On Neachtain Ua
Domhnaill, king of Tír Conaill, † 1452, in which the poet Gilla
Brigde mac Con Mide is invoked.
In Brian Raudh
(Mac Con Midhe) cedna .cc.
1 Lenfat mo chert
ar Cloinn Dalaig
mo dhúthchas riu
recfa me
ni gebh acht le
cert don cedsheal
do-gén nert mad
éccen he.
2 Maithem mo cirt
a cruth ecin
d’iarraid orm dob
olc an ciall
dol a tlás re
Ceneol Conaill
neimheol dar fhás
romainn riam.
3 Ma ta síad ac
sena a nduthchais
an drong fhial is
airde clú
faghbait Cinedh
culchas Conuill
duthchas filed
romainn riú.
4 Fá sinn fan
amsa a n-aes dána
mo duthchas dan
diulta síad
sluagh Finne an
fed nacharb Ulltaig
do len sinne a
nUlltaib iad.
5 Rian na fer as
fada o celi
Clann Echach an
aicnid buirb
sinn re cois ac
techt co Temraig
decra a-nois
lenmhain a luirg.
6 Da oidri Neill
moir meic Echach
Ulta araen do
roinn síad
nochan fhuil ag
síl na saerclann
sidh ó soin gidh
aenclann íad.
7 Conall Eogan as
hí an clandsin
clann fichmar dob
foicsi gael
ó shein ar
fhuiglech a fúatha
cuimnech ar gein
uatha ar aen.
8 An clannsa
Neill na nai ngeimel
fa Gort Banba do
bi síad
mar dá cloinn a
cenn a céli
im roinn do mell
Eri íad.
9 Comghar dam
duthchas na cloinne
Conull is Eogan
fhuair blad
ge beith an clann
na da cinedh
rann ar leith ni
dliged dam.
10 Gilla Brighde
gar becc duinne
do derbad a
ndubhairt me
as inand scel do
7 damhsa
ag so an frem
lerb annsa é.
11 Dob i a doigh
is nír doigh brége
do bi aicce iúl
gach righ
dá mbeth fá
choill ar clainn Adhaim
nech do Clainn
Dalaig dá dín.
12 Mac Con Midhe
ar med a toirbert
tuc gach gell do
gasraid Lí
breth an té darb
aithnid Ulltaigh
do aithrig mé ar
Ulltaibh í.
13 Mor da fhala
úair an t-ollam
dá n-adma sinn
assé a trath
tainic dom tressi
ó sil Shedna
mesi sa lín cedna
ag cách.
14 Nach lía fala
fuair an cedfer
tre Clainn Dalaig
na nderc ngorm
Nechtain gum dhín
ar cech ndeoraid
lentair ag Sil
Eogain orm.
15 Bean don tir
dá tarla mesi
mathair and righ
gan rún ngann
do much s[o]in
gach gael dá goiri
da fuil don taeb
oile ann.
16 Atá a
certleath do Cloinn Eogain
oigri na righna ó
Ros Chré
gé ata a leath do
Cinedh Conuill
na siredh nech
orainn é.
17 Ni diless me
a-mesc a bidbad
gen co beinn reid
ré a rosc ngorm
benaidh dim an
tragh sa timchul
gradh and rig ga
imchar orm.
18 Do Domnall Ócc
dob fher grada
Gilla Brighde
benaidh rinn
crithir dá annsa
ar an ollamh
mithid damsa a
lomadh lind.
19 An trath sin
fa testa an fili
fiss a écca ni
fhuair síad
dorinde cath Erne
an uairsin
eirghe a-mach do
uaislig íad.
20 Cenel Moain na
magh n-aibinn
airgid uile is
nirb é a shuim
ni frith toir fa
crodh na criche
ar ndol doib
trithe co tuinn.
21 An tir sin a
testa an t-ollamh
esbaid a crech
nir cai síad
dar leo do bi
d’amghar orrtha
ní narb adbhar
orchra iad.
22 Gilla Brigde
dob é a n-adhbhar
lé a annsacht leo
an lá do mhair
dul fa bás idir
mnai is maca
do bai do gras
aca air.
23 Triallaid da
tórruma a charaid
Clann Gairmledaid
gasruid reidh
an clannmaicne as
dib do dliged
lin annlaicthe a
filed féin.
24 Domnall Óg
a[n] t-am fa cuala
cás an tíri a
tarla an rí
do léic an crich
uair na hénar
uaidh gan díth do
dénamh dí.
25 Tuc doib aisec
arna hairgthib
ar n-ec ollaim
Fhóid na Niall
ni fuair sé na
ollamh eli
brondadh mar é
reime riamh,
26 Domnall O
Domnaill Dúin Murbaig
an mac righ sin
na ruag te
bang súas do cuir
ara cinedh
an duas cruid nar
dliged de.
27 Ni lenabh de
d’eis a ndubart
do Domnall Og ni
fhuil sind
ni hé corub nessa
Nechtain
ni mesa an te
lentair lind.
28 Uired gras re
Gilla Brighde
braithim mo rún
da rosc gorm
acht munadh ferr
m’anair uaibse
nir falair leam
d’uaisli orm.
29 Cuirim dim
dighaltus oili
a Úa Gofraid nar
gab ruaic
acht mo dhan mar
gell do gabhail
munab lan leam
mh’anair uaid.
30 Sailaim fein
da faghainn uaidse
innsa a Nechtain
an ni ad-ciú
inadh mo shen a
cru Conuill
gor ben tú orainn
a fhiú.
31 Do treices ort
anba in cumand
Cloinn Neill
Cailli cár clecht sinn
gé ata a comghar
na cloinne
h’foghnam as e as
loinne linn.
32 Do lecess uaim
aicme Colla
is Cloinn Cathain
nar char bú
Clann nDalaig
acht ge he as andsa
do gradaig me
tarrsa tú.
33 Slicht Conaill
as Cinel Eogain
d’es a
mbrethnaidhe a bharr claen
don croidhe ni
holc an aithne
loide ort da
n-aithli ar aen.
34 Ni hinmaídhte
ar hadaidh mílla
med mo breithe
dot bharr nocht
h’aithgin ar do
chul go Conall
mas aithnid dúnn
togham thort.
35 O
Toirrdhelbach mac meic Aedha
dán hoidri tussa
a taeb seng
da mbeith sib gan
breith an baire
as lib do leith
Grainne a ngell.
36 Se rig .xx.
d’uaislib Fodla
fiuchaid trid ’s
gan tú ag ól
d’fhóir Bernais 7
d’fhoir Emna
cóir on enghlais
meanma mór.
37 Ar ibh gach rí
do reim Fhíachach
ag ól tonna re
taeb puirt
ibhid faighte
d’fhin a urdail
d’ait[h]li and
righ a Gulbain Ghuirt.
38 Ar Nechtain ní
nacharb ingnad
d’eis gach testa
dár derb mé
tárraidh sinn
trén ris nach tecar
lén am chinn ni
hecal é. Lenfat.