firstLine"; ?>

1195. Leannain fileadh Siol Suibhne $
Length: very long 48qq
Certainty: 4
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Stoneyhurst A/II/20ii C.O Corbain 1701
  2. NLI G429 S. O Murch. naRaith. 1722&ad
  3. BL Egerton 112 M. O Conchobhar 1780-
  4. RIA257 (23/G/24)M.Og OLongain 1795-
  5. RIA253 (F/vi/2) M. Og O Longain 1813
Prints:
  1. text DiD no. 102;
  2. transl. Ir. Monthly 56, 35
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. imagery for patron
  3. patron’s intellectual attainments
  4. nobility of patron’s ancestry
  5. patron’s irresistible attractions for women
  6. poetic miracle (feart filidh, feart feile)
  7. patron’s liberality to poets
  8. War with English
  9. ‘comairce’ (submission, protection)
  10. prophecies of ruler ?
Poet Christian Names:
  1. Eoghan (Stoneyhurst)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Ruaidhri Og mac Ruaidhri mhic Mhaolmhordha
Patron Surnames:
  1. MacSuibhne (Maolmhordha d. 1581)
Apologue Subclasses:
  1. Maolmhuire McSuibhne cuts finger for poet
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Leannáin fileadh síol Suibhne


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 102]


Eoghan Mac an Bhaird .cct.


1 Leannáin fileadh síol Suibhne

treoin nach tráigh le cianchuimhne

caor shlóigh ren doiligh deabhaidh,

róimh an oinigh d’oileamhain.


2 Lóchrainn oinigh Éireann Cuinn,

sliocht an Athlamháin áluinn,

an táin ó Thulaigh na n-Art,

curaidh gan ghráin re nguasocht.


3 Ní chlaochlóidh cuing a n-oinigh

’s iad don éigse as fhóiridhin

ioldánaigh gan oil ’n-a gceann

le goimh iombádhaidh Éireann.


4 Is riú bheanas a bhríogh sin

“gnáth rath re cois an chaithimh”;

tréad Suibhneach na saoirfhear mbras

fuighleach aoigheadh a n-ionnmhas.


5 Laoich as cisde do chliaraibh,

leomhain síl Néill Naoighiallaigh,

slata cumhraidhe Crú Airt,

as urlaimhe clú [ó ar] gcosaint.


6 Na Suibhnigh-se ó Bhrogh Banbha

téid tar cách a gcomhardha,

fréamh ríogh ar nach ceiltear cion,

síol ó ngeintear an gaisgeadh.


7 Eangnamh is oineach Gaoidheal,

tréidhe as cóir do chommaoidheamh,

slata nach claon re comhaidh

aca ar-aon ar arodhain.


8 Mairidh aca go nua a-niodh

flaith leanas lorg na sinnsear

ar chuing réidhe a nduas do dhíol

ar fhéile ’s ar chruas gcaithghníomh.


9 Ruaidhrí mac meic Mhaol Mórdha

d’éifeacht is d’ainm onórdha

is oidhre don chuaine ór chin

ar choimhdhe uaille an oinigh.


10 Méin oinigh aicme Suibhne

fa ngaisgeadh ar ghlanchuimhne;

is sgath uaisleachta Cláir Chuinn

fa nguaisbhearta áigh d’acmhuing.


11 Arsaidh cródha an chroidhe bhí

dan hainm Ruaidhrí mac Ruaidhrí,

aoibhealltuir dar ghiall an gal,

saoileachtain cliar is curadh.


12 Airrdheanna flatha fíre

’s fós rath a fhréimhdhíne

aobhghlac dá n-aghthar gach ní

i saormhac rathmhar Ruaidhrí.


13 Réim tairrngeartaidh tarla faoi

ó aois leinbh an duinn dreachnaoi;

toil úr ’n-a mhéin mar mheasdair;

céim ar gcúl níor chuireasdair.


14 Aitheantar ’n-a fhéile sin

bheith dó ag diall re a aithribh

’n-a dhearbhghoil lúidh is lámhaigh

’s ’n-a mheanmain úir ioldánaigh.


15 Síol Suibhne na dtachar dte

mar bhíos ’n-a bheartaibh féile

dá dteinnleanmhain ní treoir ghearr

i seinleabhraibh eoil Éireann.


16 Sgéal fiadhnaighthe fada ó shoin

fhríoth ar féile na bhfear-soin;

ní sgéal é ar nach cleachtar cion

’s ar fheartaibh Dé dá ndídion.


17 Ua Mhurchaidh Mhir Maol-Mhuire

lá éigin ar amhsoine

do-chí cléir ’n-a aghaidh air;

fa dainimh céim ’n-a gcomhair.


18 Iar dteacht leo dá láthair sin

ráidhid ris an bhfial bhfaoilidh

nach géabhdais gan fhíon ’s gan ór

’s gach díol ’n-a éagmhais d’urmhór.


19 “Tigidh don treibh i bhfuil m’ionnmhus

liom” ar an t-óg aisdearbhras

“ní cuibhidh ibh d’éara dhamh

’s do-ghéabha sibh bhar sásadh.”


20 Diúltaid uile deoidh i ndeoidh

dul leis ar áis ná ar aindeoin

muna aomhadh gidh bé a mbreath

acht é d’aoradh gan fhuireach.


21 “Fíon ná ór, ionnmhus ná crodh,

ní fhuil agam ar iomchar

ní do dhíoladh dhámh budh dhéin”

ar an ríodhamh sámh soiléir.


22 “Do chím-se” ar duine don dáimh

“fáinne óir fad mhéir mheadháin;

ód ghruadh ghléadhonn go ngné bháin

ní ghéabham gan é d’fhagháil.”


23 Cloch uasal go n-iomad buadh

do bhí san bhfáinne bhfionnfhuar

is fa séad ríogh an chlach chorr

dá dhíon i gcath nó i gcomhlonn.


24 “Badh libh” ar sé “hoidhche, a chliar,

mo chloch is m’fháinne ar aoinrian

’s gan mh’aoradh dá aithle dhuibh

do shaoradh m’aighthe oruibh.


25 Ann sin do rad Maol Muire

a láimh ’mun idh órdhuidhe

’s níor fhéad cor do chur dhi

ar gcur a chrobh ’n-a chéile.


26 “A bhuain díot dá ndeachadh dhuit”

ar duine don dáimh orrdhruic

“is í ar mionaithne, a ghruaidh gheal,

nach tiobhairthe uaibh ei-sean.”


27 Imdeargthar im Mhaol Mhuire

re comhrádh an chliaruidhe

nach [biadh] sgéal ’mun fháinne air

méar a láimhe gur leadair.


28 Tug a mhéar ’s a fháinne óir

re cois a chéile i gcéadóir

do réir a oinigh fhortuil

don chléir dhoiligh dhíogholtaigh.


29 “Do-chímid i gcomhghar dhuibh

cuideachta, a mheic mheic Murchaidh,

ag so [ar gcomairce] far gcoir

ón ollaicme” ar na hollaimh.


30 “Bíodh libh comairce agus ceall”

ar sé ag silleadh ’n-a thimcheall

“a dhreichfheadhna go ngné ghil

gidh bé ceithearna ad-chíthir.”


31 Sillis ar an gcléir gcéadna

’s ní fhuair an geal gnúisdéadla

ar ndéicsin fa seach mar sain

neach dá éigsibh ’n-a fhochair.


32 Mar do fhéach ar a ghlaic ngil

iar n-imtheacht don dáimh dhoiligh

fuair méar a láimhe ar a láimh

’s a fháinne - fa séan sodháin.


33 Geall oinigh tar gach aicme

fhuair ei-sean ’s a thiodhlaigthe

- níor thais a ndéagsain don dáimh -

’s an séad-sain ar ais d’fhagháil.


34 Clann Shuibhne na dtachar dte

ag leanmhain luirg a chéile

laoich as cruaidhe ar chúl a gcleath

ón húr gach n-uaire an t-oineach.


35 Aithbheodhadh guail a ghrís-se

a-nois do-ní an Ruaidhrí-se

ón beo a-nú a hanam uaidhe

dá marann clú an chéadchuaine.


36 Ar tí óigfhir Aird na nGlas

ní tearc le n-iarrthar ionnmhas

ag so cailg na fine ó bhfuil

file gach aird dá fhéachain.


37 Lorg a shean - ghá niamhdha ní -

leanaidh Ruaidhrí mac Ruaidhrí

cruth fial ón faide meabhail

dial aige re a n-airrdheanaibh.


38 Mian leis-sean ar chóir gconfaidh

dáil a airm ar eachtronnaibh;

’s í áil an diombrais donnghloin

dáil a ionnmhais d’ollamhnaibh.


39 Ní theasda ó bheithir Bhanbha

bheith lán d’eagna ughdardha

-ceadh acht túr teasda dá rath -

’s ní theasda lúdh ná lámhach.


40 Ní theasda oineach iomlán

ón óg fhaoilidh aighiodhnár

gnúis ghruadhnocht go bhfáilte ag fleidh

is láinte a ghruamdhacht gaisgidh.


41 Lámh thréan as tréithe le fann,

múr cloiche le hucht n-eachtrann,

troigh sheangbhán as tromdha i dtreas

comhla is dearbhfhál re ndoilgheas.


42 Bás cró ar a gceiltear fala,

mionn curadh Chláir ríoghLogha,

gus draige óna deacar dul

gan fheacadh aige acht d’ollamh.


43 Fuil Néill Naoighiallaigh na gcath,

fuil Briain Mhóir mheic Eachach

id ghruadh mhíonghlan eang ar eing

- gá ríoghradh do b’fhearr d’Éirinn.


44 A mheic Máire nach muidh mionn,

rogha Gaoidheal tá id thimchioll

coill gan chuimhne crann dtoraidh

clann Shuibhne is clann Chonchobhair.


45 A sbraic ó n-anann t’fhoghlaidh,

a thráigh toraidh d’ollamhnaibh.

dan deoin gan éinfhear d’oba,

a threoir fhéineadh n-ánroda.


46 A mhealltóir seirce seangbhan,

a dhraig as cian cheileabhradh,

a chongbháil na gcleas ngoile,

a sheas urláir iorghoile.


47 Cairt ’ga féile ar fagháil gill

Mairghréag óg inghean Fhéilim,

doighir do dhoinnfhiodh ó nAirt

coinneall an oinigh d’adhaint.


48 Cur a clú rug do roghain

pailm chubhra chlann gConchobhair

ciabh chloidheach dan cóir moladh

soidheach óir na n-ollamhan. Leannáin.