Poem in printable PDF format
Leannán gráidh
chliar an chruine
[Carney, James:
Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 2]
Acephalous
1 Leannán gráidh
chliar an chruine
gontar ar áth
n-iorghaile,
thuilg sa chruine
mar do chuir,
na huird uile fa
énghuin.
2 Fan ghuin-sin
oighre Aodha
gontur ríoghna
rochaomha
[damhna guil dúnn
agus dí]
a bhfuil go rún a
Róise.
3 Guin Filib do
mhothaigh mé,
gé mó do
mhearaigh Róise;
guais leam
cneasghuin a chinidh,
easbhaidh ar gach
éinfhilidh.
4 Guin ó
fhoghlaidh ina ucht
do ghon inghean
Chon Chonnucht:
re leigheas di ar
fhear da fhuil,
ní cneadh í mur
gach énghuin.