Poem in printable PDF format
Leasaighthear
libh léine an ríogh
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 3]
A Seaán Ó
Clumháin cct
1 Leasaighthear
libh léine an ríogh,
a bhantracht as
bhuan imshníomh,
léine fana cóir
cumha
ón dóigh Éire i
n-aontumha.
2 Leasaighthear
libh ar leas cháich
sguird gheal an
ghréasa neamhghnáith;
ní fréamh dar
gcumhuidh cheileas,
léan nach cumhuin
chuimhnigheas.
3 Léine ríogh
rátha Meadhbha
ag dúsacht mo
dhoimheanma
- fa maith roimhe
ar n-ádh orchra -
is crádh croidhe
an comhartha.
4 Ná bíodh aguibh
ar mh’aghaidh
léine chaol Í
Chonchabhair;
sódh céille do
chlaochládh d’fhior
léine mhaothbhán
an mhíliodh.
5 Fa chumhuidh
ríogh rátha Breagh
ní rigthí a leas
ar laoidheadh;
is saoth ler
gcroidhibh cheana
laoch Oiligh, a
ingheana.
6 An léine ag
brosdadh ar mbróin
tuilleadh le
toirse romhóir;
níor chiall
bheith ag ar mbrosdadh
eich nar iarr a
n-eachlosgadh.
7 I gcruth
ghabhála Gaoidheal
- le chéile ós dá
gcomhmaoidheamh -
do bhí an
truaillse a-tá folamh
an lá fuairse a
folmhoghadh.
8 Do tairngreadh
- truagh an fhís -
do mhnáibh Banbha
go mbeidís
mun léinigh líon
a thionóil
síol Éibhir is
Éiriomhóin.
9 Mairg do
fuirgheadh re a féaghain
fachain toirse a
thaisbéanaidh :
“budh orchra re
lá an léine,
a mhná Tolcha
Toirléime.”
10 Goin an taoibh
dar thruaill ise
biaidh ar cuimhne
im chroidheise;
an léine ní lé as
cumhuin
gur bh’é a céile
Ó Conchubhuir.
11 Clanna Míleadh
gan mheanmuin
d’éis mharbhtha
mhic Thoirrdhealbhuigh;
léine ní líontar
dá dhul
d’fhéile ó
íochtar go huachtur.
12 Dursan gan a
dháil aige
rí forbhfhaoilidh
Fánaide
an mhaoithléine
chaol do chur
um thaobh
gcaomhchéile Cruachun.
13 Dursan leam, a
léine an ríogh,
acht gér
bh’iomdha ar Aodh eissíodh
do bhí re hucht a
fhoghla
an rí gan lucht
leanomhna.
14 Fuair an dream
- gár dhoilghe a fhios -
brath ar a bheith
i n-uaignios
bró mallbhan
ngeal agus ngiall
um fhear nAlmhan
ar oirshliabh.
15 Ní grádh óil,
ní himshníomh creach
tug a fhagháil go
huaigneach;
do bhí re headh i
n-othar
rí Breagh ar n-a
bhaoghlochadh.
16 Uaigneas
ainmheinic fhir Bhreagh
freagraid lucht
[iomtha] an fhéinneadh;
fuair an dream
nar fhéagh d’fholuidh
séan i gceann Í
Chonchobhuir.
17 Eagruid tre
fheabhas a ghníomh
um theach othuir
an airdríogh
ar thuill mun
mbruighin mbaoghluigh
don druing
fhuiligh iolfhaobhruigh.
18 Is é [tráth]
a-tá i leabhruibh
do mhosgail mac
Toirrdhealbhuigh
is cearcall
theineadh mun dteach
’n-a sgeimheal
leathtrom luaimneach.
19 Smuainis gan
cách do chabhair
nochtais colg Í
Chonchabhair,
léigthear suas
beoil na bruighne
fa dheoigh re
chruas comhuirle.
20 Réidhighthear
leis dá leaghaibh
dá ógmhnáibh dá
fhileadhaibh
an chéidshlighe
ón múr a-mach
an géigbhile úr
uallach.
21 An dara raon
do réidhigh
rí Cruachan an
caithfhéinnidh
tres an bhfóir
neimhnigh námhad
dá bhróin
gheimhligh ghiallbhrághad.
22 An treas uair
ar n-éirghe a-mach
smuainis a choin
i gcumhgach
do bhuain iall
gcaol dá chonuibh
do thriall Aodh
an athchonuir.
23 Le a mheince
ráinig reampa
’n-a sduaigh
dhíomsuigh dhíleannta
níor lean éinfear
dá aithle
fear na léine
leasaighthe.
24 Ní cian
do-chuaidh le a ghonaibh;
fearais crú Í
Chonchobhair;
gur léig soin re
criaidh a chneas
a ghoin na
dhiaidh níor dhíleas. Leas.
25 Tugas leam i
Leith Mogha
a sgín i ndiaidh
Dhonnchodha
an aisgidh is mé
dá mheas
a faigsin is é
mh’aimhleas. Leasaightear